Bónas beag agus bualadh bos d’oibrithe sláinte – sop in áit na scuaibe 

Tuarastal maith cóir an bealach is fearr chun a saothar a chúiteamh leis na hoibrithe sláinte a chuir comaoin thar cuimse orainn le linn na paindéime

Bónas beag agus bualadh bos d’oibrithe sláinte – sop in áit na scuaibe 

Bhí an bualadh bos uair sa tseachtain go deas. Bhí sé éasca nuair a bhí an aimsir bhreá ann. Aitheantas ab ea é ar an obair mhór, chontúirteach a bhí idir lámha ag oibrithe sláinte. Gach seans gur mó an sásamh a bhain lucht buailte na mbos as na taispeántais ná mar a bhain altraí, dochtúirí, cúramóirí, glantóirí agus paraimhíochaineoirí. 

Ó tá an t-ualach eisceachtúil sin á iompar ag na hoibrithe le bliain, nach mór, tá aird á díriú arís ar bhealaí chun an íobairt a aithint. D’fhógair an tAire Sláinte in Stormont, Robin Swann le déanaí gur theastaigh uaidh íocaíocht speisialta £500 an duine a cheadú do gach oibrí sláinte. Ní chuirfeadh éinne ach cancrán ina choinne sin; is beag an tabhartas é i bhfianaise a bhfuil fulaingthe acu.

Ach tá deacrachtaí ag baint leis agus ní réiteach ar bith é ar an bhfadhb a bhaineann le pá agus leis an gcóras pá sa tseirbhís sláinte. Níl aon dabht ach gur tuarastal maith cóir an bealach is fearr chun a saothar a chúiteamh leis na hoibrithe sláinte a chuir comaoin thar cuimse orainn le linn na paindéime. Tá cuid de na hoibrithe sa chóras sláinte ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, loghadh cánach agus fiú ag baint leas as bancanna bia. Ní leigheasfaidh íocaíocht shingil £500 an t-easnamh sin.

D’fháiltigh na ceardchumainn UNISON, NIPSA, GMB agus UNITE roimh chinneadh Robin Swann. Bhí beart níos nithiúla ná bualadh bos tuillte ag an bhfoireann, ar siad. Leag siad béim air áfach nach raibh ann ach bónas agus nach nglacfaí leis mar mhalairt ar ardú pá a bhí á éileamh le fada. D’fháiltigh siad freisin roimh gheallúint ón Aire go n-iarrfadh sé ar na húdaráis airgeadais féachaint chuige nach ngearrfaí cáin air nó nach gcaillfeadh daoine creidmheas cánach.

Gearrtar cáin ar bhónais go hiondúil. Má táthar chun a chinntiú go bhfaighidh oibrithe an £500 ina iomláine caithfear treoir pholaitiúil a thabhairt don Oifig Chánach, HMRC. Nó tá dhá rogha eile ag an bhfostóir, an Roinn Sláinte is cosúil. D’fhéadfaidís an tsuim a chomhlánú – sé sin, an cháin a íoc ionas go bhfaigheadh an fostaí an £500 ar fad ina ghlaic. Ar an láimh eile d’fhéadfaí an tsuim iomlán a íoc isteach i gciste pinsin an oibrí: bheadh sé saor ó cháin ar an dóigh sin ach ní bhfaigheadh an fostaí pingin go ceann i bhfad. Ba bheag an chabhair é sin sa ngearrthéarma do dhaoine atá beo bocht.

Níl na socruithe beachtaithe go fóill. Is as buiséad a Roinne a gheobhaidh Robin Swann an t-airgead chun an bónas a íoc. Áirítear go gcosnódh sé thart ar £35 milliún ar a laghad. Más í an Roinn Sláinte a chaithfidh an cháin ioncaim a íoc beidh an costas i bhfad níos airde mar tá an bónas ag dul do gach oibrí, iad siúd atá ar thuarastal ard agus ar ráta cánach ard san áireamh. Ní fios fós cathain a dhéanfar na híocaíochtaí.

Ní hé an bónas £500 an t-aon íocaíocht sa bhreis a d’fhógair an tAire Swann. Gheall se freisin go bhfaigheadh gach mac léinn altranais a bhí ar thaithí oibre neamhíoctha £2,000 an duine. Tá na mionsonraí faoi chaibidil fós ach má tá na mic léinn ar ioncam faoi bhun £12,500 sa bhliain ní gá cáin a íoc. Tá rún ag Robin Swann íocaíocht speisialta a cheadú do chúramóirí freisin ach níl an plean oibrithe amach go fóill.

Is maith ann na híocaíochtaí seo ach is léiriú soiléir iad ar chomh míshásúil is atá na coinníollacha oibre d’an-chuid de na fostaithe sa tseirbhís sláinte. Tá sé doghlactha go bhfuil líon mór díobh i measc na n-oibrithe atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus/nó cabhair bhreise ó bhancanna bia nó éadaigh. Beidh brú ar an Roinn agus ar Robin Swann an córas a leasú ó bhonn nuair a bheidh an phaindéim curtha dínn; caithfidh feabhas ar choinníollacha fostaíochta a bheith lárnach san obair atheagraithe. 

Fág freagra ar 'Bónas beag agus bualadh bos d’oibrithe sláinte – sop in áit na scuaibe '