Cailín óg as Gaeltacht na hAlban i measc na marbh i ndiaidh ionsaí Mhanchain

Maraíodh san ionsaí sceimhlitheoireachta Eilidh MacLeod, 14, as Barraigh in Inse Gall, oileán beag Gaeltachta

Cailín óg as Gaeltacht na hAlban i measc na marbh i ndiaidh ionsaí Mhanchain

Maraíodh san ionsaí sceimhlitheoireachta Eilidh MacLeod, 14, as Barraigh in Inse Gall, oileán beag Gaeltachta

Tá cailín óg as oileán Gàidhealtachda in Albain ainmnithe ar dhuine den 22 duine a maraíodh san ionsaí sceimhlitheoireachta sa Manchester Arena i Manchain Shasana Dé Luain.

Thaisteal Eilidh MacLeod (14) as Barraigh in Inse Gall ó dheas ón oileán beag Gaeltachta lena dlúthchara Laura MacIntyre (15) le freastal ar cheolchoirm Ariana Grande sa Manchester Arena Dé Luain.

Tá MacIntyre an-tinn san ospidéal i Manchain i láthair na huaire agus í dóite go dona ag an mbuama a phléasc agus an slua ag fágáil an airéana i ndiaidh na ceolchoirme.

Ba dhalta de chuid Sgoil Bagh a Chaisteil Eilidh í MacLeod.

Dúirt tuismitheoirí MacLeod inniu nach raibh “aon insint ar a mbris”.

Sular deimhníodh go raibh McLeod i measc na marbh, dúirt Easpag Earra-Ghàidheal agus na nOileán Brian McGee gur “tréimhse crá croí” a bhí ann do mhuintir MacLeod agus do mhuintir MacIntyre.

“Léiriú ar an gcostas daonna a bhaineann le hionsaithe sceimhlitheoireachta ab ea an tréimhse a chaith mé le muintir na gcailíní. Fágann a leithéid de ghníomh na teaghlaigh seo briste, fágtar rian na heachtra orthu go deo, agus milltear soineantacht na ndaoine óga,” a dúirt an tEaspag.

Thug Chéad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon, le fios i bParlaimint na hAlban go bhfuil Poileas Alban ag cur seirbhísí comhairleoireachta ar fáil do mhuintir MacIntyre agus do mhuintir MacLeod faoi láthair.

Tá an babhta cúige den Mòd Naiseanta, macasamhail Oireachtas na Samhna, a bhí le reáchtáil in Uibhist, oileán eile in Inse Gall, curtha ar athló ag lucht a eagraithe mar gheall ar an ionsaí in Manchain.

Maraíodh 22 duine agus gortaíodh na scórtha eile nuair a phléascadh an buama san ionsaí sceimhlitheoireachta ar an Manchester Arena oíche Dé Luain.

Tá an t-ionsaí ar an ionsaí sceimhlitheoireachta is measa sa Ríocht Aontaithe ón ionsaí ar an 7 Iúil 2005 inar mharaigh ceathrar buamadóirí féinmharaithe 52 duine, iad féin san áireamh, i Londain.

Fág freagra ar 'Cailín óg as Gaeltacht na hAlban i measc na marbh i ndiaidh ionsaí Mhanchain'

  • micheal

    sceal suimiuil fuithi sna meain inniu…piobaire ab ea i an cailin bocht. ta pairti lei fos san oispideal. an t-oilean ar fad faoi fhallaing an bhroin. trocaire sa chre uirthi.