Tá sé ag druidim le scór bliain ó gheall Stormont straitéis in aghaidh an bhochtanais…

Níl dréachtstraitéis bochtanais soiléir faoi phlean gnímh, buiséad ná spriocdhátaí

Tá sé ag druidim le scór bliain ó gheall Stormont straitéis in aghaidh an bhochtanais…

‘Caith amach í agus tosaigh as an nua.’ Is bocht an teist é ar straitéis Stormont in aghaidh an bhochtanais gur thug saineolaithe agus daoine bochta an t-eiteachas as éadan don dréachtcháipéis. Beidh deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin go luath, 19 Meán Fómhair ach sé an freagra coitianta nach bhfuil sé oiriúnach don fheidhm mar straitéis, gan trácht ar a mhianach mar phlean gnímh.

Tráth a dtáinig sé chun solais go raibh duine as gach cúigear páistí ó dheas, beagnach ceathrú milliún, bocht agus nach raibh dul chun cinn ar bith déanta chun an dearóile a cheansú tá dúshlán níos mó fós le sárú i dTuaisceart Éireann. Bhí costas tithíochta san áireamh san staidreamh ó dheas ach tá páiste as gach cúigear abhus bocht gan costas tithíochta a áireamh; duine as gach ceathrar nuair a chuirtear an coinníoll sin i bhfeidhm.

Tá sé ag druidim le scór bliain ó gheall Feidhmeannas Stormont straitéis in aghaidh an bhochtanais, aitheantas go raibh fadhb mhór le fuascailt. Níos luaithe i mbliana rialaigh an Ardchúirt gur shárú ar an dlí ab ea teip an Fheidhmeannais straitéis a fheidhmiú. Sa Bhealtaine ghlac an Chomh-aireacht le dréachtstraitéis an Aire Pobal, Gordon Lyons an DUP, don tréimhse 2025 go 2035. Eisíodh í le haghaidh comhairliúcháin sa Mheitheamh.

Earra leochaileach ab ea í an chéad lá, an Chéad-Aire, Michelle O’Neill, Sinn Féin sách leamh ina fáilte roimhe; ‘d’fhéadfadh sé a dhul níos faide’ ar sí. Séanadh go raibh easaontas idir Sinn Féin agus an DUP faoin gceist ach ba léir go raibh siad deighilte faoi mar a bhí faoi chruacheisteanna eile. Bhí athchóiriú déanta ag Gordon Lyons ar mholtaí a bhí á n-ullmhú ag a réamhtheachtaí as Sinn Féin agus moltaí faighte aige ó dhaoine nua chun cothromú a dhéanamh ar smaointe na foirne a chuaigh roimhe.

Leag an cháipéis amach trí chrann taca don straitéis. Ba iad sin Laghdú Riosca, Laghdú Tionchair agus Éalú as Bochtanas. Shonrófaí réimsí oibre agus gníomhartha ar leith chun na haidhmeanna sin a bhaint amach. ‘Ligfidh sé seo dúinn difríocht a dhéanamh go leanúnach, éifeachtach i saol na ndaoine atá bocht nó i mbaol bochtanais.’ Bhí an Feidhmeannas tiomanta do chomhoibriú le chéile chun a dhul i ngleic le bochtanas, tacú leis an bpobal, an eacnamaíocht a neartú, oiliúint is oideachas a sholáthar agus sláinte a fheabhsú.

Inmholta gan dabht, ach céard atá beartaithe a dhéanamh?

Ag comhdháil dar teideal ‘éirí amach in aghaidh an bhochtanais’ le déanaí rinneadh cáineadh fíochmhar ar an dréachtstraitéis. Ina dhiaidh sin d’fhoilsigh Líonra na ngrúpaí frithbhochtanais NIAPN (Northern Ireland Anti-Poverty Network) agus 75 eagraíocht eile freagra ar chomhairliúchán na Roinne maidir leis an dréachtstraitéis. Dúradar nár shásaigh sí na critéir le haghaidh straitéise a leag Oifig an Ard-Reachtaire nó Coiste na gCuntas Poiblí síos.

Ba iad na téarmaí tagartha a leag Oifig an Ard-Reachtaire síos nár mhór do straitéis thras-rannach díriú ar ghníomhartha sonracha faoi leith le spriocanna sainiúla intomhaiste. Ar liosta na gcoinníollacha a bhí ag Coiste na gCuntas Poiblí bhí spriocanna a d’fhéadfaí a thomhas agus éileamh go gcuirfí acmhainní ar fáil chun na haidhmeanna sin a bhaint amach.

Bhí míshuaimhneas i measc pholaiteoirí agus lucht feachtais in aghaidh an bhochtanais faoi thuin na straitéise. Bhí imní faoin seantróp gur locht ar an duine féin é a bheith bocht. Mhaígh roinnt go rabhthas á thabhairt le fios go raibh baint ag stíl mhaireachtála le bochtanas. Nuair a bhíonn daoine bocht mar go gcliseann ar phósadh nó fadhb theaghlaigh, eile bíonn gá le cabhair airgid i measc gníomhartha eile. Ní tacaíocht airgid a luaitear san straitéis ach ‘cothú dea-struchtúir teaghlaigh’.

Níl an dréachtstraitéis soiléir faoi phlean gnímh, buiséad ná spriocdhátaí. Deirtear inti go mbainfear na torthaí amach trí ghníomhartha a bheidh sa bplean gnímh. Ní bhfuair an pobal seans na gníomhartha a mheas le linn an chomhairliúcháin. Cén fáth? Is fíor go mbeadh deis plean gnímh a leasú i ndiaidh an chomhairliúcháin phoiblí ach d’uireasa sonraí céard faoi a bhfuil freagraí an phobail á n-iarraidh? Is deacair locht a fháil ar dhaoine a deir nach fiú tráithnín straitéis gan plean gnímh. Athmhachnamh riachtanach in Stormont, ciall leis an éileamh go dtabharfaí faoin obair as an nua, go haibéil.

Fág freagra ar 'Tá sé ag druidim le scór bliain ó gheall Stormont straitéis in aghaidh an bhochtanais…'