Campa lán-Ghaeilge CLG le reáchtáil i gcathair Chorcaí

Cuirfear CLG Chorcaí tús leis an chéad campa samhraidh Ghaeilge sa chontae an samhraidh seo ar pháirc chumann na Carraige Duibhe

Leinster Hurling Championship 10/6/2007 General view of hurleys and helmets Mandatory Credit ©INPHO/Tom Honan

Reachtálfarcampa iomána agus camógaíochta i gcathair Chorcaí an samhradh seo a bheidh go hiomlán trí mheán na Gaeilge is é seo an chéad uair riamh i gCorcaigh a leithéid de champa CLG a bheith ar siúl i nGaeilge.

Beidh an campa ann mar thoradh ar chomhpháirtíocht idir Cumann Lúthchleas Ghael Chorcaí agus an eagraíocht forbartha teanga, Gael-Taca.

Is ar pháirc Chumann Iomána na Carraige Duibhe i ndeisceart na cathrach a bheidh an campa ar súil idir an Luan, 6 Iúil, agus an Aoine, 10 Iúil, iad ag maireadh ón 10r.n. go dtí an 2.30i.n.

scileanna iomána nó camógaíochta amháin a bheidh á múineadh, áfach; beidh an cultúr agus an teanga mar chuid lárnach den champa seachtaine. Tá 40 nóiméad curtha ar leataobh gach lá do mhúineadh labhairt na teanga, na hamhránaíochtaa agus stair CLG.

Beidh fáilte roimh chailíní agus buachaillí idir 13 agus 15 bliain d’aois freastal ar an gcampa. Beidh táille €60 le n-íoc acu siúd atá ag iarraidh freastal ar an gcampa ach tá t-léine san áireamh sa chostas sin.

Níl ach líon teoranta áiteanna sa champa Gaeilge agus caithfear na hiarratais a bheith istigh roimh mheán lae ar an gCéadaoin, an 24 Meitheamh.

an fhoirm iarratais le fáil anseo nó ó rúnaithe na gcumann áitiúil. Chun áit a chur in áirithe, caithfear an fhoirm a líonadh amach agus éarlais €30 a thabhairt don rúnaí, a chuirfidh ar aghaidh chuig Bord an Chontae í.

éiríonn go maith leis an gcampa i mbliana, meastar go gcuirfear campa peile ar fáil trí Ghaeilge an bhliain seo chugainn.