Carnabhal sa Bhrasaíl – saoire ón ngnáthshaol…

Fad is atá an chuid eile den domhan faoi gheasa ag an víreas zika, ag géarchéim na dteifeach, ag bagairt na sceimhlitheoireachta nó ag toghchán éigin, tá an gnáthshaol ar ceal sa Bhrasaíl, a scríobhann ár gcolúnaí

 

Lucht scléipe ag filleadh abhaile ón gCarnabhal i gcathair Rio de Janeiro
Lucht scléipe ag filleadh abhaile ón gCarnabhal i gcathair Rio de Janeiro

Agus tú á léamh seo, tá sult á bhaint as nóiméid dheireanacha an Charnabhail ag an lucht scléipe sa Bhrasaíl; ar chúis éigin ní thagann deireadh leis an ragairne sa tír sin, agus ní thosaíonn an carghas, go dtí meán lae Dé Céadaoin an Luaithrigh. Ach tá na scórtha míle glantóirí sráide ag obair go dian i measc na meisceoirí cheana féin; is gearr go mbeidh gach rud mar is gnách.

Agus na focail seo á scríobh, áfach, tá an Carnabhal fós faoi lán seoil. Agus ní fhéadfainn scríobh faoi ábhar ar bith ach é toisc nach mbíonn ar aigne mhuintir na Brasaíle, le linn an Charnabhail, ach é.

Tá an gnáthshaol ar ceal.

Le nach mór seachtain anuas, níl aon nuacht ann nach mbaineann le paráideanna na scoileanna samba i São Paulo agus i Rio de Janeiro nó leis an bhféile sráide is mó ar domhan a ghlacann seilbh ar lár na cathrach mar a bhfuil cónaí orm féin, Salvador, ar feadh seachtaine.
Fad is a bhíonn draíocht an Charnabhail – na feistis áille, an ceol spreagúil, an drúis fhollasach – á beochraoladh ceithre huaire an chloig is fichead in aghaidh an lae ar gach cainéal teilifíse agus ar gach suíomh nuachta sa tír, ní ann don ghéarchéim eacnamaíochta, ní ann don ghalar zika, ní ann do na scanaill pholaitíochta. Ní ann don chogadh sa tSiria, don toghchán uachtaránachta sna Stáit Aontaithe, ná do thástálacha núicléacha na Coiré Thuaidh ach an oiread. Ní ann d’athrú aeráide, ní ann do theifigh, ní ann do sceimhlitheoirí.

Dóibh siúd a ghlacann páirt ghníomhach sa scléip, ní ann d’aon rud ach do cholainn an duine is gaire dóibh. Póg ar bhéal strainséara, fáisceadh cíche, máis nó magairlí: tá gach rud ar fáil agus fáilte.

Dóibh siúd nach dtaobhaíonn an ragairne – mé féin ina measc – ní ann d’aon rud ach suaimhneas agus síocháin, sos seachtaine ón saol toisc go mbíonn an saol ina stad.

Agus a mbíonn de dhrochnuacht ann ar na saolta seo, is mór an feall nach dtarlaíonn Carnabhal ach uair amháin sa bhliain.

Fág freagra ar 'Carnabhal sa Bhrasaíl – saoire ón ngnáthshaol…'

  • Séamas Mac Coitir

    Bhaineas an-taitneamh agus sult as a bheith ag léamh na dtuairiscí éagsúla ó na colúnaithe go léir. Tugadh an-léargas ar ghnáth imeachtaí an lae, chomh maith le cluanaireacht, aisiléireacht agus geallúintí áiféiseacha na bpolaiteoirí gan lá rúin dá laghad acu iad a chur i gcrích! Níl amhras ar bith orm go bhfaighimid an rialtas atá dlite dúinn tar éis an Olltoghcháin. Mar sin, tá sé de dhualgas orainn a dhul amach agus ár gcuid vótaí a chaitheamh gan fuacht gan faitíos! Níl aon mhaith a bheith ag fuasaoid ná ag cneáimhseáil mura ndéanaimid an beart sin a chomhlíonadh!