Sa Chúirt Chorónach i mBéal Feirste mar a bhfuil fear ar a thriail as dúnmharú Natalie McNally ar an Lorgain bhí an fhianaise scanrúil agus brónach. An tseachtain seo chugainn beidh cás dhúnmharú Chloe Mitchell ar an mBaile Meánach ar ais os comhair na cúirte. Tháinig sé chun solais le seachtain anuas go ndearna comhaltaí den PSNI foghail ghnéis ar mhná goilliúnacha agus ar chailíní, duine acu nach raibh ach 14 bliain d’aois.
Nach náireach an scéal é san dara ceathrú den 21ú haois. Cúis imní don tsochaí ar fad, údar machnaimh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan nuair atá an t-ord idirnáisiúnta ina smidiríní agus mná ‘s páistí ag fulaingt as cuimse ó chogaíocht ar fud na cruinne. Tá dlíthe a bhí mar bhunchloch ag an gcaidreamh idirnáisiúnta faoi ionsaí, cleachtais shuaracha, neamhdhleathacha ar líne á normalú agus mná thíos le cuid mhór den rabharta fuatha is feirge.
Is léir don domhan mór an íde a d’fhulaing mná in Gaza le breis is dhá bhliain agus foréigean Hamas in aghaidh na mban san ionsaí ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ní fios cén staidreamh léanmhar a bheidh ag teacht as an Iaráin ach oiread. Thuairisc na Náisiúin Aontaithe gur maraíodh 5,000, idir mhná agus chailíní, sa chogadh san Úcráin agus gur gortaíodh 14,000. Cuir easpa fuinnimh, fuacht agus an foréigean in aghaidh na mban atá coitianta le linn cogaidh san áireamh agus is scéiniúil an cás é. Is measa fós é nuair a chuirtear san áireamh an ciorrú nó cealú ar mhaoiniú d’áisíneachtaí cabhrach is cearta daonna a fhágann daoine leochaileacha gan fóirithint.
Cé is moite de láithreacha cogaidh, tá Tuaisceart Éireann ar cheann de na réigiúin is contúirtí san Eoraip do mhná agus cailíní, mar atá ráite go minic cheana sa cholún seo. Mar sin féin baineadh stangadh as an bpobal nuair a nocht tuairisc ó Ombudsman na bPóilíní go ndearna oifigigh mí-úsáid ghnéis ar 36 bean, idir mhná agus chailíní. Chuimsigh cásanna in 2018-2024, tréimhse seacht mbliana san iomlán, 30% de na cásanna ba thromchúisí in aghaidh chomhaltaí den PSNI a fiosraíodh. Mná agus cailíní a bhí leochaileach toisc gur ionsaíodh iad nó gur fhulaing siad coir, daoine le tinneas meabhrach nó andúiligh ab ea go leor; daoine a raibh póilíní in ainm is a bheith ag dul i gcabhair orthu.
Briseadh nó ciontaíodh seisear póilíní i ngeall ar na cásanna sin. Dúirt Hugh Hume, Príomhfheidhmeannach Oifig an Ombudsman, go raibh fiosrú reatha ar bun maidir le 20 oifigeach agus beirt iarchomhaltaí maidir le foghail ghnéis ar 39 íobartach. Bhí súil aige go dtabharfadh an tuairisc uchtach d’íobartaigh chun an tOmbudsman a chur ar an eolas faoi mhí-úsáid.
Cuid bhunúsach, riachtanach d’fheachtas an Fheidhmeannais in aghaidh an fhoréigin ar mhná agus ar chailíní is ea an PSNI. Caithfidh an bhainistíocht a chinntiú go bhfeidhmeoidh an córas mar ba cheart. Tá na dlíthe chun sábháilteacht agus cearta na mban a chosaint againn ach céard is fiú iad murar féidir a bheith cinnte go gcuirfear i bhfeidhm iad? Tráthúil go leor beidh an t-ábhar sin faoi chaibidil i gceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac ón lá amárach, an 9 Márta go dtí 19 Márta.
Sé an téama don 70ú seisiún bliantúil de Choimisiún um Stádas na mBan ‘cearta, an chóir agus gníomhaíocht do mhná agus cailíní’. Léireoidh tuairiscí ó speisialtóirí go bhfuil comhionannas faoin dlí ceilte ar mhóramh na mban ar domhan, fáil ag mná ar 64% de na cearta céanna le fir. Ullmhófar moltaí do rialtais chun rochtain ar an gcóir do mhná agus cailíní a chinntiú. An bhfaighidh na moltaí éisteacht? Gníomh? Cén seans in atmaisféar an lae inniu?
Mar sin féin, ná géillimis don éadóchas. Bímis airdeallach faoi na fadhbanna ar nós an mhí-úsáid a rinne póilíní abhus agus ná ligimis don sárú ar scothchleachtais den uile chineál i gcúrsaí idirnáisiúnta a bheith normálta.
Beimid ag ceiliúradh inniu. Rachaidh mná ag cóisirí, féastaí, drámaí, coirmeacha ceoil, cluichí peile, rásaí, máirseálacha agus shiúlóidí. Tuige nach ngabhfadh? Tá go leor le déanamh ach ní mór a bhfuil bainte amach a aithint agus a athdhearbhú ar lá idirnáisiúnta na mban.
Fág freagra ar 'Údar Imní ar Lá Idirnáisiúnta na mBan'