‘Bím ag scríobh sa tslí chéanna is a bhím ag péinteáil’ – Liam Ó Néill ag féachaint siar ar a shaol

 Tá meascán de shaothar ealaíne agus dánta próis sa leabhar nua leis an sárealaíontóir Duibhneach Liam Ó Néill. Labhair sé le Tuairisc

‘Bím ag scríobh sa tslí chéanna is a bhím ag péinteáil’ – Liam Ó Néill ag féachaint siar ar a shaol

Dhá scór bliain atá Liam Ó Néill, an sárealaíontóir as Corca Dhuibhne, ag gabháil don phéinteáil agus i mbliana tá sé ag ceiliúradh trí scór bliain go leith ó rugadh é ‘ag barr an staighre’ sa mbaile i gCathair Scoilbín i gCorca Dhuibhne.

Tá leabhar nua leis, Riastáil, foilsithe ag Dingle Publishing, ina bhfuil meascán de shaothar ealaíne agus dánta próis ina ndéanann sé ceiliúradh agus comóradh ann ar mhuintir Chorca Dhuibhne agus ar an áit inar tógadh é agus inar chaith sé formhór a shaoil.

Spleodar dathanna ceann de na gnéithe suntasacha atá le feiceáil i bpictiúir Uí Néill agus marcanna láidre péinte ar an gcanbhás a chuireann brí agus beocht i láthair. Tá an machnamh agus an phéinteáil fite fuaite ina chéile agus Corca Dhuibhne atá mar thobar inspioráide aige.

“Nuair a bhím ag péinteáil bíonn an raidió ag siúl sa chúlra agam, ach ní bhím ag éisteacht róghrinn leis. De réir mar a bheidh pictiúr á phéinteáil agam beidh mé ag cumadh scéalta freisin. Thosaigh mé á scríobh síos agus nuair a thaispeáin mé do dhaoine iad mheasadar go rabhadar ar nós dánta, dánta próis. Tá na dathanna sna dánta ana-thábhachtach dom agus bím ag iarraidh pictiúr a tharraingt leis na focail.”

Is é Riastáil an chéad uair aige a shaothar scríofa a chur i gcló cé go raibh pictiúir a rinne sé le feiceáil roimhe seo sa leabhar Corca Dhuibhne a d’fhoilsigh Brandon Books sa mbliain 2010. Measann sé go dtagann na focail agus na pictiúir ón áit chéanna ina cheann.

“Bím ag scríobh sa tslí chéanna is a bhím ag péinteáil. Tá na línte scríte mar a bheidís tarraingthe le scian. Nuair a thosnaíos ag péinteáil daichead bliain ó shin bhí mé ag iarraidh na pictiúir a tharraingt ar dtús, ach anois bíonn níos mó suime agam sna dathanna. Bím tógtha leis an slí go mbíonn dath amháin ag dul leis an dath eile, ag cur leis nó ag baint as.”

Chaith Liam fiche bliain mar mhúinteoir scoile sular thug sé faoin bpéinteáil go lánaimseartha. Bhí sé ina mhúinteoir speisialta agus é ag múineadh in Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath. Thaitin an obair go mór leis ach d’éirigh sé as sa mbliain 1996 nuair a bhí an obair ealaíne ag teacht chun cinn agus ní raibh sé in ann an dá thrá a fhreastal. Tháinig sé ar ais go Corca Dhuibhne roinnt blianta ina dhiaidh sin áit a bhfuil stiúideo anois aige.

“Thugas fiche bliain ana-shásta ag múinteoireacht. Ba bhreá liom na leanaí sa rang speisialta mar bhíodar ag déanamh na rudaí céanna is a dhéanaim féin. Bhímis ag péinteáil gach aon mhaidin. An chéad rud ar maidin thugainn bia dóibh. Leis na leanaí chaithfeá a mbolg a líonadh ar dtús agus ansin thosnaímis ag péinteáil. An chéad rud eile ansan deiridís féinig –  ghlaoidís ‘Sir’ orm, ach ná bac leis sin –  “Sir, can we do some reading?” Ansin bheinn ag rá leo suígí síos ansan agus tosaigh ag léamh nó tosaigh ag scríobh scéil. Ní raibh sé sin ag teacht leis an tslí a raibh na scoileanna ag an am.”

Ag péinteáil leis an scian phailéid a bhíonn sé agus meabhraíonn sé dó an obair a dhéanadh a athair ar an speal.

“Bhí mé ag cuimhneamh air sin le déanaí agus ar an scian a bhíonn á húsáid agam ag péinteáil, sin é a chuir an dán faoi m’athair isteach i mo cheann. Ghlaos An Fathach ar m’athair. Bhíodh sé ag rá liomsa conas an faobhar a chur ar an speal, deireadh sé ’Má tá faobhar agat, a gharsúin, ní bheidh aon cheal ort go deo’. Fear a raibh faobhar aige bhí sé in ann gach aon ní a dhéanamh.”

Tá machnamh á dhéanamh aige ar an athrú a tháinig ar an saol in imeacht glúin amháin. ‘Na Fathaigh’ a thugann sé ar na daoine a bhí ann sna glúnta a d’imigh roimhe.

“Sin é an leabhar, casadh an tsaoil, an chaoi a bhfuil an saol athraithe. Sin iad an t-aon ghlúin a chífeadh an seansaol agus an saol a bhí romhainn. Bhí m’athair ag déanamh an rud céanna is a bhí a athair siúd. Ba é John m’athair, Eugene mo sheanathair, Bill, a athair siúd arís, níor athraigh an saol in aon chor idir na glúnta sin. Ach d’athraigh an saol ar fad le mo ghlúinse, n’fheadar an bhfuil sé go maith nó go holc, n’fheadar sinn fós.”

An t-aonú lá fichead de mhí na Nollag 1954 an dáta breithe atá luaite ar a theastas breithe ach deireadh a mháthair i gcónaí gur ar an 24ú lá, Oíche Nollag, a rugadh é. “I should know,” a chuala sé í ag rá le duine éigin tráth, “I was there!”

Tá athshamhlú déanta aige ar an oíche a rugadh é sa dán ‘Oíche Nollag 1954’. Rugadh Liam “sa seomra beag ag barr an staighre” sa mbaile i gCathair Scoilbín i gCorca Dhuibhne. Ba é an tríú duine déag é de cheathrar déag clainne ag John agus Meaigín. Tá Riastáil tiomnaithe aige dá mhuintir féin agus do mhuintir Chorca Dhuibhne.

“Dheineas cur síos ar gach aon duine acu sa dán faoin oíche ar tháinig mé ar an saol. Bhí fear amháin tagtha abhaile ón Korean War agus dheineas cuntas a thabhairt air sin. Bhí bean istigh ón oileán, Súilleabhánach a bhí inti, bhí bráthair ann a bhí thall sa Nigéir, só chuireas an bráthair ann ag teacht go dtí an tigh, é age  baile as an Nigéir don Nollaig. Bhí gach aon saghas duine ar an mbaile, bhí gabha age baile agus fíodóir, siúinéir… Tharraing mé gach aon duine i gCathair Scoilbín isteach go dtí an tigh. Ach ní thángadar in aon chor, a’ dtuigeann tú, ach i m’aigne féin a thángadar. Bhí mé ag iarraidh na daoine ar fad a bhí age baile a chur isteach sa dán.”

Tarraingíonn sé pictiúr den teach sa mbaile agus tugann sé súil isteach ar an bpobal agus ar shaol na ndaoine.

“Bhí gach éinne ar ais ar an mbaile an uair sin don Nollaig. Thug gach aon duine acu rud éigin leo go dtí an tigh, crúibíní, nó bainne, nó mairteoil nó swiss roll. Bhí yanks timpeall agus thugas isteach na yanks. Mo dheirfiúracha agus iadsan ag déanamh suas an tí. An cuileann… Bhí sé an-áisiúil domsa gur tháinig ar an saol faoi Nollaig chun dán a scríobh agus dathanna a chur ann, b’in an t-am a bhí oiriúnach!”

Tá dhá leagan de Riastáil á chur i gcló ag Walsh Printers in Oileán an Chaisleáin, an t-eagrán teoranta agus 200 chóip d’eagrán speisialta bailitheora a mbeidh saothar ealaíne speisialta i ngach ceann acu agus iad lámhdhéanta ag Liam Ó Néill.

*Beidh seoladh Bhaile Átha Cliath den leabhar ‘Riastáil’ ar bun i The Oriel Gallery ar an Déardaoin, 12 Nollaig ag 6:00 i.n.

Tuilleadh eolais faoi ‘Riastáil’ agus cóip den leabhar ar fáil anseo.

Fág freagra ar '‘Bím ag scríobh sa tslí chéanna is a bhím ag péinteáil’ – Liam Ó Néill ag féachaint siar ar a shaol'

  • Kerry Blue

    Ná diail an fear é!

  • Carraig

    Tá ana-chuma go léir ar an bpictiúr sin ach níl aon phraghas luaite leis!?