Is cosúil go ndéanfaidh Trump beart de réir a bhriathair

Tá Donald Trump ar ais sa Teach Bán agus ní foláir d’Éirinn athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh atá againn leis an saol mór

Is cosúil go ndéanfaidh Trump beart de réir a bhriathair

Iad siúd a bhí ag súil go mbeadh an tUachtarán Donald Trump níos toilteanaí an uair seo comhréiteach a dhéanamh i leith na bpolasaithe a bhí fógartha aige, dúisíodh go drochbhéasach iad lá a insealbhaithe. Thosaigh Trump i mbun na n-orduithe feidhmiúcháin a shíniú láithreach, orduithe faoi chúrsaí aeráide, cúrsaí sláinte agus cánacha idirnáisiúnta san áireamh.

Ní in Éirinn amháin atá lucht na cumhachta ag crith le heagla is le héiginnteacht. San Eoraip freisin tá an tromluí is measa a bhí acu fíoraithe.

Tá ceithre bliana caite ag an gcuid is mó de cheannairí na hEorpa ag baint an bhoinn de leas straitéiseach an Aontais agus iad ag taobhú go tiarnúil le beartas eachtrach Eorpach meargánta Joe Biden i ngach áit ón tSín go Gaza.

Níos measa ná sin, rinne scothaicme na hEorpa dochar mór eacnamaíochta dóibh féin nuair a chabhraigh siad leis na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise, agus iad dall freisin ar an mbaol go mbeadh sé ina chogadh núicléach.

 

Ach in ainneoin na n-íobairtí go léir agus an díocas sin ag géilleadh d’orduithe an Phentagon, ciallaíonn meon leithlisithe Trump go bhféadfadh gur cur amú ama a bhí ann ar deireadh thiar thall.

Go bunúsach níl a fhios againn céard a dhéanfaidh Trump. Cinnte beidh sé ag iarraidh fócas Mheiriceá a dhíriú ar Mheiriceá féin ó thaobh na heacnamaíochta agus seans maith go mbeadh sé sásta an lámh láidir a úsáid lena chinntiú go mbeidh SAM ina máistir ar Mheiriceá – Thuaidh, Theas is Láir.

Chuige sin tá gach cosúlacht air go ndéanfaidh sé iarracht brú a chur ar lucht rachmais Mheiriceá a gcuid infheistíochta a thabhairt abhaile.

Is léir go mbeadh impleachtaí móra aige seo ar fad do mhúnla eacnamaíochta na tíre seo, agus don Eoraip freisin.

I gcás na hEorpa, tá an meon gur vasáilleach de chuid Mheiriceá atá san Eoraip chomh fite fuaite i ndearcadh an hEorpa ar an saol mór go bhfuil sé deacair a shamhlú cén chaoi a bhféadfaidís déileáil le dearcadh nua Trump.

Féach an Danmhairg agus iad trína chéile i dtaobh bhagairt Trump ar an nGraonlainn, agus féach mearbhall an Aontais Eorpaigh faoi Trump. [Sampla: Ursula Von der Leyen ag caint anois faoi cheangal níos dlúithe a dhéanamh leis an tSín, i ndiaidh di a bheith ag éileamh le tamall maith go laghdódh an tAontas an ceangal leis an tír sin.]

I gcás na hÉireann, táimid gafa mar a bheadh coinín i gceannsoilse cairr: níl tuairim dá laghad ag an rialtas conas déileáil leis.

Ceist bhunúsach atá ann, cinnte.

Sé an fáth gur theip ar Éirinn an rachmas dúchasach a fhorbairt ná gur tháinig an rachmas sin chugainn ródhéanach sa stair le bheith in ann caipiteal a chnuasach ag an leibhéal a bhí riachtanach le go mbeadh rath ar an eacnamaíocht nua-aoiseach.

Ní raibh de rogha againn ach breathnú taobh amuigh nó ról tábhachtach a thabhairt don stát forlámhas a fháil ar gach gné den tsochaí.

Ceist eile ansin ar ndóigh, cén cineál stát? Stát de chuid an lucht oibre nó stát de chuid lucht an rachmais?

Anois táimid sa tsáinn chéanna arís. Ní féidir linn a bheith ag brath ar an Eoraip, mar tá an Eoraip ag caitheamh súil an éada agus na sainte ar a bhfuil bainte amach againn.

Ach má leagann muid an dualgas ar an stát infheistíocht a chnuasach is a infheistiú go díreach, tagann sé sin salach ar rialacha an Aontais.

Cibé rud a dhéanfaidh muid, ní bheidh sé éasca. Ach, ag breathnú siar, ba bhotún ár muinín ar fad a chur i rud amháin, nó mar a deir lucht an Bhéarla na huibheacha ar fad a chur sa gciseán céanna. An féidir linn, fiú anois, a bheith oscailte roimh an Oirthear agus an tIarthar, an Rúis is an tSín agus ag an am céanna caidreamh a bheith againn le Meiriceá agus leis an Eoraip?

Fadhb mhór atá ann nach bhfuil aon tsolúbthacht inár ndearcadh. Tá muid dílis gan cheist don Atlantachas, agus Micheál Martin fós ag iarraidh muid a cheangal go dlúth le NATO agus le dearcadh cogaíochta an Aontais Eorpaigh.

Tá freagra tugtha ag an Rúis, ach go háirithe, ar naimhdeas na tíre seo dóibh agus a naimhdeas féin dúinne léirithe i ráiteas ó Ambasáid na Rúise le deireanaí.

Mar sin féin, tá an rialtas, fós ag súil go n-imeoidh an fhadhb seo léi. Ní féidir leo labhairt fúithi fiú, agus ní nach ionadh níl aon trácht uirthi sa gclár rialtais.

Ach ní gheofar aon réiteach ar an bhfadhb seo fad is a bhíonn muid ag diúltú aghaidh a thabhairt uirthi.

Caithfimid tosú ag caint faoi na cúrsaí seo is ag scrúdú gach bealach le rath na tíre seo a chinntiú agus san áireamh ansin ní mór cúlú ón Atlantachas agus dearcadh neodrach déthaobhach a fhorbairt i leith an oirthir agus an iarthair. Casadh i dtreo an neamhspleáchais?

Fág freagra ar 'Is cosúil go ndéanfaidh Trump beart de réir a bhriathair'

  • Indrek

    “Tá an Eoraip ag caitheamh súil éada agus sainte ar a bhfuil bainte amach againn.” Bhuel, tá cónaí ormsa san Eoraip, agus níor chuala mise a leithéid ó bhéal Eorpach ar bith, mar sin d’iarrfainn ar an údar fianaise a chur ar fáil le tacú lena ráiteas. É sin nó leithscéal a ghabháil agus a líomhaintí a tharraingt siar.

  • JP

    Cad ab áil le muintir na hEorpa bheith in éad linne?
    In éad le stát atá geall le bheith mífheidhmeach agus pleotaí lán gliocais, atá mar mhaithe leo féin, ina ‘gceannairí’ orainn?
    Tabhair cuairt ar aon chathair san Eoraip – cathair ar bith- agus osclófar do shúile duit.
    Féach Barcelona, mar shampla amháin;
    córas taistil poiblí atá saor, suaithní agus saoráideach, córas a bhfuil idir métro, tram agus bus ag oibriú go féichiúnta i dteannta a chéile;
    costas maireachtála íseal
    (gan ach Eu1.50 ar chupán caifé i mórán gach áit!);
    líomatáistí áille féaracha fé chrannaibh agus iad scaipthe ar fud an bhaill;
    sráideanna atá leathan, néata, glan (den chuid is mó) agus sábhálta;
    seoda ailtireachta agus foirgnimh ar fud Barcelona a leathfadh do radharc ort;
    an teanga dhúchais á labhairt go forleathan agus go neamhbhalbh;
    ‘ajuntament’ a bhíonn sásta éisteacht leat, labhairt leat agus cuidiú leat más féidir;
    ionaid súgradh do pháistí óga amuigh faoin aer agus istigh in ollmhargaí fiú amháin
    (tuigtear go ndéanann páistí daonnú agus séimhiú ar an timpeallacht agus ar dhaoine);
    tá urláir idir-ghníomhacha go mór i gceist anois i mBarcelona mar a mbaineann leanaí scléip an domhain astu (agus roinnt daoine fásta leis, babhtaí!);
    tá cáil ar fud an domhain ar mhúséaim Barcelona, dar ndó’;
    tá an chathair lomlán le hontaisí ealaíona agus ealaíonta;
    caiféanna breátha go bhfaighidh tú luach do chuid airgid iontu agus do bholg lán ar imeacht duit;
    daoine breátha réchúiseacha cuiditheacha atá teann astu féin.
    Oibríonn na húdaráis mar mhaithe leis an bpobal i gCOITINNE, mar nach nglacfaidh an pobal sin lena mhalairt, pobal a bhfuil cnámh droma iontu. Feicfidh tú dúthracht, samhlaíocht, cruthaitheacht agus láimh na n-údarás sna háiteanna poiblí go léir a chastar ort.
    Baineann an dúthracht sin go mór le cúinsí staire na cathrach freisin, gan amhras, stair an-suaite, an-radacach ina bhfuil an eite chlé in uachtar.
    Stair a chothaigh gean agus grá don áit.
    Ar an láimh eile de, cén mhaith dúinne an saibhreas go léir?

  • Eoin Ó Murchú

    Freagra do Indrek: Pléitear go forleathan sna meáin mhóra in Éirinn go bhfuil brú curtha ag an Eoraip ar Éirinn maidir leis na socraithe cánach atá againn le comhlachtai móra idirnaisiúnta, is go míníonn tráchtairi Éireannacha go mba mhaith leis an bhFrainc agus leis an nGearmain sciar den infheistíocht a fhaigheann muide ó Mheiriceá a fháil inár n-ionad. An leor an fhianaise sin duit? Níl aon leithscéal le gabháil.

  • Ciarán

    ” iad dall ar an mbaol go mbeadh sé ina chogadh núicléach.”
    Ach cé a thosaigh an cogadh san Úcráin ? Agus cé atá ag bagairt an riosca núicléach inniu ? Caithfidh an tIarthar an leiceann eile a thabhairt ?!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Fealsamh polaitíochta Eoin: ‘ná cuir olc ar an Rúis, cuma ceard a dhéanann sé!’