Caibidil eile geall le bheith scríofa i scéal Chuarbhóthar na Gaillimhe

Tuigtear go bhfuil Comhairle Contae na Gaillimhe chun eolas a eisiú faoin lorg a bheidh ag an gcuarbhóthar timpeall na cathrach ar an aeráid

Caibidil eile geall le bheith scríofa i scéal Chuarbhóthar na Gaillimhe

Is gearr anois go mbeidh freagra tugtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar cheisteanna Ard-Chúirte a bhaineann le cuarbhóthar timpeall na cathrach.

Seo caibidil eile sa scéal fadálach a bhaineann leis an iarracht leis an mbóthar, agus an t-aicearra seo, a fhorbairt isteach agus amach as Chathair na dTreabh. Cuireadh an t-iarratas is deireanaí a bhaineann leis an gcuarbhóthar faoi bhráid lucht na pleanála in 2018. Ach, cé go raibh an Bord Pleanála sásta leis, chuir grúpa cosanta timpeallachta an cás faoi bhráid na cúirte. Ba é an bunús a bhí leis an gcás sin gur fágadh staidéar ar impleachtaí do chúrsaí aeráide – chomh fada agus a bhain sé leis an mbóthar- as an iarratas. Ach, tharla sé go raibh an t-iarratas réitithe, agus faoi bhráid an Bhoird Pleanála nuair a tháinig an coinníoll áirithe sin i bhfeidhm.

Shocraigh an Ard-Chúirt go dtabharfaí deis do Chomhairle Chontae na Gaillimhe a dhul ar ais agus scrúdú a dhéanamh ar an lorg a d’fhágfadh an cuarbhóthar, dá bhfágfadh, ar an aeráid.

Tuigtear go mbeidh an freagra sin ar fáil go luath anois.

Creidtear go laghdódh an cuarbhóthar an tranglam tráchta sa gcathair agus go gcuideodh sé go mór le muintir Chonamara.

Tá Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála Chonamara i measc na ndreamanna atá ag tacú le forbairt an chuarbhóthair, le fada an lá. Tagann ceist eile chun cinn i dtaobh an chuarbhóthair, sin nach bhfuil Bonneagar Iompair Éireann, ná Comhairle Chontae na Gaillimhe sásta iarraidh a thabhairt faoi bhóthar nua i ndeisceart Chonamara gan an cuarbhóthar a bheith forbartha. Is fada trácht ag lucht tionscal agus tráchtála go dteastaíonn bóthar ar ardchaighdeán as Gaillimh go Ros an Mhíl ar mhaithe le forbairt an chalafoirt agus infreastruchtúr taistil Chonamara .

Bhí iarrachtaí ar bun os cionn cúig bliana fichead ó shin le cuarbhóthar a fhorbairt timpeall na Gaillimhe. Ceapadh an uair sin gur theastaigh an bóthar go géar agus an tíogar Ceilteach ag tarraingt brú agus tranglaim ar phríomhchathair an iarthair. Má theastaigh sé an uair úd, tá cás i bhfad Éireann níos láidre anois ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Rinneadh socrú go mbeadh an Chomhairle Contae ag gníomhú ar a son féin, agus thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, san iarracht is deireanaí seo.

57,000 an daonra a bhí i gcathair na Gaillimhe cúig bliana fichead ó shin nuair a chuathas i mbun gnímh don chuarbhóthar i dtosach; tá 86,000 sa gcathair anois. Sna blianta idir tús an chéid seo agus anois, tháinig 27% de mhéadú ar an lear carranna i gcontae na Gaillimhe – beagnach 124,000 gluaisteán príobháideach atá ar bóthar sa gcontae anois. Ach nuair a chuirtear feithiclí iompair agus feithiclí ilghnéitheacha eile san áireamh, tá 157,000 feithicil uilig ar bhóithre na Gaillimhe. Ach tá réimse tráchta chathair na Gaillimhe i bhfad níos forleithne ná contae na Gaillimhe féin.

Mar phríomhchathair in iarthar na hÉireann, is cathair is lárionad seirbhísí éagsúla í Gaillimh, mar shampla leigheas, gnó, obair, oideachas agus imeachtaí spóirt agus sóisialta. Fágann sin, gan trácht ar thurasóireacht, go bhfuil gnó chun na bhaile mhóir ag daoine ar fud an iarthair, an iarthuaiscirt agus níos faide ó bhaile. Mar a thuairisc Coimisiún Forbartha an Iarthair le gairid tá méadú de bheagnach 230,000 ar phobal réigiún an iarthair agus an iarthuaiscirt le ceathrú céid nuair a tosaíodh beartas an chuarbhóthair i dtosach

Ba i 1996 d’fhostaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, comhlacht saineolaithe le staidéar a dhéanamh ar phleanáil agus ar fhorbairt an limistéir atá i bhfoisceacht 30 ciliméadar den chathair, ar chaon taobh di. An ‘Galway Transportation and Planning Study’ a tugadh air sin. Moladh go ndéanfaí forbairt ar chuarbhóthar timpeall na cathrach agus droichead nua trasna na Coiribe, an rud ba shuntasaí a tháinig as an staidéar. Ceapadh san am sin go gcosnódh an obair €444 milliún.

Seo achoimre ar na céimeanna, agus na constaicí sa gcóras pleanála agus dlí, a bhain leis an iarracht sin nó gurbh éigean é a chaitheamh in aer in 2013.

  • 1999 – Tosaíodh ar na beartais a bhain le pleanáil an chuarbhóthair timpeall ar Ghaillimh. D’fhostaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe comhairleoirí innealtóireachta i mí na Samhna 1999.
  • 1 Nollaig, 2006 – Cuireadh iarratas ar chead forbartha le haghaidh an chuarbhóthair go dtí an Bord Pleanála. Bhí Tuarascáil Timpeallachta agus iarratas ar cheannach éigeantach talún (CPO) istigh leis an iarratas ar an gcead forbartha.
  • 28 Samhain, 2008 – Thug an Bord Pleanála cead pleanála do chuid den chuarbhóthar, an píosa de ar imeall thoir na cathrach.
  • 2009 – Chuir tríú páirtí an cás go dtí na cúirteanna agus rinneadh athbhreithniú ar bhreithiúnas an Bhoird Pleanála san Ard-Chúirt. Sheas an Ard-Chúirt le cinneadh an Bhoird Pleanála.
  • Ach ansin rinneadh achomharc in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte go dtí an Chúirt Uachtarach.
  • Aibreán, 2013 – D’eisigh an Chúirt Uachtarach a breithiúnas; cuireadh cinneadh an Bhoird Pleanála ar ceal ar fad. Eisíodh an breithniúnas seo théis don Chúirt Uachtarach comhairle a fháil ón Chúirt Bhreithiúnais Eorpach.
  • 2013 – Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe deireadh uilig leis an iarracht le cuarbhóthar na Gaillimhe a fhorbairt tar éis chinneadh na Cúirte Uachtaraí.
  • 2018 – Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe, agus tacaíocht acu ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, iarratas pleanála eile ar aghaidh.
  • 2020 – Thug an Bord Pleanála cead forbartha ach cuireadh agóid ina aghaidh sin go dtí na cúirteanna.
  • 2022 – Fuarthas locht ar chinneadh an Bhoird Pleanála sa gcúirt ar an gcúis nár cuireadh cúinsí aeráide sa gcomhaireamh. Ach ní raibh an coinníoll a bhain leis an aeráid i bhfeidhm nuair a cuireadh an t-iarratas chuig an mBord Pleanála. Shocraigh an Chúirt go dtabharfaí deis don Chomhairle Contae an t-easnamh sin a cheartú.
  • 2024 – An chuid is mó den cheartúchán sin déanta anois.

Feicfear cén chaoi a mbeidh sé an iarraidh seo.

Fág freagra ar 'Caibidil eile geall le bheith scríofa i scéal Chuarbhóthar na Gaillimhe'