Caint ar bith ar liosta de théarmaí maslacha i nGaeilge a ullmhú don Dáil

Tá iarrtha ag an gCeann Comhairle ar gCoiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú féachaint an gá uasdátú a dhéanamh ar thuarascáil faoi ‘dhroch-chaint’

Caint ar bith ar liosta de théarmaí maslacha i nGaeilge a ullmhú don Dáil

Ní bheidh an Ceann Comhairle Verona Murphy ag moladh go gcuirfí focail agus frásaí Gaeilge san áireamh san “uasdátú” atá iarrtha aici ar an liosta téarmaí maslacha nach bhfuil ceadaithe sa Dáil.

Tá iarrtha ag an gCeann Comhairle ar gCoiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú féachaint an gá uasdátú a dhéanamh ar thuarascáil faoi ‘dhroch-chaint’ a chuir an coiste i dtoll a chéile in 2010.

Dúirt Murphy an tseachtain seo gur mhaith léi go scaipfí an tuarascáil ar dhrochtheanga ar na Teachtaí Dála arís i bhfianaise na conspóide a bhain leis an bhfrása “ag insint bréaga” sa Dáil an tseachtain seo caite.

Dúirt sí freisin gur mhaith léi go ndéanfadh an coiste iniúchadh arís ar an tuarascáil féachaint an gá í “a uasdátú agus a chur in oiriúint [don lá inniu]”.

Is i mBéarla amháin atá an cháipéis ‘Salient Rulings of the Chair (Fourth Edition)’ ar fáil. Cé go rialaítear ann go bhfuil sé “mí-ordúil” go ndéarfaí go bhfuil Teachta Dála ina “liar, lying or telling a lie” nó “was telling untruths or not telling the truth”, ní luaitear aon fhocal Gaeilge – dála ‘bréag’, ‘bréagadóir’, ná ‘éitheach’ – sa cháipéis.

D’fhiafraigh Tuairisc d’oifig an Cheann Comhairle an mbeadh sí ag déanamh aon mholadh don choiste go gcuirfí focail, frásaí, agus téarmaí Gaeilge san áireamh agus an t-uasdátú atá uaithi ar bun.

Dúradh nach raibh sé i gceist ag an gCeann Comhairle aon mholadh a dhéanamh mar gurb “é an Coiste [um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú] a bheidh ag déanamh an iniúchta agus ag cur moltaí ar aghaidh le cur faoi bhráid an Tí”.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nár chuir sé i leith cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh sí “telling lies” nuair a dúirt sé sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh sí “ag insint bréaga”. I litir a chuir sé chuig an gCeann Comhairle, mhaígh Martin gurb é a bhí i gceist aige go raibh McDonald “telling untruths”.

Tharraing cúrsaí teanga raic sa Dáil an tseachtain seo caite nuair a dúirt Sinn Féin gur bhain an Taoiseach leas as easpa Gaeilge an Cheann Comhairle Verona Murphy chun Mary Lou McDonald a mhaslú.

Le linn díospóireacht ar chúrsaí tithíochta, dúirt Micheál Martin go raibh ceannaire Shinn Féin “ag insint bréaga”. Faoi rialacha na Dála, níl a leithéid de chaint ceadaithe.

Fág freagra ar 'Caint ar bith ar liosta de théarmaí maslacha i nGaeilge a ullmhú don Dáil'

  • Conán Maol

    An bhfuil Seoinín aka “showneen” ar an liosta maslach?

  • WTF

    Nó an ‘fíricí ailtéarnacha’ a bhí á insint aici?