Bunú coláiste samhraidh agus méadú 5% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge luaite i bplean Uíbh Ráthaigh

Sheol Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne Plean Gníomhaíochta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh inniu

Bunú coláiste samhraidh agus méadú 5% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge luaite i bplean Uíbh Ráthaigh

Tá bunú coláiste samhraidh Gaeilge agus méadú 5% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge faoi 2022 i measc na spriocanna i bPlean Gníomhaíochta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh a sheol Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne inniu.

Agus an plean á sheoladh aige sa Ghleann i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh inniu, dúirt an tAire Stáit chomh maith go mbeidh a Roinn “ag obair as lámh a chéile” le Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthaigh maidir le coláiste Gaeilge a athbhunú sa cheantar.

“Nuair a bhreathnaítear ar an tionchar dearfach atá á imirt ag na coláistí Gaeilge ar na ceantair Ghaeltachta ó thaobh gnóthaí Gaeilge agus geilleagair de, luíonn sé le réasún gurbh fhiú breathnú ar cén chaoi a bhféadfaí coláiste a athbhunú in Uíbh Ráthach.

“D’imreodh a leithéid de bheart praiticiúil tionchar suntasach ar an dúiche seo ar bhealach a thagann go hiomlán lena bhfuil ag croílár an phlean gnímh atá á sheoladh inniu.”

Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ó 8.5% in 2011 go dtí 6.9% in 2016, rud a fhágann go bhfuil an ceantar ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is laige ó thaobh na teanga sa tír.

I measc na spriocanna eile i bplean an tascfhórsa a bhunaigh Údarás na Gaeltachta tá go gcruthófaí 145 post nua, go mbunófaí Mol digiteach gteic i mBaile an Sceilg agus go gcinnteofaí go dtiocfaidh ardú 3% ar an daonra trí
10 dteaghlach a mhealladh chun cónaí sa cheantar agus 20 teach nua a chur ar fáil le ceannach nó ar léas fadtéarmach.
Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú 5% “ar ghnáthúsáid laethúil na Gaeilge” de thoradh an phlean.

Táthar ag súil chomh maith le 10% de mhéadú ar líon na gcuairteoirí a thagann go dtí an ceantar Gaeltachta.

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh go raibh idir “deiseanna agus dúshláin” don cheantar Gaeltachta i ndeisceart Chiarraí sa phlean nua.

Dúirt Caitlín Breathnach ó Chomhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthaigh go raibh ceist ann faoi inmharthanacht Uíbh Ráthaigh mar cheantar Gaeltachta agus go gcaithfí gníomhú anois chun an stádas sin “a tharrtháil”.

D’fhógair an tAire Stáit chomh maith ag seoladh an phlean inniu go mbeidh tús á chur go luath le hullmhú plean teanga do Chathair Saidhbhín. Tá Cathair Saidhbhín ar cheann de na bailte atá aitheanta faoin gcóras pleanála teanga mar áiteanna ar féidir leo stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach.

Dúirt Kyne ag an ócáid chéanna go mbeadh €1.7 milliún á chur ar fáil i mbliana don phleanáil teanga, €1.4 milliún d’Údarás na Gaeltachta agus €323,750 d’Fhoras na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Bunú coláiste samhraidh agus méadú 5% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge luaite i bplean Uíbh Ráthaigh'

  • Feardorcha

    I gcead do phleanálaithe teanga na Roinne … (b’in an chéad jóc!)
    Tá boladh den úrscéal Catch 22 as seo … Coláiste Gaeltachta a bhunú chun Gaeltacht a neartú …
    Tá rud éigin droim ar ais ansin.
    Táimid ar fad sásta chomh fada is a bhfuil an t-airgead ag teacht ach lá éigin cuirfear na ceisteanna cearta is ní bheidh aon fhreagra maith orthu.