Boris Johnson – an fear gan tréithe

Ní fios fós cad a dhéanfaidh Boris Johnson nuair a leagfar an choróin ar a cheann. Seans nach bhfuil a fhios aige féin ach oiread…

Boris Johnson – an fear gan tréithe

Idir 1930 agus 1942, an bhliain a bhfuair sé bás, scríobh an t-údar Ostarach, Robert Musil, úrscéal cáiliúil mar gheall ar chliseadh na nua-aoise, Der Mann ohne Eigenschaften.

‘An fear gan tréithe’ an Ghaelainn ar an teideal sin. Déanfaidh an téarma sin an chúis go breá agus an chéad Phríomh-Aire eile sa Bhreatain, Boris Johnson, faoi chaibidil againn. Ní bheidh Jeremy Hunt in ann stop a chur leis, agus is léir gur in Chequers, teach tuaithe breá príobháideach phríomh-airí na Breataine ó ré Lloyd George,  a bheidh Johnson ag caitheamh an tsamhraidh.

Ní raibh buantréith ar bith le haithint ar phearsantacht Johnson ina shaol polaitiúil. Níl aon tréithe ag baint leis, beag ná mór. Ghoidfeadh sé a bhfuil i do phóca agat lá amháin, agus déarfadh sé leat an chéad lá eile go raibh sé sásta cabhair a thabhairt duit an t-airgead a chuardach.

Gheall sé mí ó shin nuair a bhí Theresa May ag dul go tóin poill nach raibh amhras ar bith air ach go n-imeodh an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach aar n 31 Deireadh Fómhair, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Níl sé ag rá an méid seo fé láthair, áfach. Port nua a bhí le cloisteáil uaidh an tseachtain seo, nuair a mhaígh sé go raibh ‘seans iontach’ ag an mBreatain imeacht as an Aontas Eorpach i mí Dheireadh Fómhair.

Bhí sé á rá ag roinnt de na daoine a vótáil ar a shon san fheachtas ceannaireachta, go raibh seans ann gurbh amhlaidh go bhfógródh Johnson olltoghchán le linn an tsamhraidh, nó reifreann eile, fiú amháin. Ceapann daoine eile gurb é Boris Johnson féin an t-aon pholaiteoir sa Bhreatain a bheadh in ann an Breatimeacht a chur ar leataobh agus ansin an scéal a mhíniú don 17.4 milliún atá ag tnúth le himeacht na tíre as an Aontas Eorpach.

Baineann na daoine seo leas as an meafar polaitiúil ‘Nixon ag dul chun na Síne’ chun léargas a thabhairt ar cad atá i gceist acu i gcás Johnson. I 1972 thug Richard Milhous Nixon turas stairiúil go dtí an tSín, in ainneoin rialtas cumannach na tíre sin a bheith á cháineadh go fíochmhar ó 1949.

Deirtear nach raibh sé de chumas an uair sin ag aon duine eile seachas polaiteoir frithChumannach aitheantas a thabhairt do dhlisteanacht na gCumannach, agus, mar an gcéanna, go dteastóidh Brexiteer nó Breatimeachtóir chun an Breatimeacht a chur ar ceal.

Rinne Johnson athrú mór eile le déanaí ar a pholasaí eacnamaíochta. Cúpla mí ó shin, gheall sé go ndéanfadh sé an ráta cánach do na saoránaigh is saibhre sa tír a laghdú sa chéad bhuiséad a bheadh ag a rialtas nua. Níor thug sé a leithéid de ghealltanas arís an tseachtain seo, áfach.

Ba bhreá leis an ráta cánach a ísliú, arsa Johnson le déanaí, ach ní raibh le tairiscint aige oíche na díospóireachta beo ar an mBBC ach desideratum lag. Ní fios fós cad a dhéanfaidh Johnson nuair a leagfar an choróin ar a cheann. Seans nach bhfuil sé féin in ann a rá go fóill céard a dhéanfaidh sé.

Cuireann a chuid pleidhcíochta saothar Musil i gcuimhne dúinn cinnte, ach tá sé cosúil freisin leis an bpolaiteoir i Gulliver’s Travels a foilsíodh fadó in 1726. Nuair a bhuaileann Gulliver le rí na gcapall i réigiún na Houyhnhnms, cuireann an rí ceist air mar gheall ar a thír féin. Cad as dó? Cé atá i gceannas san áit sin? An bhfuil rí acu? Míníonn Gulliver dó gur as Sasana é, agus go bhfuil rí acu cinnte, ach nach bhfuil sé i gceannas i ndáiríre toisc go bhfuil príomh-aire acu freisin: “…an chéad-aire nó príomhaire an stáit… is créatúr é atá gan lúcháir ná brón, grá ná fuath, trua ná fearg…cuireann sé a chuid focal ag obair ar mhaithe leis an uile shórt a dhéanamh, seachas a intinn féin a nochtadh”.

[“ a first or chief minister of state…was the creature wholly exempt from joy and grief, love and hatred, pity and anger…he applied his words to all uses, except to the indication of his mind.”]

Cur síos den scoth é sin ar an gcéad Phríomh-Aire eile a bheidh ar an . 

Fág freagra ar 'Boris Johnson – an fear gan tréithe'