SÚIL CHUN CINN AR 2025: An rialtas céanna agus na fadhbanna céanna freisin

Dá laghad a athraíonn rudaí is ea is mó a chaithfear a ligean ort go bhfuil siad ag athrú

SÚIL CHUN CINN AR 2025: An rialtas céanna agus na fadhbanna céanna freisin

Dá mhéad a athraíonn rudaí is ea is mó a fhanann siad mar an gcéanna. Dá laghad a athraíonn rudaí is ea is mó a chaithfear a ligean ort go bhfuil siad ag athrú.

Dhein na polaiteoirí is na hiriseoirí a ndícheall, ach bhí sé deacair aon spéis a mhúscailt sna bréagchomhráite faoi bhunú rialtais i ndiaidh an olltoghcháin.

Chaith Fianna Fáil is Fine Gael beagnach cúig bliana le chéile i mbun rialtais gan aon mhórdhifríocht eatarthu, is ba léir ón tús nach raibh ach ceist amháin le réiteach: cé a thiocfadh isteach leosan chun móramh a chinntiú, na neamhspleáigh nó an sean-phludgharda, Páirtí an Lucht Oibre?

Agus é seo á scríobh is cosúil go ndéanfaidh na neamhspleáigh an jab.

Ag an am céanna, cé nach bhfuil aon difríocht le réiteach idir an dá mhórpháirtí, ní hionann sin is a rá nach mbeidh na deacrachtaí céanna rompu anois agus a bhí is iad i mbun rialtais roimhe seo.

Sé sin le rá má bhí an pobal míshásta le polasaí tithíochta an rialtais – agus léirigh gach pobalbhreith go raibh – ní féidir leis an rialtas nua (mar dhea) dearmad a dhéanamh ar an bhfadhb. Ní bheidh aon mhórathrú ann ach beidh deacrachtaí móra roimh an rialtas mura mbeidh sé le feiscint go bhfuil tithe ar fáil go fírinneach ar phraghsanna in-aisíoctha agus an cíos laghdaithe go mór.

Mar an gcéanna le fadhbanna sláinte, na liostaí fada feithimh, an easpa dochtúirí teaghlaigh, an róbhrú sna rannóga éigeandála. Is ionann cás leis an gcostas maireachtála freisin.

Ní dóigh liom gur féidir leis an rialtas a bheith sástabdíreach toisc nár éirigh le Sinn Féin móramh na tíre a thabhairt leo lena gclár athnuachana. Beidh na fadhbanna céanna ag cur brú orthu.

Ach sa gcúlra tá bagairt nua dár múnla eacnamaíochta. Tá muid faoi bhrú cheana ónár ‘gcairde’ san Aontas Eorpach, ach má éiríonn le Trump iachall a chur ar lucht rachmais Mheiriceá éirí as infheistiú thar lear beidh fadhb mhór againn.

Sé an múnla eacnamaíochta atá againn óna caogaidí ar aghaidh ná a bheith ag brath ar infheistíocht dhíreach eachtrach (FDI). I bhfianaise an dá bhrú sin, ón AE agus ó Trump, ní fheicim go mairfidh an múnla sin.

Níl aon phlean ag an rialtas le déileáil leis sin, agus is beag caint faoi sna meáin ach an oiread. Níl aon réiteach simplí air seo, mar níor dhein muid aon obair sa tréimhse go raibh deis is spás againn leis an FDI pleanáil don todhchaí, ach níl mórán ama fágtha anois go dtí go mbeidh an todhchaí d’uireasa na hinfheistíochta sin ann.

Fadhb mhór eile nach n-imeoidh ná géarchéim na haeráide. Tugadh bata is bóthar don Chomhaontas Glas, agus níl aon chomhartha go mbeidh neamhspleáigh ó na réigiúin ag iarraidh cloí lena gcuid polasaithe aeráide.

Cinnte ní bheidh aon bhrú ann airgead poiblí a úsáid le grianphainéil a chur ar gach teach sa tír. B’fhearr leis an rialtas ár gcuid airgid a chaitheamh ar fhíneálacha nuair nach n-éiríonn linn ár spriocanna aeráide a bhaint amach.

B’fhearr leis an rialtas dearmad a dhéanamh ar an bhfadhb, ach ní dóigh liom go ndéanfaidh an fhadhb dearmad orainne nó ar an rialtas.

Maidir leis an bhfreasúra, ceapaim go bhfuil Sinn Féin ina aonar. B’fhéidir go mbeadh Pobal seachas Brabús agus corr-neamhspleách ar aon intinn leo, ach is léir nach mbeidh Páirtí an Lucht Oibre nó na Daonlathaithe Sóisialta sásta comhoibriú le freasúra a chruthú i bpáirt le Sinn Féin.

Tá an Lucht Oibre agus Ivana Bacik chomh nimhneach i gcoinne an pháirtí is atá Micheál Martin, agus níos lú spéise acu in athaontú na tíre ná aon pháirtí eile sa Dáil. Maidir leis na Daonlathaithe Sóisialta bhí leisce orthusan tagairt ar bith a dhéanamh do Shinn Féin, seachas Gary Gannon a dúirt go lom gur cuid den eite chlé iad.

Sa gcomhthéacs sin ba thruamhéalach an radharc é Sinn Féin ag caoineadh nach raibh éinne ag labhairt leo. Sin mar atá, is caithfidh siad filleadh ar a bheith ina bpáirtí réabhlóideach in aghaidh an chórais in ionad a bheith ag lorg bealach isteach.

Troid faoi leith a bheas ann, agus ní fheicim go mbeidh ach Sinn Féin is beagán eile ag iarraidh stop a chur leis sin ná an brú ar an neodracht.

Ní fadhb don rialtas é sin ach creidimse gur fadhb don chuid eile againn é. Déanfaidh an rialtas a ndícheall deireadh a chur leis na nglas triarach agus muid a nascadh níos dlúithe le NATO, agus airgead a chur amú ar armas.

An-chuid romhainn mar sin, is roimh an rialtas atofa.

Fág freagra ar 'SÚIL CHUN CINN AR 2025: An rialtas céanna agus na fadhbanna céanna freisin'

  • wtf

    Ceard faoi M. Lowry?