Léiríonn staitisticí nua a d’fhoilsigh Rialtas na hAlban le deireanas gur fearr a éiríonn le daltaí bunscoile atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghàidhlig i réimse leathan bunscileanna cumarsáide ná mar a éiríonn lena gcomhaoisigh atá ag freastal ar scoileanna Béarla.
Baineann an taighde le scileanna na léitheoireachta, na scríbhneoireachta, na héisteachta agus na labhartha a bhíonn ag na daltaí ag beagnach gach leibhéal den chóras bunscolaíochta.
Bhain 79% de na daltaí Gaelscoile a tástáladh an meánleibhéal amach sa scrúdú léitheoireachta, bhain 76% an leibhéal sin amach sa léamh agus bhain 87% an leibhéal céanna amach sna tástálacha cainte agus éisteachta. Ba iad na figiúirí a bhí i gceist sa trí réimse i gcás daltaí nár fhreastail ar scoil lán-Ghàidhlig ná 75%, 69% agus 81% faoi seach.
Tá os cionn 3,500 gasúr ag freastal ar scoileanna lán-Ghàidhlig in Albain agus Acht nua Oideachais i bhfeidhm a chuireann iachall ar na húdaráis áitiúla an t-éileamh atá ann don oideachas lán-Ghàidhlig sa cheantar a fhiosrú.
Tá fáilte curtha ag Príomhfheidhmeannach Bhòrd na Gàidhlig, macasamhail Fhoras na Gaeilge, roimh thorthaí an staidéir agus dúirt go bhfuil an taighde ag teacht le torthaí a fuarthas i staidéir eile timpeall an domhain.
“Cruthaíodh in go leor staidéar go mbíonn daltaí a fhaigheann oideachas dátheangach ar comhchéim le daltaí atá sa chóras aonteangach, nó níos fearr ná iad, agus bíonn buntáiste eile ann freisin,” a dúirt Shona MacLennan.
Tá súil ag lucht scríofa an staidéir, in Ollscoil Dhún Éideann, buntáistí an dátheangachais, go háirithe i gcás teangacha dúchais na hAlban, an Ghàidhlig ina measc, a chruthú.
“Tá súil againn a chruthú go mbíonn buntáistí i gceist leis an dátheangachas, fiú i gcás teanga fhíormhionlaithe ar nós na Gàidhlig, ceann den dá theanga atá á labhairt, agus nach le mórtheangacha amháin a bhaineann na buntáistí sin.
“Léiríodh i staidéir go mbaineann buntáistí cognaíocha leis an dátheangachas a chabhraíonn le daltaí dul i ngleic le fadhbanna nua, ag meascadh le grúpaí nua, ag athrú poist nó ag foghlaim scil nua. Níl bonn láidir faoi na torthaí go fóill agus caithfear tuilleadh taighde a dhéanamh.
Dúirt urlabhraí de chuid Rialtas na hAlban go dtugann an Rialtas sin tacaíocht láidir don teanga agus go bhfuil sé mar aidhm aige an teanga a chaomhnú in Albain.
“Is cuid dár bhféiniúlacht agus dá gcultúr í an Ghàidhlig agus cuireann na scoileanna Gàidhlig oideachas maith dátheangach ar fáil ar fud na tíre.
“Ní hamháin go dtugann an Gaeloideachas deis nascadh leis an teanga bheo is sine in Albain, ach léiríonn an staidéar go mbíonn buntáistí cognaíocha i gceist nuair a thógtar páistí go dátheangach,” a dúirt an t-urlabhraí.
Fág freagra ar 'Is fearr a éiríonn le daltaí bunscoile atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge in Albain – staidéar nua'