Cad atá i gceist le plean gaeloideachais Joe McHugh agus an éireoidh leis?

Cor cinniúnach i ndán na teanga a bheadh ann dá gcuirfí i gcrích plean nua líon na ndaltaí sa chóras gaeloideachais a dhúbailt

Cad atá i gceist le plean gaeloideachais Joe McHugh agus an éireoidh leis?

Cad atá fógartha ag an Aire Joe McHugh agus cén tábhacht atá leis?

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna le linn na Nollag go bhfuil faoina roinn polasaí cuimsitheach don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Dúirt McHugh gurbh é an sprioc a bheadh leis an bpolasaí ná líon na ndaltaí a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur orthu a dhúbailt laistigh de dheich mbliana. Níl aon amhras ach gur fógra suntasach é seo mar nach raibh a leithéid de pholasaí cheana ann agus is cinnte gur chor cinniúnach i ndán na teanga a bheadh ann dá mbainfí an sprioc atá luaite leis amach.

Cé mhéad duine atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair?

In 2019 bhí 37,935 dalta ag fáil oideachais sa 147 bunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus bhí gaeloideachas á chur ar 9,986 dalta sa 28 iarbhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh an luathoideachas san áireamh chomh maith sa pholasaí nua, forbairt shuntasach eile.

An bhfuil sé indéanta líon na ndaltaí sa chóras gaeloideachais a dhúbailt roimh 2030?

Ghéill Joe McHugh féin gur plean “uaillmhianach” atá ann agus go mbainfidh “dúshlán mór” lena chur i bhfeidhm. Theastódh athrú mór sa chur chuige ó thaobh an oideachais lán-Ghaeilge i mórán gach gné den chóras chun go mbeadh aon seans ann a leithéid a chur i gcrích. Is beag méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas. Níor tháinig ach 2.6% d’ardú ar líon na ndaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge idir 2016-2018 agus 4.8% de mhéadú a tharla ag leibhéal na hiarbhunscoile sa tréimhse chéanna. Tá céatadán níos lú daltaí iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge anois ná mar a bhí deich mbliana ó shin agus mórán mar a chéile le 2009 atá céatadán na ndaltaí gaelscoile. Mar sin athrú polasaí radacach go maith a theastódh chun líon na ndaltaí sa chóras gaeloideachais a mhéadú 100%.

Cad ba ghá a athrú chun an beart a chur i gcrích?

Chun go mbeadh aon seans ann go mbainfí an sprioc amach ní hamháin go mbeadh ar roinnt mhaith scoileanna Béarla iompú ina scoileanna lán-Ghaeilge, ach bheadh gá chomh maith le hathrú ar an gcóras bunaithe scoileanna nua. Beidh sé iarbhunscoil nua á mbunú an bhliain seo chugainn, mar shampla, agus gan aon scoil lán-Ghaeilge ina measc. Os a choinne sin, d’fhógair Joe McHugh i mí Mheán Fómhair seo caite go mbeidh ar a laghad cúig cinn den 13 bunscoil nua a bhunófar idir 2020-2022 ina scoileanna lán-Ghaeilge.

D’fhógair sé chomh maith athrú mór ar an gcóras bunaithe bunscoileanna a d’fhág gur chóir go mbeadh sé níos éasca gaelscoil a bhunú feasta. Tá lucht an ghaeloideachais ag maíomh le fada nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh i measc tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus nach bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge nua á dtógáil. Ocht gcinn de bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus trí iarbhunscoil lán-Ghaeilge ar fad a bunaíodh ó 2011. Dúirt an saineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir le Tuarascáil an Irish Times dá leanfadh cúrsaí mar atá go mbeadh 60 bliain eile ann sula mbeadh oideachas lán-Ghaeilge á fháil ag a dhá oiread daltaí.

Cad as a dtiocfaidh na múinteoirí?

Bheadh rath an pholasaí ag brath go mór ar fhreagra na ceiste sin. Chaithfí cur go mór le líon na múinteoirí a bheadh oilte chun múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge chun go mbeadh aon ní cóir i ndán don pholasaí nua. Ní hamháin sin ach chaithfí sin a dhéanamh tráth a bhfuil géarchéim ann maidir le ganntanas múinteoirí.

Is measa an ghéarchéim sin i gcás scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta agus cé go bhfuil tús curtha le roinnt cúrsaí tríú leibhéal chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin ba ghá cur chuige i bhfad níos uaillmhianaí má táthar le bheith ag freastal ar a dhá oiread daltaí. Deirtear go bhféachfar mar chuid den pholasaí le tuilleadh cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh chun dul leis an múinteoireacht.

Cad a tharlóidh anois?

Beidh próiseas comhairliúcháin poiblí ann san earrach féachaint cad a cheapann daoine ba chóir a bheith sa pholasaí nua. Deirtear chomh maith go mbeidh “taighde agus dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta” mar bhunús leis an bpolasaí nua. Bunófar coiste idir-rannach, a mbeidh ionadaithe ón Roinn Oideachais féin, ó Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Leanaí air, chun an polasaí a fhorbairt. Bunófar coiste comhairleach chun tacú leis an obair sin.

Pas nó teip?

Díocas agus uaillmhian aisling fhónta an Aire le moladh ach mar a déarfadh an dalta ardteiste staidéarach, is maith an scéalaí an aimsir.

Fág freagra ar 'Cad atá i gceist le plean gaeloideachais Joe McHugh agus an éireoidh leis?'

  • Scoileanna Stáit de dhíth

    Is leis an eaglais Chaitliceach Rómhánach 96% de bhunscoileanna na 26 contae. Ní mór Gaelscoileanna le heiteas idirchreidmheach a bhunú seachas braith ar bunscoileanna Chaitliceacha a thiontú ina nGaelscoileanna.