Cas air an ‘Budget’, tá sé in am don Melbourne Cup

D’éirigh ár gcolúnaí in uair mharbh na hoíche don ‘Race that Stops the Nation’

Cas air an ‘Budget’, tá sé in am don Melbourne Cup

Americain, buaiteoir an Melbourne Cup in 2010. Pic: INPHO/Getty Images

Tá sé scaitheamh maith anois ó d’éirigh mé in uair mharbh na hoíche le dhul ag breathnú ar rud éicint ar an teilifís mar a rinne mé maidin Dé Máirt seo caite. Féachaint a thabhairt ar an Melbourne Cup, an rás capaill is cáiliúla san Astráil agus atá á rith ó 1861 a chuir as an leaba mé.  

‘The Race that Stops the Nation’ a thugtar ansiúd air. Ní móide go sáitear an spád i dtalamh i ‘Tangmalangmaloo’, má tá a leithéid d’áit ann beag ná mór, ach maithfidh muid beagán áibhéile dóibh. Is cinnte le 150 bliain gur lá saoire i Stát Victoria é an Máirt is túisce de Shamhain.  

Tá scéal rásaíochta ag baint le ‘Tangmalangmaloo’ freisin, ach fágfaidh mé fút féin é sin a aimsiú 

Bíonn os cionn 80,000 duine i láthair ar Pháirc na Rásaí i Flemington i dtuaisceart na cathrach i Melbourne ag 3.pm an lá a ritear an rás mór ann. Deireadh an earraigh atá acu ansiúd faoi láthair, é suas le 30 céim ann nuair a chas mise ar an teilifís agus é chomh dubh le pic ag 4am i gConamara. 

Dhá chapall de chuid Willie Mullins a bheith ag rith sa rás ba mhó a chuir as an leaba mé – Vauban 9/4 Rogha na Coitiantachta agus Absurde a raibh airgead go leor curtha air sna huaireanta an chloig sular thosaigh an iomaíocht. 

Séard a chuir an faitíos ar na geallghlacadóirí gur bhuaigh Vauban rása mór 1¾m in Ascot faoi Mheitheamh seo caite agus é 7 bhfad chun cinn ar Absurde. Tá an Melbourne Cup beagáinín níos faide ná sin, ach bhí 5½kg níos lú meáchain le n-iompar aige. 

Ar an gcasadh deiridh ba chosúil Vauban a bheith ar a chompord agus é tarraingthe amach ón ráille ag a mharcach Ryan Moore, ach chuaigh an capall i léig agus bhí suas le leath na n-iomaitheoirí eile bailithe thairis nuair a thrasnaigh sé an líne. B’fhearr i bhfad a rinne Absurde a chríochnaigh sa seachtú háit i rás a bhuaigh Without a Fight capall a thraenálann Sam Freedman agus a athair Anthony i Flemington féin. 

Má cheapann tú go mbaineann cúlra na rásaíochta le teaghlaigh mhóra rásaíochta na tíre seo, Brianaigh, Maolánaigh, Breathnaigh agus a leithéidí, ní choinneodh siad coinneal le muintir Freedman. 

Cúig huaire atá an rása buaite roimhe seo ag capaill a thraenáil Lee Freedman – deartháir le Anthony agus bhí uncail leo Bill ‘Midge’ McLachlan ar an gcéad mharcach a bhuaigh an rása 3 uaire (1909, 1910 & 1917).  

Níl aon dabht ach go raibh díomá ar Willie Mullins, ar úinéirí na gcapall agus ar chuile dhuine a bhfuil baint acu leo leis an gcaoi ar rith Vauban agus Absurde i Melbourne Cup na bliana seo. 

Glenn Boss ag ceiliúradh tar éis dó an Melbourne Cup a bhuachan ar Makybe Diva in 2005. Pic: INPHO/Getty Images

Bheadh costas mór ag baint le hiompar na gcapall chun na hAstráile.  

Ar an gcaoi chéanna ina n-íocann an duine praghsanna difriúla ar shuíocháin i bpáirteanna éagsúla d’eitleán, is amhlaidh cás ag na capaill agus aerchomhlachtaí ar leith ag plé lena gcuid taistil siúd. Ní gá a rá go mbraitheann a mbíonn le n-íoc ar fhad an aistir. 

Sa ngrád is saoire roinneann an capall stalla le dhá chapall eile. Sa ‘nGrád Gnó’ ní bhíonn leis ach aon chapall amháin agus sa ‘gCéad Ghrád’ bíonn siad leo féin. 

Sula dtugtar faoi aistear ní mór an capall a bheith coinnithe amach ó ainmhithe eile ar feadh 30 lá ar meán agus lear mór tástálacha a bheith déanta ag tréidlianna air. 

Nuair a bhaintear an t-aerfort amach bíonn cúig uaire eile astu féin i gceist mar aon le tuilleadh tástálacha sa gcaoi go mbeidh sé suaimhnithe nuair a chuirtear sa stalla é. Ardaítear é siúd ansin le hinneall, isteach i mbolg an eitleáin áit a mboltáiltear an stalla mór miotail den urlár. 

Bíonn giollaí stábla a bhfuil oiliúint faoi leith orthu i gcúrsaí taistil ag tionlacann na gcapall feadh an bhealaigh. I gcásanna faoi leith ceadaítear do ghrúmaí agus d’úinéirí na gcapall féin a bheith ina dteannta. 

Agus ceann cúrsa sroichte, sula dtugtar an t-each chuig an stábla ina bhfanfaidh sé go dtiocfaidh lá an rása, tharlódh go mbeadh tuilleadh leithlise i gceist.  

Roinnt blianta ó shin tar éis do Lines of Battle a bhí á thraenáil ag Aidan O’Brien Derby na nÉimíríochtaí a bhuachan, socraíodh é a chur san iomaíocht sa Kentucky Derby. 

Ar eitleán príobháideach a tugadh as Aerfort na Sionainne go Chicago é agus as sin thaistil sé go Churchill Downs i Louisville. Sa seachtú háit a chríochnaigh an capall i gceann de na rásaí is cáiliúla dá bhfuil ann.  

Idir eitleán, iontráil ($50,000) agus na costais ar fad eile atá luaite agam, meastar gur chaith na húinéirí (Michael Tabor, Derrick Smith, Mrs John Magnier agus Joseph Allen) suas le $¼ milliún.  

Cé gur faide go mór an t-aistear go Melbourne ní móide gur bhain mórán lena cheathrú cuid sin leis an taisteal a rinne Vauban agus Absurde. Fuair seisean €97,000 as an seachtú háit, rud a d’fhág nach mba thuras in aisce dó é. 

Ag díriú aniar as mo chathaoir bhog an mhaidin faoi dheireadh, chuimhnigh mé ar sheanbhean as mo pharóiste atá ar Shlí na Fírinne le fada an lá anois, beannacht Dé léi. 

Bhí sí amach sna blianta nuair a tháinig an chéad teilifíseán isteach sa teach. Ba bheag aird a thugtaí ar an mbosca san áras céanna a mba daoine treallúsacha, tíobhasacha a bhí ina gcónaí ann. Ba i nuacht an cheantair amháin a bhí suim acu agus níor mhiste leo mura bhfeicfeadh siad Dallas, QuicksilverGlenroe ó cheann ceann na bliana. 

Dá bharr sin, ba mhinice ná a chéile brat a bheith anuas ar an ngloine agus pictiúir nó cóip de Old Moore’s Almanac ar bharr na teilifíse. 

Bhíodh Lá na Cáinaisnéise ar cheann den bheagán laethanta a gcuirfí ar siúl é. B’in an lá a d’inseodh an raibh aon scilling le cur leis an bpinsean, aon phingin le cur ar an bpionta nó méadú le bheith ar chostas cheadúnais an ghadhair. 

Dá bharr sin níor thug seanbhean an tí ariamh ar an teilifís ach ‘An Budget…’ 

‘Cas as an diabhal de ‘Bhudget’ sin,’ a deireadh sí. Nó ‘Mo ghéardhiomua don Bhudget, tá mé bodhraithe aige.’ 

Ag 4.15am Dé Máirt seo caite mhúch mise an ‘Budget’ s’againn féin agus sula raibh an diallait bainte de na capaill i Flemington, bhí mé ag srannadh arís. 

Fág freagra ar 'Cas air an ‘Budget’, tá sé in am don Melbourne Cup'