Tá cumhacht an dollair ag meath agus tá na BRICS ag éirí níos láidre

Ag an BRICS méadaithe tá 80% de tháirgeadh ola an domhain agus 30% d'olltáirgeacht intíre an domhain

Tá cumhacht an dollair ag meath agus tá na BRICS ag éirí níos láidre

Tá cruth eacnamaíochta an domhain á athchóiriú os comhair ár súl, cé gur beag aird atá polaiteoirí nó tráchtairí na hÉireann a thabhairt air,

Tá cumhacht an dollair ag meath agus tá na BRICS ag éirí níos láidre.

Ag cruinniú mullaigh ghrúpa BRICS [an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an Afraic Theas agus an tSín] san Afraic Theas an mhí seo caite, glacadh le seisear ball nua – An Airgintín, an Iaráin, an Éigipt, an Aetóip, an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Tá fiche a dó tír eile i ndiaidh iarratas ar bhallraíocht a chur isteach nó iad ag iarraidh comhoibriú leis an ngrúpa a phlé.

Ag an BRICS méadaithe seo tá 80% de tháirgeadh ola an domhain, 30% d’olltáirgeacht intíre an domhain ($30 trilliún) agus níos mó ná atá ag an G7 [Ceanada, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an tSeapáin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá]. Má thagann an 22 tír a rinne iarratas isteach, beidh 45% d’eacnamaíocht an domhain acu. Is ionann sin agus a bheith 50% níos mó ná eacnamaíochtaí an Iarthair.

Gan aon amhras beidh tionchar mór ag an gcasadh seo ar gheilleagair an Iarthair a mbíonn muide ceangailte leo. De réir mar a thitfidh cumhacht an dollair beidh brú ar aon airgeadra atá ceangailte leis rátaí úis a ardú, agus is muide, na gnáthdhaoine a íocfas as.

Ach is beag trácht, má tá trácht ar bith, le fáil i meáin na tíre seo ar an scéal.

Ní comhghuaillíocht pholaitiúil atá sna BRICS, ach comhghuaillíocht eacnamaíochta. Cinnte, tá difríochtaí, difríochtaí suntasacha i roinnt cásanna, idir tíortha BRICS, agus dhein SAM iarracht mhór cur go mór leis an aighneas idir an tSín agus an India ar an teorainn atá eatarthu.

Ach ag an gcruinniú mullaigh a tionóladh san Afraic Theas, chas beirt cheannairí an dá thír sin le chéile, agus d’eisigh siad ráiteas ina dhiaidh ag rá gur éirigh go maith leis na cainteanna. Dea-scéal do dhream BRICS; drochscéal do SAM.

Tá bunú airgeadra nua le plé ag an gcéad chruinniú mullaigh eile a bheidh ar siúl i Kazan, príomhchathair na Tátarstáine sa Rúis, agus lárionad tábhachtach do thionscal na hola. Vladimir Putin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú sin.

Maidir leis na gcruinniú san Afraic Theas, mhínigh Sergei Lavrov na Rúise gur phléigh siad téarma idirmhalartaithe idir airgeadraí na dtíortha éagsúla is dúirt go mbeadh bunú airgeadra nua le plé an bhliain seo chugainn i Kazan.

Mhínigh sé freisin gur cinneadh ag an gcruinniú nach nglacfaí isteach aon tír a chuireann smachtbhannaí ar bhaill BRICS, is gur diúltaíodh scun scan don léiriú spéise ón nGearmáin is ón tSeapáin ar an údar sin.

Tá sé le tuiscint gur mhaith leis an dá thír sin a gcuid roghanna a choinneáil oscailte. De réir mar a thuigim bheadh fáilte ag na BRICS roimh a leithéid, ach ar an gcoinníoll nach mbeadh seasamh naimhdeach acu i leith aon bhallstát eile.

Tá an coinníoll sin tábhachtach go polaitiúil, ach, ar ndóigh tá SAM ag iarraidh an India, go háirithe, a mhealladh le páirt a ghlacadh sa bhfeachtas in aghaidh na Rúise.

Mar sin, cé nach comhghuaillíocht pholaitiúil atá i BRICS, cabhróidh an coinníoll sin le cumhacht pholaitiúil a thabhairt d’aon tír a mbeadh smachbhannaí á mbagairt uirthi de réir mar a fhásfaidh BRICS sa todhchaí.

Tuigeann SAM an baol atá ann d’aidhm Mheiriceá an lámh in uachtar a bheith acu ar an ngeilleagar domhanda is ar pholaitíocht an domhain.

Ar ndóigh is éard a spreag an casadh nua, agus an díograis lena bhfuiltear ag iarraidh scéim BRICS a chur chun cinn, ná smachtbhannaí Mheiriceá in aghaidh an oiread sin tíortha – an Rúis, an Iaráin, Veiniséala is eile, agus ar ndóigh an bhagairt ar an tSín.

Gan fiacail a chur ann, tá faitíos ar thíortha faoina gcuid acmhainní dollair nuair a fheiceann siad gur féidir le SAM na hacmhainní a ghoid nuair a oireann sé sin dá bpolasaithe eachtrannacha. Bainfear leas as an dollar nuair a bheidh trádáil le Meiriceá i gceist, ach is féidir leo an baol dá gcuid acmhainní a laghdú nuair is trádáil le tíortha eile a bhíonn ar siúl acu, bíodh sin in airgeadra cheann de na tíortha nó san airgeadra nua atá le bunú.

Ag deireadh thiar ciallaíonn an casadh seo nach mbeidh Meiriceá in ann brath ar acmhainní an domhain le híoc as a gcuid cogaí, is beidh orthu brú mór a chur anois ar gheilleagair an Iarthair ar fad ina ionad.

Meas tú nárbh fhiú an comhthéacs nua seo a phlé agus tuairim éigin a bheith againn conas déileáil leis na deacrachtaí nua atá ag teacht? Nó an leor ár súile a choinneáil dúnta go daingean agus sinn ag súil go n-imeoidh an scéal bealach éigin?

Fág freagra ar 'Tá cumhacht an dollair ag meath agus tá na BRICS ag éirí níos láidre'