Cé go raibh an bua ag trí fhoireann i mBabhta 1 de chomórtas Sé Náisiún na bliana seo, an Iodáil ina measc, is léir don dall nach bhfuil ach dhá chapall sa rás le greim a fháil ar an gcraobh. Ní chuirfidh mé fiacail ann. D’fhág an dá fhoireann sin, An Fhrainc agus Sasana, foirne na hÉireann agus na Breataine Bige araon in áit na leathphingine i mBabhta 1.
Bhí imirt na dtrí fhoireann a chaill i mBabhta 1 chomh lag agus chomh lochtach sin gur dóigh nach leor seachtain chun an líon deacrachtaí a tháinig chun solais a cheartú. Go deimhin féin bhí lá breise ag Andy Farrell, chun an beart sin a chomhlíonadh. Arbh leor é?
Cé gur beag atá le tuairisciú, tosóidh mé le cúpla rud dearfach ón gcluiche sin i bPáras. Rinne muid go maith inár síneadh amach agus inár gclibirt féin, ach b’in é. In ainneoin ardáin mhaithe ón dá ghné fhíorthábhachtacha sin den imirt, theip orainn leas ar bith a bhaint astu.
Níor scaoil Éire urchar amháin féin nó go raibh seasca nóiméad caite sa gcluiche. Faoin am sin bhí pointe bónais ceithre úd sa mála ag na Francaigh, trí cinn acu sin aimsithe acu sa gcéad leath. Bhí cosaint na hÉireann chomh lag agus mí-eagraithe sin nárbh fiú cosaint a thabhairt uirthi agus ní raibh dé ar aon phatrún ionsaithe seachas an liathróid a chur ard sa aer ag súil go ndéanfadh cúlaithe na Fraince botún agus iad a shlánú, rud nár tharla.
In ainneoin nach raibh Éire ag fáil brabach ná buntáiste ar bith as an teaictic ciceála seo, lean siad leis le linn an chluiche ar fad. Anuas air sin, rinne paca na bhFrancach tromaíocht orainn i mbeagnach chuile chliseadh, imirt a chinntigh neart liathróide dá gcuid cúlaithe gasta.
Ní leor an focal náireach chun cur síos ar an ochtó nóiméad imeartha is measa le fada an lá ó imreoirí gairmiúla rugbaí na tíre seo. Caithfidh siad é sin a chur de leataobh anois agus díriú ar fhreasúra an lae inniu, an Iodáil.
Caithfidh Andy Farrell dul ar thóir sheansprid troda na hÉireann. Ní leor imreoirí a bheith ag rá gur mór an onóir imirt don tír. Caithfidh siad sin a léiriú sa gcoimhlint.
Is cinnte go bhfuil neart scile, taithí agus tallann i bpainéal rugbaí na hÉireann ach ní leor sin má imríonn siad gan sprid, misneach ná treoir. Tosaíonn sé ansin.
Aisteach go leor ba í an sprid, an fonn troda ar son na cúise a spreag bua na nIodálach i gcoinne na hAlban an Satharn seo caite. Caithfidh muide aithris a dhéanamh orthu.
Tá an t-ádh ar Éirinn go bhfuil buntáiste an bhaile acu inniu. Beidh an slua leo ach caithfidh an fhoireann cúis ghleo a thabhairt dóibh. Tá lá na leithscéalta caite. Rinne Farrell sé athrú ar imreoirí ón gcluiche i bPáras an tseachtain seo caite, tá go leor den tuairim nach leor sin. Feicimid linn. Tá deireadh leis an gcaint anois. Beart de réir briathar a theastaíonn.
Tráthnóna inniu cuirfidh Albain fáilte go Murrayfield roimh na Sasanaigh. Is deacair tada eile seachas bua do na cúirteoirí a shamhlú. Amárach beidh na Francaigh i gCaerdydd agus iad i gcoinne foireann an baile sin, áit a bhfuil greadadh eile in ndán do na Breatnaigh bhochta.
Fág freagra ar 'Caithfidh Farrell dul ar thóir sheansprid troda na hÉireann'