In am ag Stormont tabhairt faoin éigeandáil sláinte

Is deacair a thuiscint cén fáth nach leagann an Roinn béim as cuimse ar earcú cúramóirí, ar choinníollacha oibre maithe a chinntiú dóibh

In am ag Stormont tabhairt faoin éigeandáil sláinte

Breis is lá iomlán ina luí in otharcharr taobh amuigh d’ospidéal. 25 uair ar fad. Scanrúil don othar a bhí i gceist, cinnte agus d’fhoireann an otharchairr. Tharla sé ag ospidéal Aontroma an geimhreadh seo. Bliain tar éis Stormont a athbhunú tá an éigeandáil sláinte níos measa agus práinn le gníomh ón bhFeidhmeannas.

Ní cás eisceachtúil é ospidéal Aontroma. Tá fuireach rófhada in otharcharranna coitianta ag ospidéil uilig Thuaisceart Éireann. Seanscéal agus meirg air is ea an líon mór daoine a chaitheann uaireanta an chloig ar thralaithe i bpasáistí. Tamall ó shin chonaic an colúnaí seo tralaithe ar dhá thaobh na bpasáistí in ospidéal i mBéal Feirste, gan spás eatarthu ach ag altra amháin. Tá an brú ar oibrithe sláinte ag méadú go seasta.

Fáinne fí is ea é – ardú ar líon na ndaoine atá ag triall ar ospidéil, na pasáistí pacáilte le tralaithe, easpa spáis chun scrúdú a dhéanamh orthu sin atá ag teacht isteach, gan trácht ar áit chun aire a thabhairt dóibh, ar shínteán nó leaba. Sin é a fhágann daoine atá go dona tinn uaireanta fada in otharcharranna.

Tá moill breis is 23 uair ar an taifead ag ospidéal Uladh i mBéal Feirste, 19 uair in Craigavon agus bíonn daoine coitianta ag fanacht os cionn 10 n-uaire. Fiú sna cásanna is réidhe caitheann otharcharr suas le dhá uair an chloig, ar an meán, ag ospidéal. Dá réir is minic fuireach fada ar otharcharr ag daoine a dhéanann glaonna éigeandála.

Tá na fadhbanna ag tús an aistir fite fuaite lena dtarlaíonn ag an deireadh. Deir saineolaithe go mbíonn timpeall 500 othar atá ábalta a dhul abhaile i leapacha ospidéil gach lá. Ní ar na hothair an locht, easpa seirbhísí sóisialta is cúis leis na leapacha a bheith ‘á mblocáil’ mar a thugtar air. Tig le duine a bheith bisithe a dhóthain leis an ospidéal a fhágáil ach cúram baile nó in ionad athshlánúcháin a bheith riachtanach fós. Cibé cúis atá leis is cosúil go mbíonn sé an-deacair an chabhair sin a sholáthar.

Cuireann an mhoill ar othair a scaoileadh amach acmhainní amú – tá costas ó thaobh sláinte agus airgid ag baint leis. Mhaolófaí an brú sna hospidéil dá mbeifí in ann an 500 leaba sin – nó cuid acu – a chur ar fáil d’othair. Thairis sin ní hé leas an othair é a bheith rófhada in ospidéal. Tagann meath ar mhatáin, ar mhisneach agus ar neamhspleáchas. Dá réir, is mó seans nach mbeidh an duine sin chomh folláin agus ab fhéidir, le héileamh níos minicí ar an tseirbhís sláinte.

Faigheann an Roinn Sláinte agus Cúram Sóisialta breis is leath de bhuiséad iomlán Thuaisceart Éireann ach tá an tAire Mike Nesbitt diongbháilte nach leor é. Is ar chóir leighis in ospidéil a chaitear an chuid is mó den mhaoin. Ta cúram ospidéil i bhfad níos daoire ná cúram i measc an phobail – le tacaíocht sa bhaile nó in ionad cúraim.

Áirítear gurb ionann costas aon oíche amháin in ospidéal agus cúram baile ar feadh míosa. Má tá an uimhríocht sin cruinn is deacair a thuiscint cén fáth nach leagann an Roinn béim as cuimse ar earcú cúramóirí, ar choinníollacha oibre maithe a chinntiú dóibh agus léiriú gur chuid thábhachtach den tseirbhís phoiblí iad.

Blianta ó shin d’aontaigh gach páirtí in Stormont polasaí athchóirithe don tseirbhís sláinte. Ní bheadh locht ag éinne orthu as a bheith ag iarraidh a thuilleadh airgid a shracadh as an Státchiste in Whitehall ach tá sé in am ag an bhFeidhmeannas aontú gur gá gníomhú anois leis na hacmhainní atá acu. Tá faoiseamh tuillte ag na hoibrithe sláinte a dhéanann obair den scoth in ainneoin na gcoinníollacha oibre uafásacha ina bhfuil siad i mbun seirbhíse agus tá dea-chúram dlite don bpobal.

Fág freagra ar 'In am ag Stormont tabhairt faoin éigeandáil sláinte'