D’fhéadfadh sé go mbeadh naoi lá eile ann sula mbeidh an chumhacht leictreachais ar ais in áiteanna áirithe sa Ghaeltacht. Tá an chumhacht á tabhairt ar ais de réir a chéile ag oibrithe an Bhoird Soláthair Leictreachas ó réab an Stoirm Éowyn an tír Dé hAoine seo caite ach tá an 5 Feabhra – naoi lá ón lá inniu – á lua le háiteanna eile.
Tá tuairim is aon cheathrú milliún foirgneamh gan chumhacht fós tar éis stoirm mhór na seachtaine seo caite agus tá isteach is amach le ceithre scór míle foirgneamh gan soláthar uisce. Tá go leor de na foirgnimh sin ar an gcósta thiar mar a bhfuil na ceantair Ghaeltachta is mó – tá os cionn 20,000 foirgneamh gan uisce i gcontae na Gaillimhe.
Tháinig an chumhacht ar ais arís tar éis dhá nó trí lá i mBearna, taobh thoir de na Forbacha, i Ros an Mhíl agus áiteanna áirithe ar an gCeathrú Rua ar an Domhnach. Tá stráicí móra de Ghaeltacht na Gaillimhe fós gan aon chumhacht – ceantar Chois Fharraige ó na Forbacha siar go Baile na hAbhann, cuid den Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán, Carna, Cill Chiaráin, agus Ros Muc san áireamh.
Tá ceantair Ghaeltachta eile i gcontaetha eile fós ag fanacht ar an gcumhacht agus an t-uisce. Deisíodh an fabht a bhí ag cur isteach ar an gcóras leictreachais i nGleann Cholm Cille ach táthar ag fanacht go fóill in Anagaire, ar an gClochán Liath, agus timpeall ar an mBun Beag agus sna Doirí Beaga. Tá fabhtanna ar an bhFál Carrach freisin.
Tá beolíne oscailte ag Comhairle Contae Dhún na nGall le haghaidh daoine a bhfuil cúnamh uathu tar éis na stoirme. Is féidir glaoch ar 1800 832 015 idir 9:30 agus 16:30 an tseachtain seo le cúnamh agus comhairle a lorg. Dúirt an Chomhairle Contae go bhfuil fáilte roimh dhaoine nach bhfuil leictreachas sa bhaile acu teacht chuig leabharlanna, músaeim, agus ionaid seirbhísí na Comhairle leis an leathanbhanda agus soicéid a úsáid le trealamh a luchtú.
Chlis an chumhacht i nGaeltacht Chorca Dhuibhne le linn na stoirme freisin ach tháinig sí ar ais i bhformhór na leithinse oíche Dé hAoine nó Dé Sathairn. Tá áiteanna ann fós nach bhfuil aon leictreachas acu ach tá an BSL ag súil go mbeidh cúrsaí ina gceart anocht.
Tá an rialtas nua cáinte go géar ag an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Mairéad Farrell agus an milleán leagtha aici orthu as “easpa infheistíochta” a dhéanamh in infreastruchtúr an iarthair. Thagair an TD do Shinn Féin do na stoirmeacha geimhridh eile a réab an réigiún le cúpla mí anuas agus a d’fhág ceantair fhairsinge i nGaeltacht na Gaillimhe gan chumhacht ar feadh roinnt laethanta.
“Faraor, tá na cúinsí i nGaillimh mórán mar a bhí dhá mhí ó shin i gConamara i ndiaidh an tsíobtha sneachta a d’fhág teaghlaigh gan chumhacht ná uisce. Ar ndóigh, níl aon smacht ag an rialtas ar an aimsir, ach caithfidh muid a bheith réitithe le déileáil leo, ag tosaí le hinfreastruchtúr an iarthair a thabhairt suas chun dáta.
“Is léir gurb é réigiúin na Teorann, Lár Tíre, agus an Iarthair is measa as tar éis na Stoirme Éowyn, cé gur bhuail an stoirm seo a bhris curiarrachtaí an tír ar fad. Ní haon chomhtharlúint é gur ísligh an AE an réigiún go ‘réigiún atá chun deiridh’,” a dúirt sí.
An tEisreachtach
Cá raibh na polaiteoirí áitiúla, na ‘Comharchumainn’, an Cumann Lúthchleas Gael, Comhlacht ‘Forbartha’ an Spidéil, ‘Údarás’ na Gaeltachta, agus grúpaí eile?
Níorbh fhéidir fón, go fiú, a chur á luchtú i gceantar Chois Fharraige! Samhlaigh gur bhuail taom croí tú – bhí tú asat féin gan chuidú!
Fágadh seandaoine gan aon deis chócaireachta acu, ná fáil ar cheann.
Níor cuireadh oiread is mol (ionad) amháin cúnta ar bun sa gceantar.
Agus na Teachtaí Dála ar saoire – sa Spáinn – glacaim leis, ag donnú a mbolg mór. Dínáireach atá siad, agus iad ag ceistiú cén fáth nach vótálann sciar mór den phobal!
Focal scoir: Ní alt cuimsitheach an t-alt leanbaí seo thuas nár chuir na ceisteanna seo!
Maire Blundell
Tá mise suite i mBaile Atha cliath gan cumhacht ar bith ón Aoine, tá a lán sean-daoine sa cheantar, mé féin san áireamh ag brath ar an tine amháin agus roinnt coinle. Tá an t-ádh liom mar tá tine amháin agam ach tá a fhios agam go bhfuil na daoine faoin tuath ina áit níos measa.
Ba mhaith liom é a rá go bhfuil daoine ag streacailt i ngach condae. Níl gach duine í mBaile Atha Cliath ar “muin na muice” inniu.