CULTÚR: Scoil Gheimhridh Joe Steve i gCois Fharraige, ‘Léigh is Pléigh’ agus ióga dátheangach i nDoire

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Scoil Gheimhridh Joe Steve i gCois Fharraige, ‘Léigh is Pléigh’ agus ióga dátheangach i nDoire

IMEACHTAÍ

Scoil Gheimhridh Joe Steve i gCois Fharraige

Cuirfear Scoil Gheimhridh Joe Steve ar siúl ar feadh ceithre lá i gceantar Chois Fharraige – ón 16-19 de mhí Eanáir 2025. Is in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) a bheidh formhór na n-imeachtaí ar bun ach beidh roinnt imeachtaí eile ar fud an cheantair. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl le linn na scoile, atá á reáchtáil in ómós don scríbhneoir agus aisteoir cáiliúil Joe Steve Ó Neachtain, a bhásaigh in 2020, beidh comórtas filíochta do dhaltaí bunscoile agus meánscoile, agus ceardlanna drámaíochta do dhaoine óga chomh maith le léirithe stáitse, ceoil agus plé poiblí.

Cuirfear painéal plé ar bun tráthnóna Déardaoin an 16 Eanáir ina mbeidh na glúnta,, idir dhéagóirí is ghlúnta eile i mbun cainte ar cheisteanna a bhaineann leo, is í an craoltóir Gormfhlaith Ní Thuairisg a bheidh sa gcathaoir. Cuirfidh Johnny Óg Connolly agus cairde an chéad léiriú den saothar nuachumtha ceoil ‘Ómós’ i láthair an phobail ar an Aoine, an 17 Eanáir, agus Caitlín Ní Chualáin ó RnaG a bheidh ina bean an tí.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach beidh léiriú den dráma Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain á chur ar stáitse ag buíon aisteoirí as an áit agus Ciarán Ó Fátharta á stiúradh.

Ticéid don dráma ar €10 agus le fáil anseo.

Tá clár Scoil Gheimhridh Joe Steve ar fáil ar leathanach Facebook Amharclann Chois Fharraige.

 

Ranganna ióga dátheangacha don tosaitheoir i nDoire

Beidh ranganna ióga do thosaitheoirí á reáchtáil go dátheangach i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire ón 7 go 16 Eanáir ag 7:30 i.n. Tugtar na treoracha ar dtús i mBéarla agus ansin i nGaeilge rud a fhágann go mbeidh na ranganna feiliúnach d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa araon.

Mínítear na téarmaí go sciobtha ag tús an ranga agus ansin téann an rang ar aghaidh le lárnú, análú, cleachtadh ióga agus machnamh treoraithe. Is í Sara Kadar a bheidh i bhfeighil na ranganna. Gael-Indiach í Sara a rugadh i nDoire agus arb as Kerala i nDeisceart na hIndia a muintir. Is cleachtóir ióga í agus ranganna á dteagasc aici le beagnach fiche bliain anuas. Tá spéis ar leith aici sa nasc idir an Ghaeilge agus an tSanscrait, teanga an ióga. Níl aon táille ar na ranganna ach glactar le síntiúis dheonacha.

Tá gach eolas anseo.

 

Léigh is pléigh i Siopa Leabhar Little Acorns i nDoire  

Beidh an leabhar Béal na Péiste le Fionntán de Brún á phlé ag an gcéad chruinniú eile den chlub leabhar ‘Léigh is Pléigh’ a bheidh ar bun ar an Satharn, 11 Eanáir ag 12 meán lae i siopa leabhar Little Acorns i nDoire. Bhuaigh an siopa seo an duais don siopa leabhar is fearr ag Gradam Leabhar An Post in 2024. Is í an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin atá ag eagrú na hócáide i gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin.

 

Féile dhátheangach ‘Tonnta’ i nGaillimh

Beidh an fhéile dhátheangach ‘Tonnta’ ar siúl i nGaillimh ag deireadh na míosa, ón 30 Eanáir go dtí an 2 Feabhra, 2025. Seo í an dara bliain ag an bhféile seo atá á reáchtáil ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ionaid chultúrtha ar fud na cathrach. Beidh deis eile ag lucht féachana na Gaillimhe an scannán Gaeilge Froggie a fheiceáil ar an scáileán mór, taispeánfar é sa bPálás ar an Déardaoin, 30 Eanáir ag a 8 i.n. agus beidh painéal plé ina dhiaidh. Tá léirmheas Tuairisc ar an scannán ar fáil anseo.

Ar an Aoine cuirfidh Brú Theatre saothar nua atá idir lámha acu ar stáitse sa Taibhdhearc, beidh Jiggy ag seinm sa Róisín Dubh agus beidh seoladh speisialta ar an leabhar Teacht Aniar: Meascra Dánta agus Dánta Nua le Dairena Ní Chinnéide. Tá léirmheas Tuairisc ar an gcnuasach ar fáil anseo.

Cuirfear lá mór imeachtaí ar bun ar Lá’l Bríde, an 1 Feabhra agus beidh céilí ar an bhFaiche Mhór ag tosú ag a 2 i.n., scéalaíocht do pháistí i siopa leabhar Charlie Byrne’s ar an tSráid Láir, is beidh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus Pastime Chonamara in Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire ag am lóin. Gach eolas agus clár na féile le fáil anseo.

 

‘Píosa Mé’ – grúpa sóisialta Gaeilge

Tá turas go dtí contae an Dúin á eagrú ag an ngrúpa sóisialta Gaeilge nua ‘Píosa Mé’ ar an 1 Márta agus iad ag glacadh le réamháirithintí anois trí EventBrite. Tá ráta speisialta ar fáil ar feadh tréimhse theoranta. Togra de chuid Stephanie Ní Chonchúir is ea ‘Píosa Mé’ agus é d’aidhm leis imeachtaí sóisialta do dhaoine óga a eagrú trí Ghaeilge. Cuirtear fáilte roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge chomh maith le Gaeilgeoirí líofa.

Gach eolas faoin turas ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Scoil Gheimhridh Joe Steve i gCois Fharraige, ‘Léigh is Pléigh’ agus ióga dátheangach i nDoire'