Bímis ag súil nach bolg le gréin i Lanzarote atá sióg na bhfiacla an geábh seo…

Ní hé go bhfuil sióg na bhfiacla dearmadach, ach ní raibh aon duine ag déanamh a cuid oibre an fhad is a bhí sí féin thar sáile

Bímis ag súil nach bolg le gréin i Lanzarote atá sióg na bhfiacla an geábh seo…

‘Tá súil agam nach mbeidh an tsióg imithe ar laethanta saoire go Lanzarote arís an uair seo,’ a dúirt an Cailín Mór Beag agus litir bheag á réiteach aici le cur isteach faoin bpiliúr do shióg na bhfiacla.

‘Drochsheans go mbeadh sí imithe ar saoire arís chomh luath seo,’ a dúirt mé, cé go gcaithfinn a admháil nach aon saineolaí mé ar theidlíocht reachtúil laethanta saoire shióg na bhfiacla.

Níor chuimhnigh mé go raibh moill ar shióg na bhfiacla an uair dheireanach a raibh beart ag an gCailín Mór Beag di.

‘Bhí mé ag fanacht trí lá léi!’ a dúirt sí agus í ag gáire faoi na deacrachtaí beaga a bhíonn ann le córas bailiúcháin na sióg ó am go chéile.

Ní hé go bhfuil sióg na bhfiacla dearmadach, ach ní raibh aon duine ag déanamh a cuid oibre an fhad is a bhí sí féin thar sáile. Murach sin, is cinnte go mbeadh an fhiacail bailithe aici an chéad oíche. Nó is mar sin a rinne an tsióg cur síos ar an scéal sa litir a d’fhág sí faoin bpiliúr in éineacht leis an airgead.

‘Ní ghabhfaidh sé amú uirthi an uair seo,’ a deir an Cailín Mór Beag agus a litir féin á réiteach aici an lá cheana. ‘Breathnaigh, rinne mé pictiúr d’fhiacail agus ciorcal mór dearg timpeall uirthi.’

‘Is as Gaillimh mo shiógsa ar aon chaoi,’ a d’fhógair an Babaí, ‘ní bhíonn sé imithe go Lanzarote ar chor ar bith.’

(Dála an scéil, má tá tú a cheapadh go bhfuil an Babaí ró-óg le haon éileamh a bheith aige ar shióg na bhfiacla, tá an ceart agat. Ní déarfaidh mé ach go raibh píosa mór Lego agus tarraingt láidir go leor i gceist.)

Cheap mé go dtí an nóiméad sin nach raibh sa domhan uilig ach sióg na bhfiacla amháin. Is cosúil go raibh dul amú orm.

Cheap mé freisin gur bean í sióg na bhfiacla, ach is cosúil gur fostóir comhdheiseanna é an Foras um Bailithe Fiacla is go bhfuil fir fostaithe acu freisin.

Cé nár dhúirt an Babaí amach é, thuigfeá óna chuid cainte go raibh sé den tuairim go bhfuil a shióg féin níos díograisí ná sióga eile a bhféadfaí trácht orthu. Sióga, mar shampla, a bhíonn sínte ar an trá.

Ba léir gur ghoill a chuid cainte ar an gCailín Mór Beag. Ach an oiread le do chlann, is rud amháin é a bheith ag ealaín is ag gáire faoi do shióg féin, ach go bhfóire Dia ar aon duine eile a mbeadh rud éicint le rá acu fúithi.

‘Is as GAILLIMH mo shiógsa freisin!’ a dúirt sí, ‘bhí sí imithe ar LAETHANTA SAOIRE go Lanzarote! Tá cead aici imeacht ar laethanta saoire’.

‘Hmmm,’ arsa an Babaí.

Fág freagra ar 'Bímis ag súil nach bolg le gréin i Lanzarote atá sióg na bhfiacla an geábh seo…'

  • Colmcille Ó Monacháin

    Bíonn na sióga gnoitheach. An raibh a fhios agat go mbíonn siad ag bailiú fiacla ó pháistí beaga thar lear? Cá bhfios nach ag obair a bhí an tsióg údaí a chuaigh go Lanzarote? Thig siad chun na Bruiséile fosta. Ach baineann sé suas le trí nó ceithre lá astu theacht anall. Ach tá feabhas mór ar chúrsaí anois le cúpla bliain, ó síníodh comhaontú déthaobhach idir luchóga na Beilge agus sióga na hÉireann. Sea, is ag smugláil fiacal a bhítí go dtí sin, agus monuar is iomaí fiacail a fágadh seachtain faoi cheannadhairt. (Luchóga a bhíonn á mbailiú sa Bheilg.)