‘Bréagadóir thú.’ Baineadh geit as cigire na Roinne Talmhaíochta. Bhí údar aige. Bhí cúis curtha ag an gcigire i leith m’uncail agus é cinnte go raibh sé ar thalamh slán. ‘Tá tarbh agat go mídhleathach,’ arsa cigire na Roinne. ‘Bréagadóir thú,’ arsa m’uncail go dána, agus talamh faoi.
Ach, bhí m’uncail ag siúl ar an tanaí.
Ba é an t-am é nach mbíodh cuntas oifigiúil ann ar bheithígh, mar atá anois. Thugtaí tairbh ‘Department’ do dhaoine áirithe le feabhas a chur ar mhianach na mbeithíoch. Thugadh muintir an cheantair beithígh a bhíodh faoi dháir chuig tarbh an ‘Department’. Bhíodh ceann nó péire ag m’uncail ach bhíodh tarbh ‘áitiúil’ aige scaití. Bhí an Roinn glan in éadan thairbh seo na háite.
Bhí a chompás dírithe ag cigire na Roinne ar m’uncail.
Sheas m’uncail a thalamh ach ní raibh idir é féin agus a chiontaithe ach giobal de chóta báistí a bhí scáinte go leor. Leathnaigh sé amach an cóta ar chaon taobh le súil agus nach bhfeicfeadh an cigire an tarbh ‘áitiúil’ a bhí taobh thiar den chlaí. Ní fhaca, agus d’imigh sé leis ina ‘bhréagadóir’.
Chluininn an comhrá seo i mo ghasúr. D’fhaightí an-spórt ar an gcaoi ar cuireadh an dubh ar an mbán ar an gcigire. Tá sé ráite go dtagann an mianach amach nuair atá do dhroim le balla – go háirid agus tarbh mídhleathach ar chúl an chlaí!
Thug m’uncail leis an ceann sin, ach sílim féin gur thug sé leis a chosa, agus a bheatha, uaireanta eile agus é ag plé leis na tairbh. De réir mar a bhí muid ag éirí aníos inár ngasúir d’fheicinn é ag dul isteach i measc dhá tharbh ‘department’ i scioból nach raibh mórán spáis ná solais ann. Bhíodh sé ag rá scaití go n-iompaíodh tairbh go feargach air. Bhí Dia leis.
D’athraigh an saol, ach níor athraigh sé a dhóthain.
Tá Michael Healy-Rae, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, tar éis litir a chur amach ag meabhrú d’fheilméaraí atá ag dul amach sna blianta nár mhór dóibh a bheith airdeallach – seachas mar a bhídís nuair a bhí neart na hóige ina gcolainn agus ina gcnámha.
Is í an bhrí atá le ‘dul amach sna blianta’ sa gcás seo ná a bheith os cionn 65. Níl aon ghanntan fianaise ag an Aire Stáit faoin gcontúirt a bhaineann leis an bhfeilméaracht i bhfómhar a saoil.
Bhásaigh 91 duine a raibh aois a 65 caite amach acu ar fheilmeacha phoblacht na hÉireann sa tréimhse 2015-2024. De bharr timpistí feithiclí – tarracóirí go háirid – a bhásaigh 36% acu; de bharr timpistí agus ionsaithe ó ainmhithe a bhásaigh 26%; bhásaigh 17% de bharr a leagan nó titim. Bhí ualach a thit anuas orthu, an bá agus meaisíní, ar na cúiseanna eile báis ar an bhfeilm. An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta a chuir na staitisticí seo ar fáil.
Cuireann an tAire Stáit Michael Healy-Rae tuilleadh leis an tuairisc sin ina litir féin, agus meabhraíonn sé gur daoine os cionn trí scór iad 80% acu siúd a fhaigheann bás de bharr timpistí feilme.
Ní hé go bhfuil an tAire Stáit ag moladh gur cheart do dhaoine atá gaibhte amach sna blianta éirí as an bhfeilméaracht; cuireann a dtaithí agus a n-eolas go mór le tionscal na talún, a deir sé.
Ach, a deir sé, faigheann an cholainn agus an intinn beagán níos moille, bíonn maolú ar an éisteacht, agus doiléire ar na súile.
Bunaíodh eagraíocht cúpla bliain ó shin sa tír seo a thugann sólás agus comhairle do dhaoine atá fágtha ina ndiaidh acu siúd a fuair bás de bharr timpistí feilme. Brian agus Norma Rohan as Seanchua i gContae Laoise a bhunaigh ‘Embrace Farm’ in 2014 théis d’athair Bhriain, Liam Ó Rócháin, bás a fháil i dtimpiste feilme. Tá na céadta páirteach ann anois agus bíonn searmanas cuimhneacháin bliantúil i Mainistir Laoise i gContae Laoise, faoi Mheitheamh.
Ábhar machnaimh é d’óg agus d’aosta.
M’uncail, ba de réir a chéile a d’imigh sé. Chuaigh an saol ó mheabhair air ach má d’fhan ruainne cuimhne ar bith, bhain sé le tairbh agus le cigirí na Roinne.
Fág freagra ar '‘Bréagadóir thú,’ arsa m’uncail go dána leis an gcigire ón Roinn Talmhaíochta'