Ríona Hely as Inis, contae an Chláir a bhuaigh Bonn Óir Sheáin Uí Riada 2026.
Bhí an comórtas dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail i mbliana, an bosca ceoil, an consairtín agus an t-orgán béil. Ba iad Mary MacNamara as contae an Chláir, a chasann an consairtín, agus na boscadóirí Johnny Óg Connolly agus Danny O’Mahony a bhí i mbun na moltóireachta i mbliana.

Bhí 15 ceoltóir as na ceithre hairde, beirt as Meiriceá ina measc, san iomaíocht don duais i mbliana. Bronnadh an bonn óir, a dhear Niamh Utsch, agus €2,500 ar Ríona Hely.
Tá sí i mbun céim sa Cheol agus sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá suim faoi leith aici i seanstíl an chonsairtín, agus bhí tionchar mór ag Elizabeth Crotty agus Kitty Hayes ar a cuid ceoil.
Peadar Ó Riada, mac Sheáin Uí Riadha, a chuir comórtas Bonn Óir Seán Ó Riada i láthair agus craoladh an ócáid beo ar Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is féidir éisteacht siar le comórtas na bliana seo ar shuíomh idirlín RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Bonn Óir Seán Ó Riada 2026 buaite ag Ríona Hely as contae an Chláir'