Is é an t-imreoir idirchontae as Gaoth Dobhair Odhrán Mac Niallais buaiteoir Ghradam Shéamuis Mhic Géidigh 2018, gradam a bhronntar ar an imreoir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall.
Thug Gaoth Dobhair leo Corn an Dochtúra Mhic Uidhir ag deireadh na míosa seo caite agus craobh an chontae buaite acu den chéad uair ó 2009.
Bhuaigh fir Mhachaire Gathlán ar Naomh Conaill sa chluiche ceannais inar thug Mac Niallais taispeántas den scoth uaidh. Ocht bpointe a d’aimsigh sé sa chluiche sin agus ba é a roghnaíodh mar laoch na himeartha ina dhiaidh.
0-22 a d’aimsigh Mac Niallais san iomlán sa chúig chluiche a d’imir sé i gCraobh Shinsir Dhún na nGall i mbliana.
Tá an gradam ainmnithe in ómós do Shéamus Mac Géidigh, an craoltóir agus tráchtaire Conallach a bhásaigh go tobann i mí Iúil 2016.
Agus é ag labhairt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt Mac Niallais gur onóir speisialta a bhí ann glacadh leis an ngradam.
“Onóir mhór domh an gradam seo a fháil. Bhí Séamus ina fhear uasal, agus cara maith dom féin a bhí ann, mar sin tá sé iontach deas an gradam seo atá ainmnithe ina onóir a fháil.”
Comhghairdeas le @OdhranMac101 a bhfuil Gradam Shéamuis Mhic Géidigh le bronnadh air i mbliana @SportRnaG @dgldemocrat @Donegal_News @Barrscealta1 @gaothdobhairclg @officialdonegal @HMFerry pic.twitter.com/ShqTLNRnqV
— Raidió na Gaeltachta (@RTERnaG) November 14, 2018
Mhínigh Damien Ó Dónaill, Cathaoirleach na moltóirí, an t-údar gurbh é Mac Niallais a roghnaíodh.
““Tá an gradam seo tuillte go maith ag Odhrán as na taispeántais atá tugtha aige i gCraobh Peile na bliana seo agus Gaoth Dobhair ag tabhairt na Craoibhe leo den chéad uair le 12 bliain anuas. Bhí triúr imreoirí eile as Gaoth Dobhair san iomaíocht don Ghradam, ach ba é Odhrán a roghnaigh tromlach na n-iriseoirí ar an choiste moltóireachta.
“Luaigh siad an taispeántas a thug sé i gcluiche ceannais an chontae, nuair a d’aimsigh sé 8 bpointe agus léirigh sé go bhfuil sé i measc na n-imreoirí is fearr sa tír leis an stíl aigeantach pheile atá aige, gan trácht ar a chruinneas scórála agus a ábaltacht i lár páirce.”
Beidh Mac Niallais agus Gaoth Dobhair ag imirt arís Dé Domhnaigh nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Raonaithe na Croise i gcluiche leathcheannais Uladh ar an Ómaigh.
Seo í an tríú bliain ag Gradam Shéamuis Mhic Géidigh. Coiste iriseoirí spóirt i dTír Chonaill a roghnaíonn an buaiteoir. Is iad Mark McHugh as Cill Charthaigh agus Michael Murphy as Gleann tSúilí buaiteoirí eile an ghradaim go dtí seo.
Bronnfar an gradam ag Dinnéar Bliantúil CLG Dhún na nGall san Abbey Hotel i mBaile Dhún na nGall ar 23 Samhain.
Is é an dealbhadóir Redmond Herrity a chruthaigh Gradam Shéamuis Mhic Géidigh as cloch eibhir Dhún na nGall. Cruth na hEaragaile atá ar an ngradam agus pictiúr de Shéamus Mac Géidigh greanta chun tosaigh air.
Fág freagra ar 'Gradam Shéamuis Mhic Géidigh 2018 le bronnadh ar Odhrán Mac Niallais'