Breis scóipe agus snastachta tugtha ag Disney do ‘Shōgun’  

'Athléamh' eile ó cheárta mhór atá  ‘Shōgun’ ach b’fhéidir gur fiú é sa chás seo

Breis scóipe agus snastachta tugtha ag Disney do ‘Shōgun’  

Ba é Richard Chamberlain máistir na saothar teilifíse sna seachtóidí agus ochtóidí, seánra na mionsraithe go háirithe. Cuimhneoidh mórán air mar an chéad Jason Bourne sa mhionsraith a tháinig chugainn i 1988. Roimhe sin thuill sé cáil dá róil in Thorn Birds (1983) agus Shōgun (1980). Bhí an saothar deireanach acu sin bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó James Clavell a bhí bunaithe ar eachtraí polaitiúla agus foréigneacha i ré na samúraí. Ba shaothar é a chur dua air féin a bheith dílis do chultúr na tíre ag an am agus bhí go leor den saothar i Seapáinis. D’éirigh leis 12 ainmniúchán Emmy a ghnóthú agus trí dhuais a chrochadh leis. Áirítear é mar chloch mhíle teilifíse.

Agus na ceártaí mór sruthlaithe ag sluaisteáil chugainn ar a ndícheall ní haon iontas go bhfillfí ar ghníomhartha buile, fill is gaisce na samúraí i Seapáin na bliana 1600. Seo chugainn Disney+ (Shōgun, an chéad dá ghála scaoilte an tseachtain seo) le sraith 10 gclár. Ligimis osna; táimid báite i saothar a fhógraíonn gur “athshamhlú,” “athléamh” nó “leagan nua” iad. Iad á raideadh chugainn le barr leisciúlachta agus le breis pinginí a shniogadh as custaiméirí.

Ach oiread lena réamhtheachtaí fanann an saothar seo dílis don bhunsaothar agus an difríocht is mó ná go dtugann pinginí is maisiúchán Disney breis scóipe agus snastachta don mhionsraith.

Sa chéad ghála címid longbhriseadh ag tarlú don Sasanach John Blackthorne (Cosmo Jarvis) ar chósta na Seapáine. De réir a chéile déantar é a shú isteach sa chamastaíl pholaitiúil idir na taoisigh chogaidh dhúchasacha éagsúla; lena chois tá a maide á chur san fheamainn ag Íosánaigh na Portaingéile. Duine de na tiarnaí sin ná Yoshii Toranaga (Hiroyuki Sanada), fear seiftiúil, calma, diongbháilte a thógann Blackthorne faoina chúram. Cé nach leasc leis an saothar seo an foréigean a léiriú, duine á bheiriú ina bheatha agus an ceann á bhaint de dhuine, is ar an uisce fé thalamh agus an scéiméireacht ar chúla téarmaí atá an chéad dá ghála dírithe. Cuirtear meascán mearaí de charachtair agus mionsonraí os ár gcomhair amach; is deacair coimeád suas leis ar uairibh ach le deich gclár san iomlán déanfar rudaí a shoiléiriú de réir a chéile.

Go dtí seo is mó de bhlas atáim ag a fháil ar na carachtair Sheapánacha ná ar an Sasanach agus tá aisteoireacht bhreá le sonrú síos tríd. Caithfear a bheith cúramach gan titim isteach sa seaniomaire sin ina bhfuil gaiscíoch d’eachtrannach ag teacht i gcabhair agus ag slánú na mbundúchasach.

Ní hé Blackthorne/Jarvis an carachtar/aisteoir is caithisí agus an phríomhfheidhm atá leis ná bheith istigh a thabhairt dúinn i gcultúr na tréimhse. Is go pointeáilte a dhéantar cultacha, nósanna agus béasa na tréimhse a léiriú dúinn agus ach oiread leis an mbunsaothar teilifíse, tá an-chuid den saothar seo as Seapáinis.

‘Athléamh’ eile ó cheárta mhór ach b’fhéidir gur fiú é sa chás seo.

Fág freagra ar 'Breis scóipe agus snastachta tugtha ag Disney do ‘Shōgun’  '

  • Tash

    Táim féin ag súil go mór leis an sraith nua seo a fhescint.
    Bhaineas an-taitneamh as an sean-sraith nuair a chonac é den chéad uair agus mé i mo dhéagóir. Ina dhiaidh son, léigheas an leabhar ó James Clavel 3 nú 4 uair, agus ar feadh blianta bhíos gafa le stair, cultúr, stíl agus nósanna an tSeapáin dá bhrí.
    Tá an scéal ar fad bunaithe ar fíor Sacsanach darbh ainm William Adams, a thuirling in Seapáin sa bhliain 1600, agus an caidreamh (cairdeas fiú) a bhí aige leis an taoiseach Tokugawa Ieyasu, a bhí ceaptha mar siógun in 1603.
    Is iontach an scéal é.