Beidh cás as Gaeilge os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg inniu.
Seo an chéad uair ó rinneadh ball den AE d’Éirinn i 1973 gur phléigh an chúirt le cás i nGaeilge.
Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis sa tír seo.
Cinneadh san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath mí Iúil 2019 go bhfuil dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar go gceadaítear Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.
Cinneadh san Ard-Chúirt ag deireadh na bliana 2019 ceist a d’eascair as cás Mhic Fhlannchadha, a chur faoi bhráid na cúirte i Lucsamburg.
Soiléiriú a theastaigh ón mBreitheamh Ard-Chúirte Úna Ní Raifeartaigh maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha.
Is í an cheist ná an bhfuil sé de rogha ag cúirt i mballstát de chuid an AE diúltú faoiseamh a cheadú i gcás faoi chearta a bhaineann le dlí na hEorpa.
Is é a tharlóidh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg ná go gcuirfidh abhcóide ginearálta de chuid na cúirte réamhthuairim faoi bhráid cúigear breithiúna faoi céard ba cheart a dhéanamh sa chás.
Is iondúil go nglacann na breithiúna le réamhthuairim an abhcóide ginearálta. Michal Bobek, as Poblacht na Seice, a chuirfidh a thuairim faoin gcás faoi bhráid na mbreithiúna; Jean-Claude Bonichot na Fraince; Lars Bay Larsen na Danmhairge; Marek Safjan na Polainne; Niilo Jääskinen na Fionlainne; agus Camelia Toader na hUngáire.
Is é seo an chéad chéim sa phróiseas agus d’fhéadfadh go mbeadh tamall maith ann sula leanfaí leis an gcás féin.
Fuair Peadar Mac Fhlannchadha dearbhú na hArd-Chúirte in Éirinn nach raibh a dhualgas faoin treoir Eorpach á chomhlíonadh ag an Stát go fóill.
Fuair sé an dearbhú sin nuair a chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh nár tugadh feidhm cheart don dlí Eorpach sa chás seo.
An treoir Eorpach (2001/82/EC) a bhaineann le táirgí leighis d’ainmhithe a bhí i gceist.
Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina bhfuil na táirgí á ndíol.
Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go mb’fhéidir nárbh fhiú tosú anois ar an bpacáistiú a dhéanamh dátheangach ó tharla go mbeidh treoir nua faoin ábhar á tabhairt isteach ag an AE in 2022.
Bhí ceist ann an faoin gcúirt a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoin méid sin, a dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh.
In 2022, tabharfaidh treoir nua tuilleadh saoirse do bhallstáit an Aontais maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.
Is í an cheist atá os comhair na Cúirte Breithiúnais Eorpaí ná cad is ceart a dhéanamh idir an dá linn.
Donncha Ó hÉallaithe
I gcead dhuit, a Pheadair, is dearg seafóid atá ar bun agat, im thuairimse. Ag iarraidh ar Cúirt na hEorpa rialú a dhéanamh go gcaithfidh lipéidí i nGaeilge a bheith ar tháirgí leighis do ainmnhithe sa tír seo?!?
Éamonn Ó Gribín
Sa cháipéis ‘Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí’ tá cur síos ar na 12 Prionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí. Deir an 10ú Prionsabal an méid seo a leanas;
‘Seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach
agus custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil sé de cheart acu plé a
dhéanamh leo trí cheann amháin nó ceann eile de na teangacha oifigiúla’ (Tagairt:https://www.gov.ie/ga/eolas-eagraiochtai/b1ea19-none/ )
Dhealródh sé ón méid atá le rá ag Ó hÉallaithe nach n-aontaíonn sé gurb’ í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil, agus go bhfuil sé de phribhléid ag an saoránach éileamh go mbainfí feidhm aisti nuair a bhíonn gnóthaí oifigiúla le riaradh san Stát.
(Tagairt:An Stát (Mac Fhearraigh) v. Mac Gamhna (1983) T.É.T.S 29 )
Mac an Mheiriceánaigh
Caithfidh gurbh í Éire a thug isteach an chuid sin maidir lena bheith roghnaíoch as 2022 amach. Ní bheadh aon tír eile ag iarraidh diúltú do theanga oifigiúil dá cuid ar an gcaoi sin.
Donncha Ó hÉallaithe
Fairíor, Éamonn, nach í an Ghaeilge ‘an teanga náisiúnta agus an príomhtheanga oifigiúil’ ach i mbealach siombalach agus teoiriciúil. Triáil úsáid a bhaint as an nGaeilge leis an gcuid is mó den státchóras agus geobhaidh tú amach an scioptha cén stádas atá ag an teanga go hoifigiúil.
Maidir leis an scéal áirithe seo níl sa gcás dlí a tógadh, im thuairimse, ach sampla eile de chancarántacht lucht na Gaeilge, a tharraingíonn droch-cháil ar an dteanga agus pobal a labhartha.
Níl a fhios agam faoi Éamonn ach nílimse ag iarraidh lipéidí ar tháirgí leighis dom féin ná do mo chuid ainmhithe a bheith i nGaeilge, mar le fírinne a rá bheadh orm brath ar an mBéarla le ciall a bhaint as na lipéidí.
Donncha Eile
Nach é seo an fear céanna, ar son Conradh na Gaeilge, a thacaigh le iarratas pleanála Údarás na Gaeltachta don Pháirc Mara a bhí go hiomlán i mBéarla? Seafóid.