Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

'Máchail’ le Ré Ó Laighléis as Baile Átha Cliath a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2020

Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

Is é Ré Ó Laighléis, agus a chomhlacht foilsitheoireachta Móinín, a thug leo Gradam Uí Shúilleabháin na bliana seo dá shaothar Máchail.

Úrscéal é Máchail faoi chruachás teaghlaigh in Éirinn a tháinig faoi racht na mbancanna nuair a chlis ar gheilleagar na tíre.

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge gradaim leabhar na bliana ar líne inniu agus saothair ó Futa Fata agus Leabhar Breac a bhuaigh an dá dhuais eile.

An Féileacán agus an Rí le Máire Zepf, a d’fhoilsigh Futa Fata, a bhuaigh Gradam Réics Carló, an gradam do leabhar na bliana do dhaoine óga.

Ar Luch agus ar dhuine, aistriúchán ag Colmcille Ó Monacháin ar shaothar John Steinbeck Of Mice and Men, a bhuaigh Gradam de Bhaldraithe, an gradam do shaothar aistrithe. Leabhar Breac a d’fhoilsigh an saothar sin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt údar Máchail, Ré Ó Laighléis, bunaitheoir Theach Foilsitheoireachta Móinín atá lonnaithe i gcontae an Chláir, go raibh “gliondar” air Gradam Uí Shúilleabháin 2020 a fháil dá shaothar Máchail.

Máire Zepf

“Ba chóir go dtabharfadh an duais seo uchtach d’fhoilsitheoirí beaga sa mhéid is gur foilsitheoir é Móinín nach bhfaigheann agus nach lorgaíonn deontas ó Fhoras na Gaeilge, rud a fhaigheann foilsitheoirí na Gaeilge i gcoitinne,” a dúirt sé.

Seo an dara mórdhuais litríochta a bronnadh ar Ó Laighléis dá shaothar Máchail, óir thug sé ‘Buaic-Shaothar Próis na Bliana’ leis ag Comórtas Liteartha an Oireachtais 2019.

Duaischiste €17,000 a bronnadh ar leabhair na bliana ag ócáid a reáchtáladh ar líne inniu.

Is fiú €5,000 Gradam Uí Shúilleabháin don fhoilsitheoir agus €2,500 d’údar an tsaothair, €5,000 a fhaigheann an foilsitheoir agus €1,250 a fhaigheann t-údar do Ghradam Réics Carló. €1,500 a bhronntar ar fhoilsitheoir an tsaothair as Gradam de Bhaldraithe agus €500 a fhaigheann an t-aistritheoir.

Rinne Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir agus dúirt sé go gcaithfí a chinntiú go bhfuil foilseacháin Ghaeilge ar fáil do léitheoirí na Gaeilge ar fud an domhain le linn na paindéime.

Colmcille Ó Monacháin

“Tá borradh agus bláthú i dtaca leis an litríocht Ghaeilge le tabhairt faoi deara, ní hamháin sa tír seo ach san Eoraip agus níos faide ó bhaile. Is ugach dúinn ar fad é nuair a fheicimid saothar Gaeilge á aistriú go  teanga eile, chomh maith le sárfhoilseacháin ó theangacha eile a bheith á gcur ar fáil i nGaeilge.

“Is léiriú  atá ann ar rath agus ar bhríomhaire ár dteanga, ár scríbhneoirí agus ár dtithe foilsitheoireachta. Ní mór dúinn anois, go háirithe i bhfianaise na corraíola eacnamaíochta agus na ndúshlán eile atá tarlaithe de bharr na paindéime, a chinntiú go sroichfidh na leabhair seo na margaidh atá ag tnúth leo,” a dúirt Liam Ó Maolaodha.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go raibh “beocht agus brí” in earnáil na leabhar Gaeilge faoi láthair cé go raibh “na tithe foilsitheoireachta faoi bhrú”.

“Tá súil  agam gur ardú meanma agus b’fhéidir ardú díolacháin a bheidh ann dóibh a bheith luaite ar na gearrliostaí  i mbliana,” a dúirt Seán Ó Coinn.

Fág freagra ar 'Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge'