‘Bímis ag súil le laethanta geala an tsamhraidh’ – plean athoscailte an stáit fógartha ag an Taoiseach

‘An dea-scéal atá againn ná go bhfuil an straitéis ag obair,’ a dúirt an Taoiseach Micheál Martin agus scaoileadh na srianta dianghlasála á fhógairt tráthnóna aige

‘Bímis ag súil le laethanta geala an tsamhraidh’ – plean athoscailte an stáit fógartha ag an Taoiseach

Féadaimid ar fad a bheith ag “súil le laethanta geala an tsamhraidh” a dúirt an Taoiseach tráthnóna agus na socruithe maidir le hathoscailt an stáit á bhfógairt aige.

Ag iompú ar an nGaeilge ag deireadh a óráide, dúirt Micheál Martin go raibh “gaisce” déanta ag muintir na hÉireann cloí “go coinsiasach” leis na srianta. 

Thagair sé ansin don samhradh a bheith ag teacht, do dhán Sheáin Uí Ríordáin, ‘Fill Arís’ agus do “thráthnóna gréine” i gCorca Dhuibhne.

Dúirt an Taoiseach gur tráth an dóchais é.

“An dea-scéal atá againn ná go bhfuil an straitéis ag obair,” a dúirt Micheál Martin agus scaoileadh na srianta dianghlasála á fhógairt tráthnóna aige.

“A bhuíochas leis an obair dhian agus na híobairtí atá déanta agaibh, is fearr anois ár gcás,” a dúirt sé. 

Dúirt sé go mbeadh dáileog vacsaíne faighte ag 1.5 milliún duine faoi dheireadh an lae innu. B’ionann é seo agus gar do 30% de dhaoine os cionn 16. 

Dúirt sé, áfach, go gcaithfí súil ghéar a choinneáil ar chineálacha nua den ghalar atá contúirteach agus nach mór ceachtanna a fhoghlaim ó thíortha eile ina bhfuil drochráig den ghalar arís. 

D’aontaigh an Rialtas níos luaithe tráthnóna plean athoscailte an stáit don samhradh faoina dtabharfar cead bóthair ar fud na tíre do dhaoine ón 10 Bealtaine.

Ar an 10 Bealtaine chomh maith a bheidh seirbhísí pearsanta amhail gruaigeadóirí ar ais i mbun oibre. Beidh músaeim, dánlanna agus leabharlanna ar oscailt arís an lá sin agus beidh spóirt foirne ceadaithe.

Tabharfar cead seirbhísí eaglasta a reáchtáil agus beidh slua 50 duine ceadaithe ag aifrinn, póstaí agus sochraidí. Ní bheidh cead ach ag seisear ag bainiseacha taobh istigh agus 15 ag bainiseacha taobh amuigh.

Beidh cead ag trí líon tí cruinniú le chéile i ngairdíní tí ón 10 Bealtaine.

Ón lá céanna amach beidh cead ag daoine ó theaghlach amháin a bhfuil an vacsaín faighte acu bualadh taobh istigh le daoine ó theaghlach amháin eile nach bhfuil an vacsaín faighte acu.

Ar an 17 Bealtaine a osclóidh na siopaí i gceart.

Beidh cead gnó ag óstáin, tithe lóistín, lóistín féinfhreastail agus carbháin ar an 2 Meitheamh agus beidh cead seirbhís faoin aer ag tithe tábhairne agus bialanna ar an 7 Meitheamh. An lá céanna a osclófar linnte snámha agus ionaid aclaíochta. Beidh cead athoscailte chomh maith an lá sin ag pictiúrlanna.

Ar mhaithe le cothrom na Féinne in earnáil an fháilteachais, tabharfar cead do thithe ósta nach gcuireann aon bhia ar fáil oscailt ag an am céanna leis na cinn eile agus freastal ar a gcuid custaiméirí faoi na srianta céanna ach d’fhéadfadh go mbeadh lár an tsamhraidh againn sula mbeadh seirbhís laistigh ceadaithe.

Is ionann sin agus a rá go mbeadh deireadh leis an gcoinníoll go gcaithfeadh tithe ósta béile téagartha a chur ar fáil dá mba leo oscailt. An té a raibh fonn óil air, bhíodh air luach €9 de bhéile a cheannach i mbialanna agus tithe ósta nuair a scaoileadh na srianta de bheagán an uair dheiridh.

Fág freagra ar '‘Bímis ag súil le laethanta geala an tsamhraidh’ – plean athoscailte an stáit fógartha ag an Taoiseach'