Briseadh croí do dhornálaí Gaeltachta agus a deis caillte aici ar bhonn

Níor éirigh le Christina Desmond, as Cill na Martra i gCorcaigh, sa bhabhta ceathrú ceannais de Chraobh Dornálaíochta an Aontais Eorpaigh tráthnóna san Iodáil

Briseadh croí do dhornálaí Gaeltachta agus a deis caillte aici ar bhonn

Christina Desmond. INPHO/Tommy Dickson

Chaill dornálaí Chill na Martra, Christina Desmond, an deis bonn cré-umha a bhuachan ag Craobh an Aontais Eorpaigh tráthnóna tar éis do Nouchka Fontijn na hÍsiltíre an ceann is fearr a fháil uirthi sa bhabhta ceathrú ceannais.

Chas an bheirt ar a chéile i gcomórtas cáilithe do na Cluichí Oilimpeacha anuraidh agus tháinig Desmond aniar aduaidh ar an Ísiltíreach sa bhabhta sin. Ba léir cumas Fontijn, atá ocht mbliana níos sine ná bean óg Chorcaí, i mbabhta an lae inniu, áfach.

Ní raibh mórán idir an bheirt sa chéad bhabhta agus beirt den chúigear moltóirí den tuairim go raibh Desmond chun tosaigh ach sheas taithí agus airde Fontijn léi sa dá bhabhta eile agus rinne sí a dóthain chun go dtabharfadh na moltóirí uile a vóta di.

Tar éis di bonn cré-umha a thabhairt léi ag Craobh na nOllscoileanna agus ag Craobh na hEorpa anuraidh, is údar díomá a bheidh ann do Desmond nár éirigh léi an gaisce céanna san Iodáil an tseachtain seo, ach níl sí ach 21 bliain d’aois agus is iad na Cluichí Oilimpeacha in 2020 an phríomhsprioc atá aici.

Bhí Éireannach eile, Kristina O’Hara, san iomaíocht níos luaithe tráthnóna ach theip uirthi chomh maith ina troid i gcoinne Roberta Bonatti na hIodáile. Ní raibh mórán eatarthu i gcaitheamh na coimhlinte ach tugadh an cinneadh do Moratti ar bhreith mhóraimh.

Ní drochscéala uile atá ann do na hÉireannaigh sa chomórtas, áfach. Tá bonn cré-umha ar a laghad ag triúr a bhí san iomaíocht inné. Bhuaigh Michaela Walsh, Kellie Harrington agus Gráinne Walsh a gcuid babhtaí inné agus rachaidh siad ar aghaidh chuig na babhtaí leathcheannais Dé hAoine.

Fág freagra ar 'Briseadh croí do dhornálaí Gaeltachta agus a deis caillte aici ar bhonn'