Caithimis uainn an aistriúcháinis Ghaeilge agus bímis ag caint lena chéile go nádúrtha…

Cuireadh ó Roinn na Gaeltachta a chuir ár gcolúnaí ag machnamh ar an gcúis go mbíonn doicheall ar Ghaeilgeoirí líofa aon cháipéis oifigiúil i nGaeilge a léamh

Caithimis uainn an aistriúcháinis Ghaeilge agus bímis ag caint lena chéile go nádúrtha…

Tháinig scéala chuig Tuairisc.ie ó Roinn na Gaeltachta inné.

Is cosúil go mbeidh ábhar fíorspéisiúil á phlé ag comhdháil in Inis Mór an tseachtain seo chugainn agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tabhairt cuireadh do dhaoine agus d’eagraíochtaí ar spéis leo cúrsaí feirmeoireachta agus caomhnaithe ionadaí a chur ann.

Deirim gur cosúil gur ábhar fíorspéisiúil atá ann mar an té a bheadh i dtaobh leis an leagan Gaeilge den chuireadh seo ba dheacair dó meabhair a bhaint as an bhféasta a bheadh roimhe in Árainn.

Léiriú cruthanta atá sa leagan Gaeilge den chuireadh ar an gcúis go mbíonn doicheall ar Ghaeilgeoirí líofa aon cháipéis i nGaeilge a léamh agus gur túisce a thabharfaidís faoin leagan Béarla.

Léiríonn sé chomh maith go bhfuil sé thar am ag eagrais agus ranna cáipéisí a scríobh i nGaeilge ar dtús in áit a bheith i gcónaí ag cur Gaeilge dhothuigthe mhínádúrtha ar Bhéarla.

Agus ní eisceacht atá anseo. Faigheann Tuairisc.ie go leor comhfhreagrais ó ranna stáit agus eagraíochtaí eile, eagraíochtaí Gaeilge ina measc, a bhíonn chomh crochta mínádúrtha céanna.

Ach féachaimis ar an gceann seo ó Roinn na Gaeltachta féin.

‘Mionsonróidh comhdháil…’ an tús atá leis.

Pé draíocht a bhaineann le comhdháil i mBéarla, dá fheabhas í ní acmhainn di i nGaeilge aon rud a mhionsonrú dúinn.

Ansin castar orainn an ‘clár ilfheirmeora’ cíbe cén sórt boc é an t-ilfheirmeoir.

Ar ‘thalamh ardluacha’ atá an boc céanna ag obair. An amhlaidh go bhfuil praghas maith le fáil ar an talamh seo seachas gur fiú go leor é ó thaobh an saibhreas atá ag baint leis an dúlra san áit?

Agus cén brabach atá ar ‘a d’ionchorpraigh’ nuair a dhéanfadh ‘a bhí mar chuid de’ an gnó níos nádúrtha agus níos soiléire.

Nó céard faoi ‘beidh cuairteanna ina gcuid den chomhdháil’ seachas ‘Cuimseoidh an chomhdháil cuairteanna’?

Nó ‘rachaidh an taighde chun tairbhe do Theagasc’ in áit ‘Tairbhí comhlachtaithe é Teagasc’.

Is é aidhm gach píosa cainte nó scríofa cumarsáid a dhéanamh le duine eile. An fiú am agus allas agus airgead a chaitheamh ag scríobh rud nach féidir a thuiscint gan an leagan Béarla a bheith le d’ais?

Ní ábhair chasta iad caomhnú timpeallachta ná cuirí. Ba cheart do réim na teanga a bheith nádúrtha, sothuigthe agus feiliúnach.  Caithimis uainn an aistriúcháinis agus tosaímis ag cumarsáid.

Seo thíos cuireadh na Roinne i mBéarla, in aistriúcháinis agus i nGaeilge.

Is uaimse an cuireadh i nGaeilge. Ní call d’fheilméara nó d’aon duine eile glacadh leis!


            An t-aistriúchán Gaeilge ón Roinn


An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Dé Céadaoin 5 Meán Fómhair 2018

Mionsonróidh an chomhdháil seo cur chuige AranLIFE le linn clár ilfheirmeora a chur i bhfeidhm i limistéar talún feirme ardluacha a treoraíodh go háitiúil agus a d’ionchorpraigh eilimint bunaithe ar thorthaí. Tabharfaidh foireann an tionscadail achoimre ar na hoibreacha agus na torthaí ar fad a críochnaíodh, agus cuimseoidh an chomhdháil cuairteanna ar láithreáin ar fud Inis Mór.

Áireofar sa dara lá den chomhdháil plé ar bheartas sa todhchaí, agus conas a d’fhéadfaí torthaí AranLIFE a ionchorprú i mbeartas sa todhchaí i réimsí Ard-Luacha Dúlra den saghas céanna. Díol spéise an chomhdháil d’aon eagraíochtaí/daoine aonair atá ag obair i dtalamh feirme leathnádúrtha, agus grúpaí atá chun a gclár féin faoi stiúir áitiúil a fhorbairt.

Is tionscadal taispeántais é AranLIFE atá ag feidhmiú ar na trí Oileán Árann idir 2014-2018, arna chómhaoiniú faoi chlár AE LIFE Nature. Féachann sé leis na cleachtais bainistíochta caomhnaithe is fearr d’fheirmeoirí áitiúla a fhorbairt agus a léiriú ar láithreáin ainmnithe Natura 2000 de na trí oileán (gnáthóga faoi chosaint i gcás flóra agus fána le tábhacht Eorpach). Mar thairbhí comhlachaithe, bhí Teagasc ina pháirtí gníomhach sa tionscadal a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus airgeadais.

Tugtar cuireadh duit ionadaí leat a chur chun na hócáide.


An bunleagan Béarla ón Roinn


Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Wednesday 5 September 2018

This conference will detail the AranLIFE approach in implementing a multi-farmer programme in a high nature value farmland area which was locally led and incorporated a results based element. The project team will outline the works completed and overall findings, and the conference will include field visits to sites around Inis Mór.

The second day of the conference will include discussions on future policy, and how the findings of AranLIFE could be incorporated into future policy in similar High Nature Value areas.  The conference will be of interest to any organisations/individuals working in semi-natural farmland and groups considering developing their own local led programme.

AranLIFE is a demonstration project operating on the three Aran Islands between 2014-2018, co-funded under the EU LIFE Nature programme. It seeks to develop and demonstrate the best conservation management practices of local farmers on the designated Natura 2000 sites of the three islands (protected habitats for flora and fauna of European importance).  As associated beneficiary, Teagasc has been an active partner in the project supplying technical and financial support.

You are invited to send a representative to this event. 


Aistriúchán Gaeilge Mháire Ní Fhinneadha


Cuirfear mioneolas ar fáil ag an gcomhdháil seo faoin gcur chuige a bhíonn ag AranLife agus iad ag cur clár i bhfeidhm d’fheirmeoirí éagsúla i gceantar feirmeoireachta atá an-tábhachtach ó thaobh an dúlra de. Tionscadal é seo arbh iad muintir na háite a bhí ina bhun agus a raibh na torthaí a gheofaí ina ghné de. Tabharfaidh foireann an tionscadail eolas faoin obair atá críochnaithe agus a bhfuil foghlamtha uaithi. Tabharfar cuairteanna ar láithreacha éagsúla ar Inis Mór mar chuid den chomhdháil.

An dara lá den chomhdháil, pléifear an polasaí ab fhearr don am atá amach romhainn agus an bealach a bhféadfaí a bhfuil faighte amach de bharr tionscadal AranLife a úsáid in aon pholasaí a leagfaí amach feasta do cheantair eile dá leithéid atá tábhachtach ó thaobh an dúlra de. Comhdháil í seo a mbeadh suim inti ag aon eagraíocht/duine atá ag obair ar thalamh feirme leathnádúrtha nó ag grúpaí a mbeadh fonn orthu tabhairt faoi chlár a fhorbairt dá gceantar féin. 

Tionscadal taispeántach atá i dtionscadal AranLife a bhí ar siúl ar thrí oileán Árann idir 2014-2018 agus atá cómhaoinithe faoi chlár EU LIFE Nature. Is é atá mar aidhm aige na bealaí is fearr a fhorbairt agus a léiriú le go bhféadfadh feirmeoirí na háite an caomhnú a bhainistiú sna láithreacha Natura 2000 atá ainmnithe ar na trí oileán (gnáthóga flora agus fauna atá faoi chosaint agus a bhfuil tábhacht Eorpach leo). Bhí páirt ghníomhach sa tionscadal seo ag Teagasc, a bhainfidh tairbhe as an obair seo agus a thug tacaíocht theicniúil agus airgid dó.

Tugtar cuireadh duit ionadaí a chur chuig an gcomhdháil seo.

Fág freagra ar 'Caithimis uainn an aistriúcháinis Ghaeilge agus bímis ag caint lena chéile go nádúrtha…'

  • Lillis Ó Laoire

    Tá go leor aistritheoirí maithe ar fáil a chuirfeadh a leithéid chéanna ar fáil is atá déanta ag an gcolúnaí. Ach níl aon dualgas ar na Ranna iad a úsáid. Agus beidh an t-aistriúcháinis i réim nó go ndéantar rialáil de chineál éigin air sin.

  • Pádraig

    Ba dheacair dom féin aon chiall a bhaint as an leagan ‘aistriúcháinise’ freisin. Aistriúchán díreach focal ar fhocal ar an mBéarla atá ann. Cuireann sé alltacht orm go dtagann a leithéid ó Roinn na Gaeltachta. Tá galar na haistriúcháinise ar go leor aistritheoirí Gaeilge faraor a bhíonn ag cur Gaeilge ar na focail seachas ar an mbrí. D’fhéadfaidís go leor a fhoghlaim ó Mháire.

  • Tony Pratschke

    Aontaím go huile is go hiomlán le @Lillis Ó Laoire. Ach tá fadhb eile ann le réiteach comh maith. De thoradh ar bheartais déine, tá gníomhaireachtaí aistriúcháin sa tSín agus san Ind á úsáid anois ag na Rannaí Stáit. Roinnt míosa ó shoin d’iarradh orm léirmheas agus eagarthóireacht a dhéanamh ar chaipéis 50,000 focal. De réir dealraimh do bhain an t-aistritheoir úsáid as Google Translate. Do chuir mé in iúl don ghníomhaireacht i gceist go dtiocfaidh sé liom gan dua aistriúchán a dhéanamh ó thús in ionad eagarthóireacht a dhéanamh air! Agus sin mar a tharla.

  • Seán Mag Leannáin

    Rinne do cholúnaí jeab maith. Tá a leagan siúd níos soiléire ná an bunleagan Béarla féin. Meamraiméis cheart atá sa bhunleagan!

  • Magaoidh

    Cuid den fhadhb ná go bhfuil caighdeán an Bhéarla scríofa go dona sa bhuncháipéis Bhéarla. Tá “locally led” in abairt amháin agus an leagan “local led” frása míshoiléir atá contráilte ó thaobh na gramadaí de in abairt eile chun an coincheap”locally led” a chur in iúl . Sampla eile ná “high nature value farmland”. Ní Béarla intuigthe é na focail “nature value” ach is béarlagar inmheánach éigin iad a bhaineann le hearnáil faoi leith. Seans gur thuig an scríbneoir gur drochBhéarla atá sa leagan “high nature value farmland”agus in abairt eile rinne sé “High Nature Value areas” as an bhfrása chun údarás a thabhairt don bhéarlagar. Bíonn ar go leor aistritheoirí drochBhéarla a aistriú ar dtús go Béarla sothuigthe in naigne agus ansin go Gaeilge sothuigthe . Céard is brí le seo a leanas? “As associated beneficiary, Teagasc has been an active partner” Ní léir cén ról go baileach atá ag Teagasc, Dá mbeadh “the associated beneficiary” nó “an associated beneficiary” bheadh ról Theagaisc i bhfad níos soiléire. Fan go mbeidh ” multi-farmer programme” i nGúglais ar TG4.

  • wtf

    Ceard sa deabhal é “talamh leathnádúrtha”?

  • Feardorcha

    leathchuid cloch is leathchuid cré?

  • brian-less

    Go raibh maith agat, a Mháire, don Ghaeilge ceolmhar álainn seo san alt.
    Aontaím le Lillis, ach go dtí go mbeidh riail nua i réim tarlóidh sé seo arís agus arís eile. (Tá trua agam don aistritheoir bocht ón Roinn mar tá mo chuid Gaeilge féin lochtach go leor. Ná bí ag magadh fúm ach an bhfuil a fhios aige go bhfuil “Ó Bhéarla go Gaeilge” le hAntain Mac Lochlainn sna siopaí anois? Is leabhar iontach é. Caithfidh sé bheith orainn le hadmháil go bhfuil ceird an aistriúcháin an ceann is deacra in Éirinn – gan amhras!)