Tarrtháil déanta ar 15 duine ó choláiste samhraidh Gaeltachta a scuabadh chun siúil sa bhfarraige

Tháinig Héileacaptar 118 an Gharda Chósta, bád Thoraí an Queen of Aran agus iascairí áitiúla i gcabhair tráthnóna ar ghrúpa ógánach a bhí i sáinn san fharraige amach ó thrá Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Dhún na nGall

Tarrtháil déanta ar 15 duine ó choláiste samhraidh Gaeltachta a scuabadh chun siúil sa bhfarraige

Tugadh slán tráthnóna 15 dalta coláiste samhraidh Gaeltachta a bhí go mór i gcontúirt nuair a scuab an fharraige chun siúil iad ag trá Mhachaire Rabhartaigh.

Tháinig Héileacaptar 118 an Gharda Chósta ar an láthair chun cuidiú leis na hógánaigh a bhí ag snámh nuair a chuaigh siad i sáinn timpeall 4pm tráthnóna.

Crochadh na hógánaigh, a tuairiscítear atá ag freastal ar choláiste Gaeltachta sa cheantar, ón bhfarraige agus tugadh deichniúr acu ar an héileacaptar tarrthála go dtí Ospidéal na Ollscoile Leitir Ceannain. Cuireadh cóir leighis ar cheathrar ar an láthair agus tugadh duine eile go an ospidéal in otharcharr.

Thóg iascairí áitiúla cuid de na daoine óga as an bhfarraige agus tuairiscítear gur éirigh le cuid acu snámh i dtír iad féin.

Dúirt urlabhraí ón nGarda Cósta go raibh “an t-ádh dearg” ar na hógánaigh.

Fuair Lucht Ionad Comhordúcháin Gharda Chósta Chionn Mhálanna roinnt glaonna éigeandála faoin eachtra thart ar 4pm tráthnóna agus iadsan a bhí freagrach as an tarrtháil a stiúradh. Chabhraigh bád farantóireachta Thoraí, an Queen of Aran, agus Aonad na Maoile Rua den Gharda Cósta leo.

Ag labhairt dó le Highland Radio, dúirt an comhairleoir contae Gaeltachta Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig go raibh moladh mór tuillte acu siúd a raibh baint acu leis an tarrtháil, idir mhuintir na háite agus lucht na seirbhísí éigeandála.

“I dtús báire, ba mhaith liom a rá nár gortaíodh aon duine go dona. Ba mhaith liom moladh a thabhairt d’iascairí an cheantair, na leaideanna óga agus gach duine a chuaigh amach ansin agus ar éirigh leo na daoine a bhí i sáinn san uisce a thabhairt slán,” a dúirt Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig.

Fág freagra ar 'Tarrtháil déanta ar 15 duine ó choláiste samhraidh Gaeltachta a scuabadh chun siúil sa bhfarraige'