Bhíodh sé de cháil ar an scríbhneoir ón mBrasaíl, Clarice Lispector, go gclóscríobhadh sí gach dréacht dá cuid gearrscéalta agus úrscéalta as an nua, d’aon iarraidh amháin dá bhféadfadh, agus go ndéanadh sí ceartúcháin agus athruithe ar ala na huaire dá mba ghá (seachas iad a dhéanamh roimh ré le peann).
Ar chlóscríobhán a bhíodh Clarice ag obair. Fuair sí bás, róluath, cúpla bliain sular éirigh ríomhairí coitianta, ach leigheas atá ina cur chuige ar fhadhb a bhíonn ag cur as do mhórchuid scríbhneoirí sa lá atá inniu ann – i ngan fhios dóibh féin go minic.
Gan dabht, b’iontach an dul chun cinn iad an ríomhaire agus an próiseálaí focal do scríbhneoirí. Bíonn ar do chumas sleachta iomlána nó abairtí agus focail aonair a bhogadh thart nó a bhaint amach ach cúpla cnaipe a bhrú; má bhuaileann splanc inspioráide thú bíonn tú in ann cur leis an téacs gan an saothar ar fad a chló isteach arís.
Ach cailleadh rud éigin leis an tsolúbthacht sin. Nuair a cheartaíonn tú abairt anseo agus abairt ansiúd, nuair a chuireann tú radharc breise isteach i gcaibidil a 16 agus nuair a ghearrann tú siar ar an gcur síos i gcaibidil a 4 ina dhiaidh sin, ag léimt sall is anall idir sleachta, ní bhíonn tú ‘istigh sa scéal’ ar an gcaoi chéanna agus a bheadh dá mbeadh ort gach rud a chló isteach as an nua, ó thús deireadh, in ord ama. De réir a chéile, cailleann tú an léargas ar an scéal ina iomláine.
Cuma cuilt bhreac, nó na hoibre píosála, an toradh go minic – fiú mura dtabharfá sin faoi deara ar an gcéad radharc.
Ní hamháin sin, ach má athraíonn tú focail nó má bhaineann tú focail amach in abairtí aonair, bíonn tionchar aige sin ar na habairtí in aice leo agus ar rithim an téacs ina iomláine.
Is minic a chuimhnigh mé ar Clarice agus a clóscríobhán le trí seachtaine anuas.
Trí seachtaine, ba é sin an t-achar a thóg sé orm m’úrscéal ar fad a chló isteach as an nua, ó thús deireadh.
Tuairim a bhí ar chúl m’aigne gur cuilt bhreac de théacs seachas úrscéal mín aonphíosa an toradh a bhí ar ocht mbliana d’eagarthóireacht i bpróiseálaí focal an phríomhchúis a bhí leis sin, ach bhí cúis eile agam, leis.
Theastaigh uaim beo-léiriú a dhéanamh ar m’úrscéal, mar a dhéanfadh file ar dhán nó ceolfhoireann ar shiansa. Gan lucht éisteachta, gan dabht, ach dom féin.
Ar éirigh leis an iarracht? Is dóigh liom gur éirigh. Bhí díomá orm gur thóg sé trí seachtaine orm an téacs ar fad a chló isteach (sin ráite, bhí cailín aimsire ag Clarice Lispector agus níl agamsa) ach bhí amanta ann gur mhothaigh mé amhail is go raibh an téacs á scríobh agam den chéad uair, bhí gach rud úr agus ámh, ach ag an am céanna, díreach ceart.
Lena chois sin, tháinig feabhas ar an rithim (fiú más mé féin atá á rá) agus d’éirigh liom 3,600 focal (!) a bhaint amach – abairtí a mhínigh rudaí a bheadh úr in aigne an léitheora agus an saothar á léamh d’aon iarraidh amháin aige ach a bhí mínithe in athuair agam toisc go mbínn ag díriú ar na radharcanna éagsúla ina gceann is ina gceann.
alan titley
Gaisce ann féin an méid sin. Sinn ag coinne leis an toradh.