BRICS ag dul ó neart go neart agus an dollar ag dul i laige

Tá muinín sa gcóras domhanda airgeadais mar a bhíodh caillte ag tíortha an Domhain Theas

BRICS ag dul ó neart go neart agus an dollar ag dul i laige

Tá athrú mór domhanda ar siúl faoi láthair, cé nach n-aithneofá sin más ar na meáin mhóra a bhíonn tú ag brath. Tá an tIarthar Atlantach ag cailliúint cumhachta, agus an chuid eile den domhan ag teacht chuige féin.

Léiriú ar an athrú is ea ar tharla sa Rúis i gcathair Kazan, príomhchathair na Tatarstáine, i rith na seachtaine, áit a raibh cruinniú mullaigh idirnáisiúnta á reáchtáil ag bloc BRICS, arna óstáil ag an té atá ceaptha a bheith ina éaglann dhomhanda, Vladimir Putin.

Mar is eol do léitheoirí an cholúin seo bunaíodh BRICS in 2009 le comhoibriú trádála a chothú idir an Bhrasaíl, an Rúis, an India agus an tSín. Bhain an Afraic Theas ballraíocht amach in 2011, ach thug na smachtbhannaí a cuireadh ar an Rúis i ndiaidh a n-ionradh ar an Úcráin spreagadh don eagraíocht, is bhí ionadaithe as 32 tír i láthair i Kazan, agus an Araib Shádach, an Iaráin, an Tuirc agus an Indinéis ina measc.

Tá 45% de dhaonra an domhain i dtíortha de chuid BRICS, agus de réir mar a fhásann san eagraíocht éiríonn sí níos láidre ná G7 Dhomhan an Iarthair, mar a mhínigh mé i Tuairisc i Meán Fómhair na bliana seo caite.

Nuair a thosaíos ag scríobh faoi BRICS in 2015 dúradh gur baothchaint a bhí inti, ach féach anois.

Ar ndóigh, ní hamháin go raibh impleachtaí móra eacnamaíochta agus airgeadais ag baint leis an gcruinniú in Kazan, ach ba ráiteas cumhachtach polaitiúil a bhí sa gcruinniú mullaigh ar an gcéad dul síos.

Ó thosaigh an choimhlint san Úcráin, tá iarracht déanta ag an Iarthar an Rúis a leithlisiú trí smachtbhannaí agus brú taidhleoireachta. Léiríonn an cruinniú mullaigh gur theip ar na hiarrachtaí sin. In ionad a bheith scoite amach, tá cruinniú mullaigh á reáchtáil ag an Rúis ina bhfuil fonn ar go leor náisiún a gceangal eacnamaíochta agus polaitiúil le Moscó a neartú.

Tá ballraíocht BRICS tarraingteach do na náisiúin sin atá ag lorg roghanna malartacha ar struchtúir eacnamaíochta agus airgeadais atá faoi cheannas an iarthair mar is minic a chuirtear ina leith go gcuireann siad forbairt eacnamaíochta, cobhsaíocht shóisialta agus ceannasacht náisiúnta tíortha níos laige i mbaol.

Chuir na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus reo a sócmhainní béim ar an ngá atá le neamhspleáchas airgeadais, sé sin gan a bheith soghonta a thuilleadh ag an mbeartas naimhdeach a d’imir SAM in aghaidh na Rúise, gan a bheith ag brath ar an dollar le híocaíochtaí a dhéanamh i dtaobh trádála domhanda.

Tá an dídhollarú seo – rogha seachas an dollar i gcúrsaí trádála domhanda – riachtanach, ní hamháin don Rúis ach do thíortha eile chomh maith. Mar tá sé léirithe ag reo na n-acmhainní Rúiseacha thar lear go bhféadfadh na Stáit Aontaithe an cleas céanna a imirt ar aon tír a ghlacann seasamh i gcoinne thoil na Meiriceánach.

Is é sin le rá go bhfuil muinín sa gcóras domhanda airgeadais mar a bhíodh caillte ag tíortha an Domhain Theas, na geilleagair nua. Is fiú a thabhairt faoi deara gur tháinig an méadú is mó ar BRICS i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Ní hé go bhfuil gach ballstát ag taobhú leis an Rúis, ach tá siad go léir sásta comhoibriú eacnamaíochta is trádála a bheith acu leo.

Is é an freagra is láidre ó BRICS go dtí seo a dtrádáil idirnáisiúnta a shocrú níos mó in airgeadraí náisiúnta seachas sa dollar, beart a bhfuil torthaí suntasacha le feiceáil air: tá an méid trádála a socraíodh in airgeadraí na mBallstát tar éis dul thar na hidirbhearta dollar-bhunaithe cheana féin.

Is cosúil anois, ámh, go bhfuil an chéad chéim eile le tabhairt – sé sin córas idirbhancanna a bhunú i gcomórtas le Swift an Iarthair. Ar ndóigh, mar chuid de na smachtbhannaí tá an Rúis díbeartha as Swift.

Rud tábhachtach eile a bhain leis na gcruinniú in Kazan, agus sé sin go raibh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres, i láthair. Tá Guterres cáinte go láidir ag lucht tacaíochta NATO, toisc gur dhiúltaigh sé freastal ar an mbréagthionól ar son na síochána a d’eagraigh na hÚcránaigh agus NATO.

Tá buillí faoi thuairim ann anois go bhféadfadh tíortha an domhain atá i mbéal forbartha, nó an Domhan Theas, éirí as na Náisiúin Aontaithe le bac Mheiriceá a sheachaint. Tá an bac sin in úsáid go rialta chun Iosrael a chosaint ó aon chomhghníomh idirnáisiúnta i gcoinne sceimhlitheoireacht na tíre sin.

Feicfimid, ach san idirlinn tá BRICS ag dul ó neart go neart.

Fág freagra ar 'BRICS ag dul ó neart go neart agus an dollar ag dul i laige'

  • Pádraig

    Ar mhiste le hEoin a rá cad go díreach atá bainte amach ag BRICS seachas buaileamh sciath? An é go gceapann Eoin go bhfuil BRICS ag dul ‘ó neart go neart’ toisc gur eagraigh siad cruinniú mullaigh amháin ar na mallaibh? Níl suíomh gréasáin feidhmiúil ag BRICS fiú – nó rinneadh uasdátú air den uair dheireanach in 2022. Cuir sin i gcomparáid le heagraíochtaí ar nós an Aontais Eorpaigh agus NATO atá ann leis na blianta fada agus a bhfuil rudaí nithiúla bainte amach acu, gan trácht ar an gcumhacht pholaitiúil agus taidhleoireacht a bhaineann leo.

    Cén chaoi a dtabharfaidh BRICS dúshlán Mheiriceá nuair atá GDP California ($3.9 trilliún) níos mó ná GDP iomlán na hIndia ($3.7 trilliún)? Agus nuair atá ballstáit eile de chuid BRICS (an Éigipt, an Airgintín) i lagtrá eacnamaíochta síoraí agus iad go mór i bhfiacha d’institiúidí airgeadais arb é Meiriceá féin a chuir ar bun iad? Nó an é go gceapann Eoin go bhfuil airgeadra na hIaráine nó na Rúise chun áit an dollair a thógáil mar airgeadra domhanda?

  • Conchubhar O Briain

    Rudaí nithíula bainte amach ag NATO amhail coireanna cogaidh agus scrioseadh tíortha.