Bíonn dhá leagan ar gach scéal agus dhá leagan déag ar amhrán, a deirtear. Is tá a scéal féin ag an gceol dar le Johnny Óg Connolly, ceoltóir agus cumadóir ceoil as ceantar Chois Fharraige, a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aige. Beidh sraith ceoil nuachumtha á cur i láthair aige ag Scoil Gheimhridh Joe Steve an tseachtain seo. Labhair sé le Tuairisc.
Ómós an teideal atá ar an tsraith ceoil is deireanaí le Johnny Óg Connolly a bheidh le cloisteáil den chéad uair ag Scoil Gheimhridh Joe Steve an tseachtain seo.
Tá míreanna ann in ómós do dhaoine a raibh aithne aige orthu atá imithe ar shlí na fírinne, agus do dhaoine atá fós ina mbeatha. Gineann scéal scéal eile agus i gcás Johnny Óg, gineann scéal an ceol.
“Go hiondúil domsa is spreagadh ó ócáid éigin a chuireann tús le píosa nua ceoil a chumadh. Ní duine mé a shuíonn síos gach lá chun ceol nua a chumadh, tarlóidh rud éigin a chuirfidh tús leis an bpíosa ceoil i m’intinn.
“Amanta ritheann sé liom píosa ceoil a chumadh do dhuine. Má chailltear duine ar a raibh meas agam air smaoiním ar an duine sin agus an phearsantacht a bhí acu agus cumaim píosa ceoil mar gheall air sin. Mar a chéile le daoine atá beo, cuimhním ar scéal a bhaineann leo nó rud éigin a thaitníonn leo agus is minic go spreagfadh sé píosa ceoil. Caithfidh spreagadh a bheith agam.”
Beidh iníonacha Joe Steve, Aisling agus Luisne, agus a gharchlann in éineacht le Johnny Óg ag casadh ceoil ag Ómós agus iad ag déanamh ceiliúradh ar an nasc a bhí ag Joe Steve leis an gceol.
Is í an t-amhránaí sean-nóis agus craoltóir, Caitlín Ní Chualáin, a bheidh ina bean an tí ag an ócáid. Beidh an damhsóir Becky Ní Éallaithe ag glacadh páirt sa gcur i láthair freisin agus an ceoltóir Pádraig Ó Dubhghaill.
“Cheap mé go mbeadh sé go deas dá mbeadh clann Joe Steve páirteach sa gceol. Agus beidh Becky ag damhsa linn. Ceann de na píosaí a mbeidh sí ag damhsa leo ná Ócam an Phríosúin.
“Níl ach aon phíosa amháin san amhrán sin agus chuir mé píosa eile leis, cineál flaing atá ann. Aon uair a raibh mé le Tomás Tom Photch as an gCoileach sa Spidéal d’iarrainn i gcónaí air an leagan a bhí aige den amhrán sin a chasadh dom mar is aoibhinn liom an leagan atá aige. Is in ómós dósan atá an píosa sin cumtha agam.”
Tosaíonn an tsraith ceoil Ómós le váls in ómós do Cholm Ó Cadhain as an Spidéal a bhásaigh anuraidh, fear a raibh Johnny Óg an-mhór leis. Leanann sé ar aghaidh ina dhiaidh sin le máirseálacha. Ní mórán máirseálacha atá cumtha ag Johnny Óg a deir sé, ach spreagadh é le deireanas agus é ag éisteacht siar le halbam a tháinig amach as Éigse an Spidéil.
“Bhí mé ag éisteacht arís leis an albam Scaoil Amach an Pocaide le Tony McMahon agus Steve Cooney. Tháinig sé amach thart ar 2010 agus is albam beo ó Óstán na Páirce a bhí ann a taifeadadh le linn Éigse an Spidéil. An bhean ag bhí ag riaradh na hÉigse ag an am ná Caitríona Ní Oibicín, agus bhí baint aici le Tony a thabhairt go dtí an Spidéal an chéad lá riamh.
Tá sé roinnt blianta anois ó cailleadh Caitríona, ach bhí mé ag cuimhneamh uirthi is mé ag éisteacht leis an albam sin. Thart ar an am céanna bhí mé féin agus cairde liom ag dul siar go dtí an Clochán agus nuair a tháinig mé abhaile bhí mé ag cuimhneamh ar Chaitríona agus as sin a tháinig ‘Máirseáil McMahon ar an gClochán’ i gcuimhne uirthi.”
Daoine eile a bhfuil píosaí in ómós dóibh le cloisteáil sa tsraith nua ceoil ná Margaret Ní Cheannabháin agus a fear Micheál Ó Tuairisg.
“Iníon le Pádraic Tom Photch í Margaret agus í pósta le Micheál Ó Tuairisg, chum mé váls dóibh. Tá an-suim acu sa gceol agus aon am a mbíonn muid amuigh in áit éicínt bíonn sí ag iarraidh orm váls a chasadh di.”
Tá píosa ceoil in ómós do Mhaidhcín Dan Ó Droighneáin as an Spidéal a cailleadh anuraidh, sa tsraith Ómós freisin.
“Bhí mé mór le Maidhcín Dan mar go bhfeiceadh muid a chéile go minic mar go mbíodh sé isteach Tigh Mholly ar an Domhnach agus bhínnse istigh ag casadh ceoil. Bhí scéalta an-suimiúil aige faoin Spidéal agus daoine ar nós Máirtín Ó Cadhain agus an dornálaí Máirtín Thornton.”
Turas ceoil an-phearsanta atá á dhéanamh ag Johnny Óg leis an tsraith ceoil Ómós. D’fhoghlaim Johnny Óg go leor dá chuid ceoil óna athair, an boscadóir aitheanta Johnny Connolly, a cailleadh sa mbliain 2019. Thosaigh sé ag casadh ceoil nuair a bhí sé 9 mbliana d’aois agus faoin am a raibh sé 11 bliain d’aois bhí duaiseanna náisiúnta gnóthaithe aige as an gceol. Ina dhiaidh sin thaistil sé an domhan le bannaí ceoil cosúil leis Na hAncairí agus The Sean Keane Band.
Le blianta beaga anuas tá cáil bainte amach aige as a chumas mar cheoltóir agus mar chumadóir le halbaim ar nós Aisling Yoshua a ghnóthaigh an Albam Traid na Bliana an Irish Times agus an t-albam Siar i measc saothar eile. D’eisigh sé an t-albam Inis Bearachain sa mbliain 2019, albam ar a raibh ceol ar an mileodean, an uirlis cheoil ab ansa lena athair.
“Bhí m’athair agus Joe Steve an-mhór le chéile. Go minic dá mbeadh Joe ag dul in áit eicínt agus gur theastaigh ceoltóir uaidh chuirfeadh sé glaoch ar m’athair is chuaigh siad ag go leor ócáidí le chéile. Is deas anois go bhfuil an Scoil Gheimhridh ann. Bhí an oiread scríofa agus déanta ag Joe Steve is tá neart ábhar ann le haghaidh na mblianta amach romhainn. Tá sé go deas go bhfuil an ceol ann mar thaitin an ceol go mór le Joe Steve agus ar ndóigh, bíonn a chlann féin ag casadh ceoil.”
Brid Jimmy Curran
Nár laga Dia thú Johhny Óg.
Níor thit an t-úll i bhfad ón gcrann. Cumadóir é a bhfuil a chuid fréamhacha sa cheol