Cáil ar Raonaithe na Croise ach an cumas i nGaoth Dobhair iad a bhualadh

Beidh cluiche ollmhór ar siúil ar an Ómaigh tráthnóna agus aghaidh á tabhairt ar chéile ag Raonaithe na Croise agus Gaoth Dobhair i gcluiche leathcheannais Uladh

Cáil ar Raonaithe na Croise ach an cumas i nGaoth Dobhair iad a bhualadh

Fear Ghaoth Dobhair, Cian Mulligan. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Gaoth Dobhair v Raonaithe na Croise – Páirc Uí Éilí, 3.30pm (Beo ar TG4)

Imreoidh péire de na foirne is láidre i gCúige Uladh a chéile tráthnóna agus Gaoth Dobhair ag imirt in aghaidh Raonaithe na Croise i gcluiche leathcheannais an chúige ar an Ómaigh.

Seo é an tríú huair riamh ag Gaoth Dobhair a bheith ag imirt i gCraobh Uladh ach, mar a tharlaíonn sé, ní hé an chéad uair a chasfaidh siad ar fhir Chrois Mhic Lionnáin. D’imir na foirne seo in aghaidh a chéile i gcluiche ceathrú ceannais an chúige in 2006, coimhlint a bhuaigh Raonaithe na Croise le cúig phointe sula ndeachaigh siad ar aghaidh le Craobh na hÉireann a bhuachan.

Foireann den scoth a bhí ag Raonaithe na Croise an t-am sin agus leithéidí Francie Bellew, Oisín McConville agus na McEntees fós ag imirt, ach tá cuma iomlán difriúil ar an bhfoireann anois agus scata imreoirí tagtha tríd ó fhoirne maithe faoi aois.

Tá an cás amhlaidh ag Gaoth Dobhair ach go bhfuil cúpla seanfhondúir fós ag imirt le seaimpíní Ard Mhacha, Aaron Kernan, Tony Kernan agus John Hanratty, cuir i gcás.

Ba gheall le ‘gorta’ é ag Raonaithe na Croise nuair a theip orthu craobh an chontae a thabhairt leo le cúpla bliain anuas ach chuir siad é sin ina cheart i mbliana agus iad ar ais ar a seanléim i gCraobh Uladh. Chloígh siad fir Thír Eoghain, Oileán an Ghuail, cúpla seachtain ó shin.

Is é Rian O’Neill is mó a fuair  scóranna dóibh le cúpla cluiche anuas ach tá leithéidí Hanratty, Aaron Kernan agus Kyle Carragher breá ábalta scóráil freisin ach an deis sin a fháil.

Bhain Gaoth Dobhair áit amach sa mbabhta leathcheannais coicís ó shin nuair a bhuaigh siad ar sheaimpíní Aontroma, An Carraigín, ach is maith a shaothraigh siad an bua sin. Bhí fir na Gaeltachta deich bpointe chun tosaigh ag leath ama ach ligeadar na maidí le sruth sa dara leath agus cúl deireanach sa gcluiche a chinntigh an bua dóibh.

Gortaíodh an leathchúlaí láir Kieran Gillespie ag tús an chluiche chomh maith agus tá sé deimhnithe gur fada uainn an lá go mbeidh fáil arís ag Gaoth Dobhair ar an bhfear óg sin. Tá scéal níos fearr faighte acu faoi bheirt nár imir in aon chor sa chluiche ceathrú ceannais. Beidh teacht acu tráthnóna ar an sárchosantóir Odhrán McFadden-Ferry agus ar Odhrán Mac Niallais, fear a roghnaíodh mar an t-imreoir is fearr i gCraobh Shinsir Dhún na nGall an tseachtain seo.

Deir na geallghlacadóirí nach bhfuil mórán idir na foirne agus is annamh a bhíonn siadsan i bhfad as marc. Is iad fir Ard Mhacha rogha na coitiantachta ar éigean ach seans go bhfuil níos mó baint aige sin le cáil an chumainn seachas le cumas na foirne faoi láthair. Tá foireann láidir ag Gaoth Dobhair agus má bhíonn lá maith acu inniu, beidh deis iontach acu cluiche ceannais Uladh a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Cáil ar Raonaithe na Croise ach an cumas i nGaoth Dobhair iad a bhualadh'