Caithfear an greim atá ag an eaglais orainn fós a scaoileadh

Tá sé thar am sochaí thuata a chruthú, ní ar mhaithe le lucht creidimh a chur faoi chois ach ar mhaithe le cothrom na Féinne a thabhairt do chách

Caithfear an greim atá ag an eaglais orainn fós a scaoileadh

Tá taibhse ár gcrá in Éirinn – taibhse an chreidimh! Níl an chumhacht aige is a bhí, ach tá rian an tseanréimis fós ann agus é ina scamall anuas ar chúrsaí oideachais is sláinte i gcónaí.

Tá tionchar an chreidimh imithe i léig le tamall anois, ó dheas ach go háirithe. Tá sin amhlaidh go háirithe mar gheall ar na scannail faoi mhí-úsáid ghnéis, agus, ar ndóigh, an iarracht shuarach leis an mhí-úsáid a cheilt.

Mar sin féin, bíonn tionchar mór ar an tsochaí ag na heaglaisí i gcónaí, agus ag an Eaglais Chaitliceach thar aon eaglais eile toisc gurb í eaglais mhóramh lucht creidimh, sna scoileanna, agus sna hospidéil.

Agus, má tá easpa muiníne san eaglais ag an móramh, is rud tábhachtach é an creideamh d’an-chuid daoine.  Is ceart, cinnte, go mbeadh siad in ann maireachtáil de réir éilimh an chreidimh agus fáil a bheith acu go héasca ar ionaid adhartha is eile.

Ní ceart go rachadh muid ó ré amháin nuair a deineadh éagóir agus náiriú ar dhaoine nár chleacht an creideamh go ré nua ina gcuirtear faoi mhíbhuntáiste lucht creidimh.

Ach é sin ráite, tá sé deacair a thuiscint cén fáth nach bhfuil an misneach ag an rialtas a rá go lom le Siúracha Reiligiúnacha an Charthanais go gcaithfidh siad suíomh an ospidéil mháithreachais nua a thabhairt ar láimh ar fad don stát, in ionad fochomhlacht a bhunú a chinnteoidh go mbeidh lámh ag an Vatacáin sa scéal i gcónaí.

Ní thuigim cén fáth nach féidir Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a fháil más gá.

Cuimhnigh, cúig bliana ó shin nuair a bhí An Tánaiste Leo Varadkar ina aire sláinte dúirt sé nárbh fhiú ordú den chineál sin a lorg mar go dtógfadh sé cúig bliana! Anois, tá cúig bliana istigh, ach níl aon ordú éigeantach ann, tá an suíomh fós i seilbh na siúracha agus tá an chonspóid faoin scéal chomh mór is a bhí riamh.

Lena linn seo ar fad, ar ndóigh, tá mná ag fulaingt i seanospidéil nach bhfuil oiriúnach do shaol an lae inniu.

Ní sa chóras sláinte amháin atá deacracht ann maidir le ról na heaglaise. I dtaighde trasteorann, tugadh le fios go mbíonn múinteoirí nach bhfuil aon chreideamh acu ag iarraidh an méid sin a cheilt ar fhaitíos go gcuirfeadh a ndearcadh as dá gcumas dul chun cinn a dhéanamh ag an obair.

Tuairiscíodh freisin go mbíonn tionchar ag cúrsaí creidimh ar cheapacháin agus ar arduithe céime.

Is cóir fáil réidh leis na míbhuntáistí seo, uimhir a haon, toisc go gcuireann siad isteach ar chearta daoine, agus, uimhir a dó, toisc gur bac ar athaontú na tíre, measaim.

Mar a chéile Rialtas Dúchais agus Rialtas na Róimhe.  B’shin an mana a bhí ag na hAontachtóirí nuair a bhí an stát á bhunú.  Cé gur chleas, cuid mhaith, ab ea é le leas a bhaint as imní na bProtastúnach faoi thionchar na hEaglaise Caitlicí, ní féidir a shéanadh ach gur ghlac formhór na bProtastúnach ó thuaidh leis an argóint. Bhí imní orthu.

Chinntigh siad gur stát Protastúnach do phobal Protastúnach a bheadh ann.  Níl aon leithscéal ann don seicteachas ná don chur faoi chois a bhain leis an stáitín ó thuaidh, ach ní féidir sochaí fhiúntach aontaithe a bhaint amach gan fadhbanna amhail na cinn seo a réiteach.

Glacaim leis, agus is léir gurb é an rud daonlathach é, go mbeadh ceart ag móramh sna sé chontae, ar Éirinn Aontaithe más sin atá uathu.  Caoga faoin gcéad móide a haon, mar atá leagtha síos i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Iad siúd a deir go bhfuil níos mó ná sin riachtanach, is é atá ar siúl acu i ndáiríre ná iarracht stop a chur le hathaontú na tíre nó bacanna nua a chruthú ina aghaidh.  Más leor caoga faoin gcéad móide a haon leis an gcríochdheighilt a choinneáil, is leor é freisin le fail réidh léi.

Ach is fearr i bhfad muid más féidir céatadán fiúntach d’aontachtaithe a thabhairt linn.

Ó dheas, bíonn lucht na hIar-Bhreataine ag iarraidh siombail agus fírinne na himpireachta a choinneáil le freastal, mar dhea, ar mhianta na bProtastúnach.

I ndáiríre, tá siad ag freastal ar a mianta Iar-Bhreataineacha féin.

Nádúr an stáit, gan lámh láidir a bheith ag eaglais nach gcreideann siad ann, agus meas ar a n-oidhreacht – sin iad na rudaí atá tábhachtach.

Tá sé in am, thar am, go dtabharfaimis faoi shochaí shaolta thuata a chruthú: ní ar mhaithe le lucht creidimh a chur faoi chois nó beag is fiú a dhéanamh díobh, ach ar mhaithe le cothrom na Féinne a thabhairt do chách.

 

Fág freagra ar 'Caithfear an greim atá ag an eaglais orainn fós a scaoileadh'

  • Pádraig O'hEipicín

    A Eoin O. Mhurchú. An é muillin ginmhilleadh nua atá uaith. ???.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le hEoin Ó Murchú, ‘Caithfear an greim atá ag an eaglais orainn fós a scaoileadh’, Dé Luain, Bealtaine 9, 2022.

    Na scannail i dtaobh droch–íde chollaí, agus na hiarrachtaí a rinneadh ar na scannail sin a chur faoi cheilt, is cinnte go bhfuil baint éigin acu sin le gan a oiread ómóis a bheith ag gnáthmhuintir na tíre don Eaglais is a bhíodh. Ach bhí daoine éirithe fuar sa Chreideamh roimhe sin, mar atá léirithe ag an Dr Oirmhinneach Vincent Twomey i leabhar leis–sean, The End of Catholic Ireland? (2003). Ní eaglaisigh amháin a rinne iarracht ar na scannail a cheilt. Ní foláir nó bhí a fhios ag an–chuid iriseoirí gurbh ann do na scannail, i bhfad sular tosaíodh ar iad a phoibliú. Ach ní dhearna a bhformhór faic mar gheall orthu, ainneoin an ghráin dhearg a bheith acu féin ar an Eaglais Chaitliceach, agus ar chreidimh eile, agus ar gach a mbaineann leo.

    Tacaíonn Eoin Ó Murchú le ceart na gCaitliceach a bheith ‘in ann maireachtáil de réir éilimh an chreidimh’, ach cad mar gheall ar dhochtúirí atá in aghaidh an ghinmhillte, ach a bhfuil sé de dhualgas orthu, ó thaobh dlí, mná a bhíonn ag lorg ginmhilleadh a sheoladh ar aghaidh go dtí dochtúir, nó máinlia, a dhéanfaidh an ginmhilleadh? Is cinnte go bhfuil na dochtúirí sin faoi mhíbhuntáiste an–mhór in Éirinn an lae inniu, mar atá an mionlach dochtúirí, agus mac léinn leighis agus banaltrachta, srl., nach ligfidh a gcoinsias dóibh na vacsaíní a thógáil iad féin, ná cuidiú le hiad a thabhairt d’othair; agus a chaill a bpost mar gheall air sin, nó ar tugadh orthu dul amach ar a bpinsean go luath dá dheasca, nó a bhfuil dul chun cinn ina ngairm á cheilt orthu.

    Maidir le hOrdú Ceannaigh Éigeantaigh a chur i gcion ar an gcuideachta ar leo láthair an ospidéil nua máithreachais, tharlódh nach leis an Stát a thacódh na breithiúna ina leithéid sin de chás. Is cinnte go bhfuil saoránaigh i gcónaí ann ar ospidéil Chaitliceacha atá uathu. Cad chuige go gceilfí orthu iad. Nó an ea gur cheart an t–iolrachas a chur chun cinn, ach amháin nuair a thacódh an t–iolrachas le hospidéil Chaitliceacha i gcónaí? An ea nach cáiníocóirí iad líon mór de na Caitlicigh sin i gcónaí?

    Tarraingíonn Eoin anuas scéal na múinteoirí díchreidmheacha nach bhfuil ag éirí leo dul chun cinn a dhéanamh ar scoileanna creidmheacha. Cad chuige a rachaidís siúd chun cinn agus gan iad a bheith ag teacht le héiteas na scoileanna sin. Tá scoileanna ann nach scoileanna creidmheacha iad. Tá cearta Bunreachtúla ag tuismitheoirí agus ag daltaí oideachas creidmheach a fháil, más in é is rogha leo. Ag magadh atá Eoin nuair a deir sé go gcuireann an tslí a bhfuiltear ag caitheamh leis na múinteoirí díchreidmheacha bac le hathaontú na tíre. B’fhiú d’Eoin staidéar grinn a dhéanamh ar thorthaí an Olltoghcháin is déanaí a tionóladh taobh thuaidh den Teorainn. 462, 861 vótálaí a vótáil don ghasra seo Páirtithe: Páirtí Daonlathach Chúige Uladh [DUP], Páirtí na Comhghuaillíochta [Alliance], Páirtí Aontachtaithe Chúige Uladh [UUP], agus Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe [TUV]. 346, 180 a vótáil don ghasra Páirtithe: Sinn Féin, agus an Páirtí Sóisialach Daonlathach, agus Luchta Oibre [SDLP].

    Is innealtóireacht shóisialta is ea a bheith ag iarraidh ‘sochaí fhiúntach aontaithe a bhaint amach’. Glacann Eoin leis gurb é ‘an rud daonlathach é, go mbeadh ceart ag móramh sna sé chontae, ar Éirinn Aontaithe más sin atá uathu.’ Ní faide gob an ghé ná gob an ghandail. Cad chuige, mar sin, a bhfuil sé ar son stráicí móra den Úcráin a thabhairt ar láimh do Chónaidhm na Rúise ar mhaithe leis an tsíocháin?

    Cá bhfuil sé ráite sa Chomh–Aontú Angla–Éireannach, gur leor ‘caoga faoin gcéad móide a haon’ le fáil réidh leis an gcríochdheighilt? Tá an Comh–Aontú sin scrúdaithe agamsa, agus theip orm teacht ar na focail sin. Ach tháinig mé ar a majority of those voting, sa Chomh–Aontú. Ní ceadmhach de réir an Chomh–Aontaithe sin an cheist sin a chur ar Reifreann níos minice ná uair gach uile sheacht mbliana.

    Cathain a tháinig athrú aigne ar Eoin i dtaobh Shinn Féin? Is léir ar leabhar Bhrian Hanley agus Scott Millar, The Lost Revolution (2009) gur naimhdeach go maith a bhí Eoin le Sinn Féin na deicheanna de bhlianta ó shin.