Cairde pinn, Gaelchairde, agus na gadhair bheaga ag dul abhaile

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

Cairde pinn, Gaelchairde, agus na gadhair bheaga ag dul abhaile

Cairde pinn

Ní shílim go bhfuil a leithéid de rud ar an saol níos mó agus ‘cara pinn’. Is cuimhin liom leabhrán a tháinig go dtí an scoil bliain amháin agus bhí liosta ann de na tíortha san Eoraip ina bhféadfá cara pinn nó cara cleite a bheith agat. Scríobh mé féin ar feadh na mblianta chuig cailín sa nGearmáin. An plean a bhí leis ná go bhféadfainnse mo chuid Gearmáinise a fheabhsú agus go mbeadh sise in ann scríobh chugamsa i mBéarla.

Tá scríobh litreacha beagnach imithe as an saol ar fad ó tháinig an guthán póca ar an saol. Airím go dona scaití mar gur léir nár thóg mé an t-am riamh le múineadh do na gasúir cén chaoi le litir a scríobh agus a sheoladh. An t-aon uair a dtagann sé i gceist ná dá mbeadh muid ag seoladh cárta lae breithe ag duine éigin nó aimsir na Nollag agus na cártaí á seoladh amach againn. Rinne mé geallúint an Nollaig seo caite go ndéanfainn iarracht níos fearr i gcaitheamh na bliana, ach ní mór an toradh atá ar an ngeallúint sin fós agus an bhliain beagnach leathchaite.

Chuimhnigh mé arís air an lá cheana agus cárta buíochais á sheoladh againn agus scríobh an cailín beag an seoladh trasna ar bharr an chlúdaigh litreach in aon abairt mhór fhada amháin. Is ceal cleachtaidh ar fad é, mar nach bhfaigheann muid litreacha is nach seolann muid iad.

Scaití cuimhním gur dóigh nach mbeidh litreacha ná cártaí á seoladh sa bpost i bhfad eile agus an fiú a bheith á mhúineadh do na gasúir. Chuala mé le deireanas nach bhfuil an scríbhneoireacht cheangailte ina cuid den churaclam scoile i scoileanna poiblí i Meiriceá níos mó agus iad ag cur béim ar an gclóscríobh ina áit. An gciallaíonn sé sin go mbeidh glúin ag fás aníos a bheidh ag brath ar mhéarchlár le go mbeidh siad in ann rud éigin a scríobh? Ní fhéadfadh gur céim chun cinn é sin.

***

Chuala mé an tseachtain seo faoi scéim nua a bhaineann le cairdeas agus le foghlaim teanga –  Gaelchara an t-ainm atá air. Togra é atá á chur chun cinn sna limistéir pleanála teanga ar fud na tíre. Séard atá ann ná scéim a thugann foghlaimeoir agus cainteoir líofa Gaeilge le chéile le tacú leis an bhfoghlaimeoir cur lena chuid Gaeilge.

Cuirtear deis ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge cúnamh a thabhairt d’fhoghlaimeoir an Ghaeilge a shealbhú agus foghlaim faoi dhúchas agus oidhreacht na teanga. Ní litreacha a bhíonn á scríobh sa gcás seo mar a bhíodh idir cairde pinn, ach bualadh le chéile le caint agus comhrá a dhéanamh. Sílim gur maith an smaoineamh é agus gur bealach deas é a thugann an Ghaeilge amach as an seomra ranga don fhoghlaimeoir.

Moltar do na daoine atá ag glacadh páirt sa scéim bualadh le chéile thart ar uair in aghaidh na seachtaine le píosa cainte a dhéanamh. Féadfaidh daoine bualadh le chéile le haghaidh cupán tae uair sa tseachtain, 30 uair a chloig uilig a mholtar. Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir dialann a choinneáil le taifead a bheith acu ar an méid atá foghlamtha acu le linn na scéime. In áiteanna áirithe bronntar €250 ar an meantóir agus ar an bhfoghlaimeoir, is beidh an cupán tae is an scón chuile sheachtain íoctha.

Na gadhair bheaga ag dul abhaile

Anois agus é beagnach in am ag na gadhair bheaga imeacht abhaile, tá abairt a scríobh an tráchtaire Mary Schmich i m’intinn agam le seachtain anuas. ‘Even the terrible things seem beautiful to me now.’

Tá mé a cheapadh go mbeidh mé uaigneach ina ndiaidh, cé nach bhfuil déanta againn ó tháinig siad ach ag bailiú ‘bronntanais’ bheaga a fhágann siad ar fud an tí, ag iarraidh iad a stopadh ag troid, is ag gabháil ina ndiaidh le tuáille páipéir agus ag spraeáil Dettol.

Bhí siad in ainm is a bheith linn ar feadh coicíse ach beidh sé níos gaire do thrí seachtaine faoin am a mbeidh muid á dtabhairt ar ais abhaile ag mo mhuintir. Dúirt mé go gcoinneoinn cúpla lá eile iad le teann dea-mhéine mar go bhfuil siadsan le haire a thabhairt don ghadhar s’againne agus an coileán Brownie ar feadh seachtaine fad is a bheidh muid féin ar saoire. Beidh muid ag imeacht an tseachtain seo chugainn.

Ní ligfeadh mo choinsias dom iad a thabhairt dóibh tada níos luaithe ná sin mar go dtuigim cén t-ualach atá mé a leagan orthu agus muid féin beagnach curtha sa talamh ag na gadhair agus cúigear againn ann.

Airíonn sé go bhfuil muid ag réiteach le dul ar saoire le sé mhí agus fós féin nach bhfuil aon réiteach déanta againn. Níl oiread agus péire stocaí curtha i mála againn fós. Tá na pasanna againn, sin rud amháin is dóigh a bheidh uainn is tá an méid sin déanta mura bhfuil tada eile. Cheannaigh mé ilphacáiste Kit-Kats bheaga freisin agus tá siad curtha i bhfolach agam agus ‘don tsaoire amháin!” scríofa agam orthu le Sharpie. Ar a laghad beidh Kit-Kats againn.

Chuir mé isteach ar na cártaí leighis Eorpacha an tseachtain seo caite, d’fhág mé ródheireanach é agus is dóigh go mbeidh siad romhainn sa bpost nuair a thiocfaidh muid abhaile. Moladh dúinn bróga snámha a cheannacht mar gur snámh locha a bheidh i gceist san áit a mbeidh muid ag dul agus go leor rudaí ann a ghearrfadh na cosa. Is dóigh go raibh muid deireanach ar éigean ag cur fios orthu sin iad féin. Leaindeáil siad sa bpost an tseachtain seo agus iad rómhór ag chuile dhuine, beidh orainn na cosa a choinneáil aníos ó ghrinneall an locha.

Chuaigh mé go Penneys ag an deireadh seachtaine ag cuartú seaicéid bháistí éadroma shaora, le faitíos go dtiocfadh sé ina bháisteach agus muid ann. Bhí mé ag cuartú na gcinn sin ar féidir iad a phacáil suas ina liathróidíní beaga agus sreangán uirthi, shíl mé go mbeidís sách flúirseach sna siopaí agus gur thart ar €15/20 a bheadh orthu. Ní raibh aon cheann le fáil i Penneys ná i Dunnes. Chuaigh mé ina dhiaidh sin go Mountain Warehouse agus Regatta á dtóraíocht.

Caithfidh sé go bhfuil sé píosa fada ó chuaigh mé ag siopadóireacht do sheaicéid éadroma bháistí mar ní raibh aon fáil orthu in aon áit ar an bpraghas sin agus an chuid ba shaoire a d’aimsigh mé, €45 an praghas a bhí orthu. Tá mé a cheapadh nach bhfuil m’intinn théis breith suas leis an ardú atá tagtha ar phraghsanna leis an mboilsciú le cúpla bliain anuas. Níl aon fhonn orm a ghabháil ag tóraíocht tuilleadh, gabhfaidh muid i muinín na gréine agus gabhfaidh muid ar an bhfoscadh má thagann braon báistí.

***

Ag léamh

Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain in eagar ag Charles Dillon agus Colm Ó Cuaig le Máirín Nic Eoin agus Alan Titley

Cnuasach de shamplaí foclóireachta a bhreac Máirtín Ó Cadhain sa tréimhse sular foilsíodh a úrscéal Cré na Cille i 1949. In éineacht leis an eolas ar chiall agus ar úsáid focail, tugtar léiriú suntasach ar shaol na Gaeltachta sna sleachta, mar a chonacthas é do mhórscríbhneoir Gaeilge an 20ú haois.

Fág freagra ar 'Cairde pinn, Gaelchairde, agus na gadhair bheaga ag dul abhaile'