Is ceann de ríthe na gcluichí Gaelacha é Rí Con Chuala

Agus na Fianna agus Cuala ag ceiliúradh a mbuanna i gcraobhacha na gclubanna, cuirfear tús an deireadh seachtaine seo leis an tsraith iománaíochta

Is ceann de ríthe na gcluichí Gaelacha é Rí Con Chuala

Chríochnaigh an séasúr do na clubanna sinsir an Domhnach seo caite agus Na Fianna agus Cuala Átha Cliath a bhí ag ceiliúradh i ndiaidh na coirn a bhuachan. Bhí an cluiche ceannais iomána aontaobhach agus an-taispeántas tugtha ag na Fianna sa chéad leath, mar a rinne Cuala sa chraobh peile.

Ní raibh aon teacht aniar sna Sáirséalaigh i gcomparáid le hAireagail Ciaráin a d’imir thar barr sa dara leath sa chluiche ceannais peile.

Comhghairdeachas le Con O’Callaghan, Cuala, a bhuaigh bonn peile chun cur leis an bpéire iomána a bhuaigh sé in 2017 agus 2018. Cad é mar bhailiúchán bonn atá buaite aige. Sea, is ceann de ríthe na gcluichí Gaelacha é Rí Con Chuala.

An deireadh seachtaine seo tá an séasúr idirchontae ag tosnú, séasúr a leanfaidh go dtí an Domhnach, an 20 Iúil nó Dé Sathairn, an 2 Lúnasa má bhíonn athimirt ag teastáil I gcluiche ceannais na hÉireann.

Beidh cluiche ceannais na sraithe ar siúl deireadh seachtaine an 5-6 Aibreán agus tosnóidh na cluichí craoibhe coicís ina dhiaidh san.

Sa leagan is déanaí den chomórtas tá cúig roinn ann agus seacht bhfoireann i ngach roinn.

I roinn 1A tá na seaimpíní, An Clár , Corcaigh, an Ghaillimh, Cill Chainnigh, Luimneach, Tiobraid Árann agus Loch Garman. Beidh babhta ceannais na rann idir an dá fhoireann a chríochnóidh ar bharr agus dícháileofar an dá fhoireann ar bhun an tábla go roinn 1B. Agus sa dara roinn sin, tá Aontroim, Ceatharlach, Áth Cliath, Laois, Uíbh Fhailí, Port Láirge agus an Iarmhí.

Cuirfear tús le céad chluiche na sraithe níos déanaí um thráthnóna i Loch Garman agus Corcaigh in aghaidh na foirne baile. Ag tosach na seachtaine, d’fhógair bainisteoir na gCarmanach Keith Rossiter go mbeadh foireann thrialach á cur chun páirce acu. Dúirt Rossiter go raibh an painéal scriosta de bharr gortuithe, imreoirí a bheith éirithe as agus imreoirí a bheith ag taisteal. Tá Matthew O’Hanlon Dee O’Keefe agus Liam Óg McGovern éirithe as, tá Lee Chin san Astráil agus tá Conor McDonald, Damian Reck, Liam Ryan agus Jack O Connor i measc an dreama atá gortaithe. Níl na fadhbanna céanna ag Corcaigh agus Pat Ryan sásta, a deir sé, leis an ullmhúchán go dtí seo.

San fheachtas sraithe, mar is gnáth, beidh gach meitheal bainistíochta ag malartú imreoirí agus ag tabhairt seans do roinnt mhaith leaideanna, idir shean agus óg, a ndintiúir a thaispeáint roimh an bhfeachtas craoibhe. Tá roinnt cluichí imeartha ag na foirne go léir atá ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo agus cuid maith imreoirí úsáidte ag na bainisteoirí .

Feicfimid conas mar a bheidh ag na foirne go léir inniu agus amárach. Dar ndóigh tá na comórtais tríú leibhéal ar siúl i láthair na huaire agus an-bhrú ar na himreoirí go léir atá ag iarraidh an dá thrá sin a fhreastal.

Amárach tosnóidh na seaimpíní sraithe agus craoibhe, An Clár, amach sa bhaile agus Cill Chainnigh ar cuairt. Níl éirithe as ó anuraidh ach Paul Flanagan agus Séadna Morey. Caithfidh go bhfuil an-mhuinín sa chontae agus na himreoirí, idir shean agus nua, ag iarraidh a chur ina luí ar a mbainisteoir Brian Lohan agus a chuid roghnóirí go bhfuil siad maith go leor chun craobhchomórtas 2025 agus, b’fhéidir, craobh na Mumhan, a bhuachan. Níl an chraobh sin buaite acu, creid é nó ná creid, ó 1998. Beidh an cluiche á thaispeáint iarbheo ar TG4.

Beidh an Ghaillimh sa bhaile faoina lucht bainistíochta nua agus Tiobraid Árann ag teacht aníos chucu. Anois nó riamh é do Liam Cahill, cheapfá.Beidh an cluiche seo ar TG4 beo.

Níl Luimneach ag imirt an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Is ceann de ríthe na gcluichí Gaelacha é Rí Con Chuala'