Bíonn knack-annaí ag baint le chuile theach

Bíonn cleas nó dhó ag baint le le chuile theach agus ní bhíonn a fhios agat é nó go mbíonn tú i do sheasamh sa mbáisteach ag iarraidh glas a chur ar an doras tosaigh

Bíonn knack-annaí ag baint le chuile theach

Ba cheart dom dháiríre cuimhneamh ceart orm fhéin sular dhúirt mé le mo mhuintir go dtabharfadh muid aire don teach ar feadh seachtaine dóibh an fhad is a bheidís féin ar saoire.

Rinne mé dearmad go bhfuil knack-annaí  le chuile theach agus ní bhíonn a fhios agat é nó go mbíonn tú i do sheasamh sa mbáisteach ag iarraidh glas a chur ar an doras tosaigh, nó ag iarraidh córas casta na mboscaí bruscair a thuiscint, nó a dhéanamh amach cén fáth sa diabhail go bhfuil seacht gcéad zaipire sa teach agus meas tú cé acu ceann a chuirfidh an teilí ar siúl?

Dá gcuirfí ceist ort cén chaoi a gcuirfeá glas ar dhoras, is dócha go ndéarfá rud éicint ar nós, ‘Dún an doras ar dtús, cuir an eochair sa nglas, cas an eochair agus tá leat.’

Ach níor tháinig mise trasna ar aon doras fós nach bhfuil cleas éicint leis. Beidh ort lámh an dorais a tharraingt suas ar dtús, nó a tharraingt síos, nó síos agus suas is anonn is anall.

Is é an rud faoi ná go ndéanann chuile dhuine é seo i ngan fhios dóibh féin agus bíonn sé an-deacair againn an t-eolas a thabhairt do dhuine éicint eile nuair a theastaíonn sé go géar.

Go hiondúil, beidh tú ag éisteacht leis na treoracha ar an bhfón ar dhrochlíne. Tá sé ar nós a bheith ag iarraidh cluiche peile a shamhlú i d’intinn is tú ag éisteacht leis ar an raidió sa gcarr.

‘Ar chroith tú an eochair?’

‘Chroith.’

‘Ar tharraing tú suas lámh an dorais ar dtús?’

‘Tharraing.’

‘Ar tharraing tú an doras chugat ruainne agus ansin an eochair a chroitheadh ruainne is an doras a bhrú uait arís ruainne agus síos ruainne ag an am céanna?’

‘An bhfuil tú ag magadh fúm?’

Is measa fós an teilifís. Má bhíonn ort an teilifís a chur ar siúl i

dteach duine éicint eile, tá sé chomh maith agat dearmad a dhéanamh air agus bualadh faoin gcniotáil nó solitaire.

‘Ar bhrúigh tú an cnaipe source?’

‘Hea?’

‘Tá cnaipe beag thuas ag barr an zaipire agus sórt saighidín ag dul tríd, Brúigh é sin. Ansin roghnaigh hdmi.’

‘H. D. Céard?

Dá gcuirfeá ceist ormsa an bhfuil aon eolas speisialta ag teastáil chun lá a chaitheamh sa teach s’againne, déarfainnse nach raibh, ach go mb’fhéidir go ndéarfainn leat seit plugaí cluaise a thabhairt leat agus soláthar Cadbury’s Buttons ar mhaithe le cúrsaí breabaireachta.

Nó b’in a cheap mé go dtí an lá cheana nuair a bhí mo chara ag tabhairt aire do na gasúir dúinn. Thosaigh na téacsanna ag teacht go tréan.

‘Cén córas atá agaibh leis na boscaí bruscair?’ ‘An dtéann bia sa mbin glas?’ ‘Cén zaipire a chuireann an teilí ag obair?’ ‘Cén chaoi a gcuirfidh mé an triomadóir ag imeacht?’

B’fhearr dom glaoch uirthi, a chuimhnigh mé, tá knack leis na rudaí sin.

Fág freagra ar 'Bíonn knack-annaí ag baint le chuile theach'