Má chuirtear an sár-rugbaí a d’imir foirne na hAlban agus na hIodáile i mBabhta 4 de chomórtas Sé Náisiún na bliana seo de leataobh, beidh neart fós le plé maidir le croí, sprid, dóchas, misneach agus féinmhuinín an dá phainéal sin agus iad ag cur foirne na Fraince agus Shasana ó dhoras.
Is fada an lá ó fuair na Francaigh, comhrogha na coitiantachta roimh thús an chomórtais, greadadh chomh cuimsitheach sin. Rinne an toradh sin praiseach den tuar agus gan ach babhta amháin fanta le himirt anois.
Roimh thubaiste na bhFrancach i mBabhta 4 an Satharn seo caite, bhíothas cinnte gur acu a bheadh an chraobh agus an Chaithréim Mhór (Grand Slam), sin nó gur chuir Albain stop lena sodar. Níl fáil ar an gCaithréim Mhór ag aon fhoireann anois agus cluichí caillte acu ar fad.
Mar a sheasann tábla an chomórtais roimh tús Bhabhta 5, is léir gur rás trí chapall atá ann idir na Francaigh, na hAlbanaigh agus na hÉireannaigh. Tá sé phointe dhéag cláraithe ag an bhFrainc agus ag Albain ach tá na Francaigh sa gcéad áit de bharr difríocht pointí. Tá foireann na hÉireann sa tríú háit ar cheithre phointe dhéag.
Sa gcéad cheann de thrí chluiche a bheas á n-imirt amárach, imreoidh Éire i gcoinne na hAlban in Áth Cliath agus tabharfaidh na buaiteoirí an Choróin Thriarach leo. Sa tríú cluiche, imreoidh na Francaigh na Sasanaigh i bPáras agus má bhíonn bua ag foireann an bhaile, is acu a bheas craobh na Sé Náisiún don dara bliain as a chéile. Mar eolas, imreoidh an Bhreatain Bheag i gcoinne na hIodáile i gCaerdydd i gcluiche nach mbeidh aon tionchar aige ar bharr an tábla.
Sea, tá lá fada rugbaí romhainn amárach.
Beidh suim ollmhór sa gcoimhlint idir na gaolta ceilteacha, Éire agus Alban. Seo an scéal: beidh an dá fhoireann ar thóir bua agus bua le pointe bónais agus ansin beidh neart urnaí le déanamh ag an bhfoireann agus ag an lucht leanúna a thugann an lá leo, iad ar thóir míorúilte i bPáras agus bua do na Sasanaigh.
Is deacair Éire agus Albain a scaradh roimh thús an chluiche. As na ceithre chluiche a d’imir siad sa gcomórtas go dtí seo, bhí Éire an-lag sa gcluiche i gcoinne na Fraince, réasúnta in dhá chluiche agus iontach ar fad i gcoinne Shasana. I gcás na nAlbanach, bhí siad sách lag in dhá chluiche ach dochreidte maith i gcoinne na Sasanach agus na bhFrancach. Aisteach go leor, is sa mbaile a thug Albain an dá thaispeántas ab fhearr. Is as baile a bhí Éire agus iad ag náiriú Shasana!
Maidir leis an gcluiche féin, caithfidh Andy Farrell a chinntiú go seasfaidh na tosaithe an fód i gcoinne na hAlban. Bhí an lámh in uachtar ag paca na hAlban ar thosaithe na Fraince agus Shasana. Má éiríonn leo an smacht céanna a fháil orainne tabharfaidh siad an lá leo, níl aon dabht faoin sin.
Caithfidh Éire na cuairteoirí a ionsaí ón gcéad nóiméad chun spás a cheilt orthu. Tá ochtó nóiméad thar a bheith fisiciúil romhainn. Beidh tionchar mór ag an mbeirt chiceálaithe ar an toradh. Tá cárta mór amháin ag Éirinn i mo thuairimse, sin buntáiste an bhaile. Más féidir linn tús maith a chur leis an gcoimhlint agus glór an tslua a ardú, creidim gur againne a bheas an Choróin Thriarach. Beidh muid ag tacú le Sasana an chuid eile den lá!
Maidir leis an gcluiche sin i bPáras, is deacair tada seachas bua baile a thuar. Cuimhnigh go mbeidh foireann na Fraince ar thóir maithiúnais óna lucht leanúna de bharr na tubaiste a tharla i nDún Éideann agus is iad na Sasanaigh a íocfas as. Ní fheicim go bhfuil an teacht aniar ná na himreoirí ag Sasana chun an beart a dhéanamh, cé gur bhreá liom dul amú a bheith orm faoi sin!
Tá mé ag tabhairt seans d’Éirinn i gcoinne na nAlbanach, ach ag deireadh an lae is ag na Francaigh a bheas an chraobh.
Tá na cluichí URC atá ar athló ó Bhabhta 2 á n-imirt anocht. Ar an mBóthar Beag beidh Cúige Chonnacht ag iarraidh leas a bhaint as imirt sa mbaile chun iad féin a ardú suas an tábla ón deichiú háit mar a bhfuil siad suite faoi láthair. Tá mé ag tabhairt chuile sheans dóibh. Thall i nDún Éideann beidh na hUltaigh atá sa séú háit ar an tábla i gcoinne fhoireann na cathrach sin atá sé áit níos ísle ar an tábla sa dara háit déag. Níl a dhath idir na foirne seo, ar phár ar aon chaoi, seans go mbeidh tionchar ag buntáiste an baile ar an toradh.
Fág freagra ar 'Caithfidh Éire dul ar an ionsaí ón gcéad nóiméad má tá seans ar bith le bheith acu ar an gcraobh'