‘Campas Íosagáin’ le hathoscailt mar ‘mhol digiteach nua-aimseartha’ ag an Taoiseach i mBaile Bhuirne inniu

Táthar ag súil go gcruthófar suas le 320 post san ionad nua a chosain €9.2 milliún

‘Campas Íosagáin’ le hathoscailt mar ‘mhol digiteach nua-aimseartha’ ag an Taoiseach i mBaile Bhuirne inniu

Tá Coláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí le hathoscailt go hoifigiúil inniu mar “mhol digiteach nua-aimseartha”. Is é an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gaeltachta Dara Calleary a osclóidh ‘Campas Íosagáin’ go hoifigiúil tráthnóna.

€9.2 milliún a chosain an athfhorbairt ar an tseanscoil i gcroílár Ghaeltacht Chorcaí, athfhorbairt atá tar éis an “foirgneamh stairiúil a athrú ó bhonn”.

“Feidhmeoidh Campas Íosagáin mar ionad nuálaíochta den chéad scoth i gcroílár Ghaeltacht Mhúscraí. Cuirfidh an mol seo tacaíocht chuimsitheach ar fáil do raon leathan úsáideoirí – ó fhiontraithe áitiúla go hoibrithe cianda agus cuideachtaí ilnáisiúnta,” a dúradh i ráiteas ó Údarás na Gaeltachta.

Tá an t-ionad nua “feistithe leis an teicneolaíocht is nua-aimseartha” agus “bonneagar gnó den scoth” agus beidh sé ina “áis luachmhar do ghnólachtaí ag gach céim”.

Rinneadh “athchóiriú cuimsitheach” ar an seanfhoirgneamh a bhí ann le fada agus rinneadh “forbairt nua” a nascadh leis an mbunstruchtúr sin. Dúradh go raibh “caomhnú na ngnéithe stairiúla” de Choláiste Íosagáin ina phríomhthosaíocht agus an obair ar bun lena chinntiú go gcoimeádfaí “oidhreacht chultúrtha” na láithreach.

Deir Údarás na Gaeltachta go gcruthófar 320 post san ionad nua agus go dtabharfaidh sé “spreagadh mór” don gheilleagar áitiúil i Múscraí. Táthar ag súil go meallfaidh Campas Íosagáin “deiseanna gnó agus tionscnaimh nua” chuig an gceantar sna blianta atá amach romhainn.

Deirtear go mbeifear ag tacú le “breis is 45 ghnólacht” san ionad sna blianta tosaigh agus go bhfuil “céimeanna forbartha breise” le teacht amach anseo trína gcruthófar tuilleadh post.

“Is céim thábhachtach chun cinn é athrú Choláiste Íosagáin go Campas Íosagáin i bhforbairt na Gaeltachta.  Ní hamháin go gcothaíonn an togra seo ár n-oidhreacht luachmhar, ach cuireann sé borradh faoi gheilleagar nua-aimseartha i gcroílár na tuaithe.

“Trí áis a chruthú ina mbeidh an nua agus an sean ag teacht le chéile, beimid ag cinntiú go mbeidh borradh agus beatha i bpobail na Gaeltachta sna blianta amach romhainn,” a dúirt Siobhán Ní Ghadhra, cathaoirleach Údarás na Gaeltachta.

Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, gur “céim chinniúnach” é athfhorbairt Choláiste Íosagáin agus go gcuirfidh an t-ionad nua “borradh” faoin bhfostaíocht agus go gcruthóidh sé “deiseanna spreagúla” do chéimithe tríú leibhéal.

“Cuirfidh Campas Íosagáin dlús le cúrsaí taighde agus forbartha, ag tógáil ar bhuanna an réigiúin – go háirithe in earnáil an bhia agus na gcomhábhar i mBaile Bhuirne agus i gCorcaigh trí chéile.

“Chomh maith leis sin, tapófar deiseanna nua náisiúnta cosúil le forbairt AI na hArd-Intleachta don Ghaeilge do sheirbhísí poiblí. Nuair a bheidh an campas faoi lán seoil, meastar go mbeidh suas le 320 post á gcur ar fáil i ngnólachtaí agus i bhfiontair faoi choimirce an Údaráis,” a dúirt Ó Síocháin.

Bunaíodh Coláiste Íosagáin mar choláiste ullmhúcháin sa bhliain 1940 agus ainmníodh an scoil as saothar cáiliúil Phádraig Mhic Phiarais.

Is mó forbairt agus togra a bhí luaite leis an bhfoirgneamh ó dúnadh an coláiste i 1989 agus fógraíodh i dtús na mílaoise go raibh €1.5 milliún curtha ar fáil chun é a fhorbairt mar lárionad oideachais lán-Ghaeilge. Dúirt an t-aire oideachais Michael Woods ag an am go mbeadh forbairt an ionaid oideachais “ar cheann de na forbairtí ba shuntasaí i stair an oideachais Ghaeilge” ach caitheadh an plean i dtraipisí.

Gealladh arís i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, a foilsíodh in 2010, go ndéanfaí lárionad oideachais den fhoirgneamh, ach dála na bpleananna eile go léir níor cuireadh an plean sin i gcrích ach oiread.

Baineadh leas as Coláiste Íosagáin don scannán Song for a Raggy Boy.

Cheannaigh Údarás na Gaeltachta an suíomh 2.5 acra in 2002.

Fág freagra ar '‘Campas Íosagáin’ le hathoscailt mar ‘mhol digiteach nua-aimseartha’ ag an Taoiseach i mBaile Bhuirne inniu'