Bua ‘milis’ do Folláin agus Gradam an Dochtúra Ó Loingsigh le bronnadh orthu

I 1983 a bunaíodh Folláin Teo., comhlacht déanta suibhe. Triúr a bhí ar an bhfoireann ar dtús; cúigear is fiche a fhostaítear anois ann agus iad ag dul ó neart go neart

Tá Gradam an Dochtúra Ó Loingsigh 2015 le bronnadh ar Mháirín agus ar Pheadar Ó Lionáird agus a gcomhlacht, Folláin Teo., amárach san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne, as ucht na hoibre atá déanta acu i gceantar Mhúscraí in imeacht na mblianta.

Ag caint di le Tuairisc.ie, dúirt duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Máirín Uí Lionáird, gur pribhléid é a leithéid d’aitheantas a fháil: “Táimid ana-shásta agus ana-thógtha leis agus is mór agamsa go bhfuil bonn an Dochtúra Ó Loingsigh á fháil againn”.

Mhínigh sí do Tuairisc.ie gurbh fhear é Dómhnall Ó Loingsigh a raibh an-mheas air go háitiúil agus a dhein an-chuid chun gnónna a chur ar bun thart timpeall Mhúscraí. “Bhí clú agus cáil air anso timpeall. Fear mór tionscail ab ea é – tionscal cniotála, bácús agus tionscail do mhná, rud a bhí ana-neamhghnách ag an am”, ar sise.

Throid sé sa Chogadh Ostra-Ungárach agus chaith seal i Meiriceá le linn fuadar an óir sular thug sé a aghaidh ar a fhód dúchais arís. “Dhein sé leigheas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus dhein dochtúir de féin. Thar aon ní eile, d’aithin sé an easpa a bhí ar an ndúthaigh”, a dúirt Máirín. Níorbh fhada é ag cabhrú le muintir na háite an chuid is fearr a dhéanamh dá mbuanna dúchasacha agus iad a mhisniú le dul i mbun fiontair nua.

Fear mór cultúir ab ea é, leis, agus cuid lárnach dá fhís do Bhaile Bhuirne ab ea dlúthú agus caomhnú na hoidhreachta ann, rud a chuirtear san áireamh agus gradam den tsaghas seo á bhronnadh ar dhuine nó ar dhream faoi leith.

Comhlacht déanta suibhe is ea Folláin atá lonnaithe i gCúil Aodha i bParóiste Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí, a chuireann fostaíocht bhuan ar fáil do chuid nach beag de mhuintir na háite. Triúr a bhí ar an bhfoireann i dtús na haimsire ach cúigear is fiche atá anois ann. Tá obair an chomhlachta tar éis dea-cháil a tharraingt ar cheantar Mhúscraí go hidirnáisiúnta as ucht feabhas a dtáirge.

Seo é an chéad uair go bhfuil an gradam seo á bhronnadh agus bronnfar gach aon bhliain amach anseo é i gcuimhne ar an Dochtúir Dómhnall Ó Loingsigh, agus ar a shaothar ar son mhuintir Mhúscraí le forbairt shóisialta agus eacnamaíochta an cheantair a chur chun cinn.

Beidh teacht le chéile ag muintir na háite amárach san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne, mar a mbeidh an gradam á bhronnadh go hoifigiúil ar Folláin. I measc na gcainteoir a chloisfear ann, beidh an tOllamh Cathal MacSwiney Brugha, garmhac le Terence MacSwiney. Is é an tOllamh MacSwiney Brugha a bhronnfaidh an gradam ar fhoireann Folláin.

Déanfar aifreann speisialta a cheiliúradh maidin Dé Domhnaigh i gcuimhne ar Dhómhnall Ó Loingsigh, a chraolfar beo ar Raidió na Gaeltachta.

Tá fáilte roimh chách go dtí na himeachtaí seo.

Fág freagra ar 'Bua ‘milis’ do Folláin agus Gradam an Dochtúra Ó Loingsigh le bronnadh orthu'