‘Buíochas le Dia, tá muid go léir slán’ – an príomhoide a chuaigh i gcabhair ar dhaltaí coláiste Gaeltachta

Labhair Tuairisc.ie le Ruairí Mac Mánais, Príomhoide Choláiste Gael Linn Mhachaire Rabhartaigh a bhí ar dhuine de na daoine a chabhraigh tráthnóna inné le grúpa daltaí a chuaigh i sáinn san fharraige a thabhairt slán

‘Buíochas le Dia, tá muid go léir slán’ – an príomhoide a chuaigh i gcabhair ar dhaltaí coláiste Gaeltachta

Tá Príomhoide Choláiste Ghael Linn Mhachaire Rabhartaigh Ruairí Mac Mánais ar ais ag an obair ó scaoileadh amach ar maidin é as an ospidéal, mar a raibh sé ag teacht chuige féin i ndiaidh na heachtra tarrthála ar muir a tharla i nGaeltacht Dhún na nGall aréir.

Tháinig Héileacaptar 118 an Gharda Chósta, bád Thoraí, an Queen of Aran, iascairí áitiúla agus baill foirne an choláiste i gcabhair tráthnóna inné ar ghrúpa ógánach a chuaigh i sáinn agus iad ag snámh amach ó thrá Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Dhún na nGall.

Bhí Príomhoide Choláiste Ghael Linn Mhachaire Rabhartaigh Ruairí Mac Mánais ar dhuine de na daoine a chuaigh i gcabhair ar na daltaí atá ag freastal ar an gcoláiste samhraidh iomráiteach.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt Ruairí Mac Mánais, go raibh sé thar a bheith buíoch go raibh na daltaí agus an fhoireann uilig slán.

“An t-aon rud a bhí ar m’intinn inné ná go dtiocfadh na daltaí agus an fhoireann uilig slán agus buíochas le Dia, tá muid go léir slán.

“Dea-scéal a bhí ann sa deireadh. Inné, ní raibh muid cinnte gurb amhlaidh a bheadh. Tá achan duine sásta go maith inniu agus iad imithe ar thuras. Níor fhan duine ar bith sna tithe fiú,” arsa Mac Mánais.

Dúirt Mac Mánais gur léiriú a bhí san eachtra inné go mbíonn “baol i gceist leis an fharraige i gcónaí”.

“Níl an locht ar dhuine ar bith. Tá baol san uisce ann i gcónaí agus tharla an eachtra chomh gasta sin. Fiú dá mbeadh an Garda Cósta díreach le do thaobh. Sin an fáth a ndéanann muid measúnú ar na rioscaí agus go bhfuil a fhios againn cad atá le déanamh i gcás éigeandála.

“Buíochas le Dia go bhfuil foireann den scoth agam a d’oibrigh le chéile. Bhí achan duine ag obair le chéile as a stuaim féin agus tá muid iontach buíoch de mhuintir na háite a tháinig ar bháid agus ar chláir surfála chun cuidiú linn. Bhí muid ag obair le chéile mar aon fhoireann amháin.”

Dúirt an príomhoide go ndeachaigh sé amach san fharraige agus baoithe tarrthála aige a luaithe agus a chonaic sé go raibh na daltaí i sáinn.

“Cad é a dhéanann tú i gcás mar sin? Caithfidh tú cuidiú a thabhairt. Rith mé suas an trá. Bhí cúpla baoi tarrthála agam agus bhí mé ag iarraidh cuidiú éigin a thabhairt do na daltaí a bhí i sáinn san uisce,” a dúirt sé.

Ag labhairt dó ó Mhacaire Rabhartaigh inniu, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, gur “mór idir an lá inné agus an lá inniu” agus go raibh siad “an-bhuíoch gur oibrigh an tarrtháil go breá”.

“Ónár dtaobh de, d’oibrigh an fhoireann againn féin mar is ceart, mar aon leis an bpríomhoide Ruairí Mac Mánais agus an leas-phríomhoide Caitríona Mhic an tSaoir.

“Tá muid chomh buíoch sin de dhaoine sa cheantar a tháinig i gcabhair ar na daltaí agus as na seirbhísí tarrthála a tháinig go pras agus go héifeachtach. Tá muid bródúil go speisialta as an fhoireann againn féin.

“Ar ócáid a bhí baolach agus strusmhar, d’iompair siad iad féin thar barr agus choimeád siad na daoine óga le chéile agus chinntigh siad nach raibh siad róbhuartha,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn.

Fág freagra ar '‘Buíochas le Dia, tá muid go léir slán’ – an príomhoide a chuaigh i gcabhair ar dhaltaí coláiste Gaeltachta'