Bliain go leith príosúin curtha ar fhear a rinne ionsaí ar Chathal Mac Coille

Phléadáil Gary Gibson, 28, arb as Sráid Dorset Uachtair é, ciontach i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath inniu as ionsaí a dhéanamh ar an iriseoir iomráiteach Cathal Mac Coille agus as iarracht a dhéanamh rothar a ghoid

Bliain go leith príosúin curtha ar fhear a rinne ionsaí ar Chathal Mac Coille

Tá bliain go leith príosúin curtha ar fhear a rinne ionsaí ar an gcraoltóir aitheanta agus colúnaí le Tuairisc.ie Cathal Mac Coille.

Chualathas sa chúirt i mBaile Átha Cliath gur  léim, Gary Gibson, athair 28 bliain d’aois,  isteach sa chanáil agus é ar a theitheadh ó na Gardaí a tháinig ar an láthair i ndiaidh an ionsaithe.

Tharla an t-ionsaí nuair a rinne Gibson iarracht rothar a ghoid lasmuigh ar bhóthar Bhaile Phib.

Tháinig úinéir an rothair ar Gibson agus thosaigh sí ag iarraidh cúnaimh. Bhí Cathal Mac Coille ag páirceáil a rothar féin ag an am agus chuaigh sé i gcabhair ar úinéir an rothair trí fhógairt ar an ngadaí. Thug Gibson buille sa cheann don iriseoir le gearrthóir boltaí.

Phléadáil Gibson, arb as Sráid Dorset Uachtair é, ciontach i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath as ionsaí a dhéanamh ar Chathal Mac Coille agus as iarracht ar ghadaíocht a dhéanamh ar an 3 Iúil, 2018.

Phléadáil sé ciontach chomh maith as scian ghéar Stanley a bheith ina sheilbh aige i Stáisiún Gardaí Mhuinseo an lá céanna.

Chuir an Breitheamh Melanie Greally dhá bhliain go leith priosúin ar Gibson ach chuir sí bliain amháin de sin ar fionraí.

Tuairiscíodh go raibh cnap agus leonadh ar cheann Chathail Mhic Coille i ndiaidh an ionsaithe agus go mb’éigean dó sos a thógáil óna chuid oibre ar feadh trí seachtaine, clár faoi chuairt an Phápa ar Éirinn do TG4 san áireamh.

Dúradh sa chúirt gur fhan an gadaí agus ionsaitheoir deich nóiméad san uisce agus é sáinnithe ag na Gardaí.

Nuair a tháinig sé amach as an uisce fuarthas go raibh scian Stanley aige agus dúirt sé leis na Gardaí­ go raibh a leithéid aige chun cabhrú leis rothar a ghoid.

Theastaigh rothar uaidh le dul ag obair ach ba chóir dó ceann a fháil “ar an mbealach ceart”, a dúirt Gibson.

Fág freagra ar 'Bliain go leith príosúin curtha ar fhear a rinne ionsaí ar Chathal Mac Coille'