‘Bun agus barr an Oireachtais – muintir na Gaeltachta ag teacht le chéile’ – ceiliúradh anocht ar An Daingean 1987

Tugtar creidiúint d’Oireachtas An Daingin 1987 gurbh é a spreag muintir Chorca Dhuibhne chun páirt níos gníomhaí a bheith acu in imeachtaí An Oireachtais ina dhiaidh sin

‘Bun agus barr an Oireachtais – muintir na Gaeltachta ag teacht le chéile’ – ceiliúradh anocht ar An Daingean 1987

Pádraig Ua Maoileoin, Jed Budhlaeir agus Mícheal de Mórdha ag Oireachtas 1987

Beidh ceolchoirm speisialta ar siúl anocht ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne le comóradh a dhéanamh ar an Oireachtas a bhí ar siúl 30 bliain ó shin sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Beidh iomaitheoirí atá ag glacadh páirte i gcomórtais an Oireachtais i mbliana agus daoine a ghlac páirt sna comórtais a reáchtáladh sa bhaile cáilúil Gaeltachta in 1987 ar an ardán sa Ballroom in Óstán an Gleneagle ag 9.30 anocht leis “an chuid is fearr d’oidhreacht teanga augs cheoil Chorca Dhuibhne” a léiriú.

Is í an láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhíonn sa chathaoir gach lá ar an gclár Muimhneach An Saol Ó Dheas, Helen Ní Shé, a bheidh ina bean tí ag an ócáid.

“An rud is mó is cuimhin liom mar gheall ar Oireachtas an Daingin gur bhuaileamar le hamhránaithe sean-nóis Chonamara a tháinig don bhféile. B’in an chéad uair a bhuaileamar leo, bhí muintir na Gaeltachta ag bailiú isteach sna pubanna chun féachaint orthu. Is cuimhin liom go mbíodh an nós ag muintir na háite fuisce a ól roimis amhrán a chanadh ach go raibh mil agus pórtar ag cleas Chonamara — bhí na tricks ar fad acu.

“Chuir sé tús leis an gceangal idir na ceantair Ghaeltachta. Bhuaigh Nóra Ghriallais Corn Uí Riada agus ina dhiaidh sin ba é an t-amhrán is mó a chloistí ar an Raidió ar feadh blianta,” a dúirt Ní Shé le Tuairisc.ie.

Dúirt sí gur léir an uair sin go raibh an tOireachtas ag dul i méid agus go raibh “brú ar an nDaingean” deiléail leis an slua a bhailigh sa bhaile don fhéile.

“Ní raibh ann ach an Hillgrove agus an Sceilg agus cúpla ionad beag eile agus bhí an Daingean faoi bhrú. Tháinig an tOireachtas ar ais ina dhiaidh san ach ba léir go raibh an slua fachtha mór in 1987,” a dúirt sí.

Dúirt sí gur “ceiliúradh ar mhuintir Chorca Dhuibhne féin” a bheidh in ócáid na hoíche anocht i gCill Airne.

“Beidh ceolchoirm againn anocht agus is ceiliúradh ar mhuintir Chorca Dhuibhne féin a bheidh ann chomh maith le comóradh ar an rian a d’fhág Oireachtas na Samhna 1987 ar an bpobal. Is ceiliúradh ar mhuintir na Gaeltachta ar fad a bheidh ann, mar sin bun agus barr an Oireachtais domsa, muintir na Gaeltachta ar fad ag teacht le chéile,” a dúirt sí.

Ba in 1987 a reáchtáladh an tOireachtas sa Daingean den chéad uair, tráth a mbíodh an fhéile mhór Ghaelach ag dul ar camchuairt timpeall na Gaeltachta. Bhí an fhéile sa bhaile sin arís sa bhliain 1992 agus don uair dheireanach sa bhliain 2001.

Dúirt Helen Ní Shé le Tuairisc.ie go raibh sí idir dhá chomhairle faoi cé acu ar ceart an tOireachtas a thabhairt ar ais go dtí an Daingean ach go bhfuil “rud éigin ag teastáil go géar sa Ghaeltacht” le spéis sa chultúr dúchais a mhúscailt.

Jed Búdhlaeir (RIP); Úna Uí Lachnáin (RIP); Pádraig Ua Maoileoin (RIP), Uachtarán Oireachtas 1987; Nóirín Ní Chonghaile, Rúnaí Náisiúnta An Oireachtais agus Anne Marie Nic Gearailt, Rúnaí An Choiste Áitiúil.

Beidh rogha de cheoltóirí agus d’amhránaithe Chorca Dhuibhne ar stáitse an oíche sin, idir óg agus cnagaosta agus tabharfar ómós speisialta  do bheirt a bhí an-ghníomhach sna hullmhúcháin  don Oireachtas an bhliain úd (30 bliain ó shin – an chéad uair riamh a tionóladh An tOireachtas taobh thiar de dhroichead Chathair Uí Mhóráin):  sin iad Jed Búdhlaeir (RIP) agus Aloysius Ó Cíobháin (RIP). 

Ba é Jed a bhí mar Chathaoirleach ar choiste áitiúil na bliana sin agus bhí páirt an-ghníomhach ag  Aloysius  sna hullmhúcháin chomh maith. Beidh baill dá dteaghlaigh i láthair ar an oíche.

Bhí  An tOireachtas sa Daingean dhá bhabhta eile ina dhiaidh sin: i 1992 agus i 2001.

Tugtar creidiúint d’Oireachtas An Daingin 1987 gurbh é a spreag muintir Chorca Dhuibhne chun páirt níos gníomhaí a bheith acu in imeachtaí An Oireachtais ina dhiaidh sin.

Beidh béim ar leith á cur ar dhream óg Chorca Dhuibhne sa cheolchoirm comórtha agus cuirfear lúibín, agallamh beirte, ceol, rince agus scéalaíocht i láthair sa chéad chuid den cheolchoirm agus an stáitse faoi na hógánaigh.

Orthu siúd eile a bheidh páirteach tá cuid de mhuintir Bheaglaíoch ó Bhaile na bPoc; Feargus Ó Flaithbheartaigh agus an Garfinny Céilí Band; Pádraig Ó Sé agus Caoimhghín Ó Sé (ómós do Mhaidhc Dainín); Tommy Ó Lubhaing, scéalaí; Páidí Mhárthan agus Beirní Pháid Ó Muircheartaigh agus ‘Mná An Oileáin’ – Eilín Ní Chearna agus Áine Uí Laoithe.

Cead isteach  €5.00  agus beidh ticéad crannchuir ar fáil  saor in aisce in éineacht le gach ticéad iontrála.

Fág freagra ar '‘Bun agus barr an Oireachtais – muintir na Gaeltachta ag teacht le chéile’ – ceiliúradh anocht ar An Daingean 1987'