‘Bodhaire Uí Laoghaire’ curtha i leith Joe McHugh atá ‘sásta’ bualadh le muintir Árann faoin aersheirbhís

Thug an tAire Stáit McHugh le fios sa Dáil inné go raibh sé sásta bualadh le muintir na n-oileán má bhí aon údar ‘imní’ acu faoin tseirbhís aeir go dtí na hoileáin Ghaeltachta

‘Bodhaire Uí Laoghaire’ curtha i leith Joe McHugh atá ‘sásta’ bualadh le muintir Árann faoin aersheirbhís

Cuireadh i leith Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil inné go raibh “bodhaire Uí Laoghaire” air más fíor nár chuala sé “aon ghearán” maidir le ceist na seirbhíse aeriompair d’oileáin Árann.

Thug an tAire Stáit McHugh le fios sa Dáil inné go raibh sé sásta bualadh le muintir na n-oileán má bhí aon údar “imní” acu faoin tseirbhís agus go gcuirfeadh sé fáilte roimh “aon sonraí breise” faoin scéal.

Éamon Ó Cuív a dúirt go raibh ‘bodhaire Uí Laoghaire’ ar Joe McHugh mar, dar leis an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, nach gcloiseann an tAire Stáit ach “an méid a theastaíonn uaidh a chloisteáil”.

Dúirt Ó Cuív dá mbeadh an tAire Stáit sásta castáil le muintir Árann chun ceist na seirbhíse a phlé go gcuirfeadh an méid a chloisfeadh sé “ionadh an tsaoil air”.

Dar leis an Teachta Dála Ó Cuív nach bhfuil muintir Árann sásta leis an leibhéal seirbhíse atá á chur ar fáil dóibh faoi láthair agus gur gá go mbeadh comhoibriú níos mó idir Roinn na Gaeltachta agus Aer Arann Islands le cinntiú go mbeadh níos mó eitiltí ag freastal ar na hoileáin Ghaeltachta.

Fág freagra ar '‘Bodhaire Uí Laoghaire’ curtha i leith Joe McHugh atá ‘sásta’ bualadh le muintir Árann faoin aersheirbhís'