Bua i ndán do na Cúigí ar fad sa Pro 12 an deireadh seachtaine seo

Tá an-seans ag na Cúigí ar fad bua a fháil i mBabhta 16 den Pro 12, díreach mar a rinne siad i mBabhtaí 14 agus 15

Bua i ndán do na Cúigí ar fad sa Pro 12 an deireadh seachtaine seo

Fágann cluichí Chomórtas na Sé Náisiún nach mbeidh fáil ag na Cúigí ar a gcéad rogha an deireadh seachtaine seo, ach tá mise ag tuar go bhfuil an-seans acu ar fad bua a fháil i mBabhta 16 den Pro 12, díreach mar a rinne siad i mBabhtaí 14 agus 15.

Sa mBreatain Bheag a bheas na Laighnigh (atá sa dara háit) tráthnóna i gcoinne na nDragons (atá sa 10ú háit), foireann a chaill faoi dhó le coicís agus iad ag imirt i gcoinne na Muimhneach agus na gConnachtach.

Ach ní raibh buntáiste an bhaile acu i gceachtar den dá chluiche sin ach is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh leas a bhaint as aon bhuntáiste ar féidir leo agus iad ar thóir bua a thabharfadh ó íochtar an tábla iad agus a scarfadh ó na hIodálaigh iad. Is deacair bua a shamhlú dóibh, fiú agus iad ag imirt ar a ngort féin.

Beidh na Muimhnigh ag tabhairt faoi na Scarlets anocht freisin. Níl idir na foirne seo ach deich bpointe, Cúige Mumhan ar bharr an tábla agus na Scarlets ceithre áit taobh thiar díobh. Ní hamháin go mbeidh buntáiste an bhaile ag na Muimhnigh ach tá borradh iontach fúthu le tamall anuas. Níor chaill siad ach dhá chluiche sa gcomórtas go dtí seo agus níor chaill siad aon chluiche ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite nuair a chaill iad 25 – 14 i gcoinne na Laighneach san Aviva. Sin gaisce.

Caithfidh fir Phat Lam a bheith airdeallach agus iad ag cur chun páirce san Iodáil i gcoinne Treviso. Chaill na Connachtaigh an cluiche seo anuraidh nuair a bhí fir an iarthair ar an mbealach chuig corn an Pro 12. San 11ú háit ar an tábla atá Treviso faoi láthair agus gan ach dhá chluiche buaite acu as 15 cluiche. Ní mórán níos fearr atá torthaí na gConnachtach agus sé bhua acu as 14 cluiche. Mar sin féin, ach an oiread leis na Muimhnigh, tá borradh faoi Chúige Chonnacht le cúpla seachtain anuas agus fios ag Pat Lam gur gá dó a dheis a thapú nuair atá an freasúra lag de bharr cluichí idirnáisiúnta.

San Iodáil a bheas na hUltaigh Dé Domhnaigh agus iadsan ag imirt i gcoinne fhoireann íochtar an tábla, Zebre. Tá 31 pointe agus sé áit sa tábla idir na foirne seo. Níor éirigh leis na Iodálaigh ach cluiche amháin a bhuachan go dtí seo, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Dhún Éideann i mBabhta 7. Ní dóigh liom go mbeidh an dara bua acu an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Bua i ndán do na Cúigí ar fad sa Pro 12 an deireadh seachtaine seo'