Breathnaigh ar an spéir os do chionn, is ann atá an todhchaí 

Ar shamhlaigh tú fiche bliain ó shin go mbeadh do charr ag caint leat agus ag inseacht do bhealaigh duit?

Breathnaigh ar an spéir os do chionn, is ann atá an todhchaí 

Bhí an Spás agus an spástaisteal go mór sa nuacht le gairid.  Bhí comóradh 60 bliain ann ar thuras éachtach Yuri Gagarin, an chéad spástaistealaí, ón Aontas Sóivéadach. Fuair an spásaire Michael Collins bás in aois a 90 bliain –bhí seisean sa spásárthach Apollo 11, fad is a bhí Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ag leagan cos ar an ngealach den chéad uair i 1969. Agus le gairid freisin, chuir Meiriceá tús in athuair lena chlár gealaí, agus iad i gcomhpháirt le SpaceX agus Elon Musk an uair seo.

Is cuimhin liom féin laethanta órga an spástaistil, nuair a bhí sé sa nuacht den chéad uair.

Bhí Meiriceá agus an Rúis ag iarraidh a chéile a shárú le gaiscí agus ’chaon tír ag iarraidh  seo nó siúd a bhaint amach den chéad uair. Gan aon idirlíon, gan an teileafón a bheith forleathan, gan teilifís fiú, chuaigh na scéalta i bhfad is i ngearr.

Ba ‘gaiscíoch’ aon duine a chuaigh suas sa spás i roicéad an uair sin. Fiú amháin anseo in Éirinn, agus gan againn ach an nuachtán laethúil agus an Nuacht ar Raidió Éireann, bhíomar in ann na scéalta éachtacha a leanacht.

D’ainmnigh Matt Molloy, comharsa béal dorais, a mhada, ‘Sputnik’ in ómós don chéad satailít Rúiseach a thimpeallaigh an domhan. ‘Sputnik Molloy’ a tugadh air go háitiúil ar ndóigh toisc go mbíodh sloinne ar gach mada. 

Nuair a chuaigh Yuri Gagarin in airde ar an 12 Aibreán 1961, seasca bliain ó shin, ba é an chéad duine ariamh é a thimpeallaigh an domhan ón spás, ina spásárthach Vostok 1. Bhí an turas thar a bheith contúirteach – bhí go leor céimeanna nár triaileadh riamh roimhe sin – an tuirlingt ar talamh, ceann amháin díobh.

Ní raibh aon eolas againne faoi na nithe ‘beaga’ sin – ar an scéal mór a bhí ár súile dírithe. Ní raibh a fhios againne go raibh brú damanta ar chorp Gagarin ón bhfórsa imtharraingthe – gur mhéadaigh meáchan a choirp faoi dheich ar an mbealach ar ais agus gur dhraenáil an fhuil óna chuid súl.

Ní raibh an teicneolaíocht ann leis an spásárthach a thabhairt ar ais go sábháilte go talamh agus mar sin, bhí air teitheadh as agus paraisiút a oscailt ar an mbealach anuas. Bhí fabht éigin ar a thiúb anála agus sa mhullach air sin d’oscail an paraisiút tánaisteach trí thimpiste. Ach tháinig sé slán.

Gaiscíoch mór de chuid an Aontais Shóivéadaigh a bhí ann – cuireadh na múrtha fáilte roimhe gach áit dá ndeachaigh sé. Ainmníodh bailte, sliabh, oighearshruth, agus sráideanna ina dhiaidh agus in ómós don Vostok 1.

Ach cailleadh an fear bocht i 1968 agus gan ach na 34 bliain slánaithe aige, i dtimpiste a bhain le tástáil an scairdeitleáin MiG.

Ní raibh na Meiriceánaigh i bhfad i ndiaidh na Sóivéadach – gaiscíoch mór freisin a bhí in John Glenn, an chéad Mheiriceánach a chuaigh timpeall an domhain sa spás – trí huaire sa mbliain 1962.

Agus i 1969, d’fhan muid uilig inár suí i gcaitheamh na hoíche ag fanacht ar an scéala gur leaindeáil na Meiriceánaigh ar an ngealach. Ní raibh le feiceáil an oíche uilig ach an láithreoir Kevin O’Kelly ag taispeáint mionsamhail den spásárthach dúinn, a bhí déanta as cairtchlár nó a leithéid, ar an mbord sa stiúideo.

Leis an bhfírinne a inseacht ní raibh an spásárthach beag inar leaindeáil siad, an ‘Eagle,’ mórán ní ba shlachtmhaire, ná mórán ní ba théagartha ná an mhionsamhail sin. Agus mé ar cuairt ar an Músaem Spáis in Washington roinnt blianta ó shin, bhí a leathcheann ar taispeáint ann. (Theilg siad an ceann a d’úsáid siad amach sa spás roimh theacht ar ais go talamh). Chuir sé iontas orm chomh héadrom agus chomh leamh a bhí sé. D’fhéadfá é a chur as amharc sa seomra suite.

Seasca bliain i ndiaidh na n-imeachtaí gaisciúla sin ar fad,  deirtear linn go bhfuil an Spás, an ‘teorainn is faide amach’ lán le bruscar. Is deacair a shamhlú go bhfuil an spás mór millteach sin a bhí lom, folamh nuair a chuaigh an tsatailít Sputnik ar a turas míorúilteach, plúchta le satailítí – cuid acu nach bhfuil aon mhaith leo ach atá ag timpeallú an domhain go síoraí.

An rud maith nó drochrud é seo, a deir tú?

Tá siad ann a déarfadh gur sa spás a bheas an chéad chogadh domhanda eile. Bheadh sé indéanta ag tír a mbeadh an chumhacht sin aici, buille a bhualadh ar shatailítí a choinníonn cúrsaí cumarsáide sa siúl. Nó buille a bhualadh ar shatailítí a rialaíonn cúrsaí talmhaíochta, b’fhéidir.

Is ar éigean atá mise in ann mo bhealach a dhéanamh timpeall ar Bhaile Átha Cliath gan cabhair ón ‘SatNav’. Dia idir sinn agus an léarscáil leagtha amach ar an suíochán paisinéirí, dá dtarlódh tada don chóras sin.

Ach tá tuairim eile ann – tuairim i bhfad níos dearfaí. Is é sin go leigheasfaidh go leor den obair seo na fadhbanna móra domhanda. Feictear don dream atá dearfach go mbeidh leictreachas á ghiniúint ón Spás, trí úsáid a bhaint as scátháin ollmhóra a athróidh an ga gréine go micreathonnta agus a theilgfidh ar ais chuig an domhain é. Tá na Sínigh cheana féin i mbun na hoibre seo agus iad ag súil go mbeidh ‘leictreachas spáis’ acu faoi 2030.

Meastar go mbeidh ábhar ar nós baill choirp á ndéanamh as ábhar éadrom cosúil le mangainéis agus go mbeidh macasamhail ‘feoil’ á dhéanamh san áit nach bhfuil aon imtharraingt ann – amuigh sa spás. Agus beidh muide, anseo ar domhan, ag dul thart i bhfeithiclí a bheas á stiúradh ón spás, gan aon tiománaithe.

Brionglóid? Crá croí?

Ach ar shamhlaigh tú fiche bliain ó shin go mbeadh do charr ag caint leat agus ag inseacht do bhealaigh duit? Ar cheap tú an uair sin go mbeadh tú lá éigin ag déanamh scannáin le gléas beag i do phóca agus á chur anonn go Meiriceá ar an bpointe?

Más féidir leictreachas a ghiniúint ar bhealach nach gcuirfidh isteach rómhór ar an domhan sin againne, an mbeadh seans ann go gcuirfeadh sin deireadh leis an athrú aeráide?

Agus mé ag léamh faoi seo, chuimhnigh mé ar an dream a bhíonn ag tabhairt amach faoi chearta portaigh agus an cion atá ag muintir na hÉireann ar an tine mhóna.

Chuala mé le gairid faoi fhear ar tugadh bronntanas dó d’ualach brícíní móna. 

Duine muinteartha leis a fuair bás agus bhí a gharáiste lán leo. Nuair a d’oscail sé an doras, bhí burlaí brícíní suas go síleáil ann. Agus nuair a scrúdaigh sé iad, nach iad seanphacaí Bhord na Móna ón gcéad seo caite a bhí iontu, comh maith leis na céadta ‘pacaí buí’ lastóirí tine. 

Bhí an duine bocht a fuair bás ag réiteach don todhchaí. 

Ach féachaimis suas sa spéir feasta – is ann atá an todhchaí i ndáiríre.

Fág freagra ar 'Breathnaigh ar an spéir os do chionn, is ann atá an todhchaí '