Bille i nGaeilge faighte ó Uisce Éireann ag úinéir teach tábhairne Gaeltachta i ndiaidh seacht mbliana

Deir Peadar Ó Máille, úinéir Tigh Mholly, an teach ósta aitheanta sna hAille in Indreabhán, go bhfuil ‘ríméad’ air go bhfuil réiteach ar an scéal

Bille i nGaeilge faighte ó Uisce Éireann ag úinéir teach tábhairne Gaeltachta i ndiaidh seacht mbliana

Tá bille Gaeilge faighte ó Uisce Éireann ag úinéir teach tábhairne aitheanta i nGaeltacht Chonamara i ndiaidh dó seacht mbliana a chaitheamh ag diúltú billí i mBéarla a íoc.

Dúirt Peadar Ó Máille, úinéir Tigh Mholly, an teach ósta aitheanta sna hAille in Indreabhán, go bhfuil “ríméad” air go raibh réiteach ar an scéal “faoi dheireadh”.

Táille €42.19 atá luaite ar an bhille Gaeilge a chuir Uisce Éireann chuig Ó Máille agus  an riaráiste de bhreis agus €500 glanta de bharr na ndeacrachtaí a bhí aige bille i nGaeilge a fháil ón eagraíocht le seacht mbliana anuas.

Ghabh Uisce Éireann leithscéal le cainteoirí Gaeilge as gan a bheith i dteagmháil leo “ina dteanga féin” i ndiaidh scéal a bheith foilsithe ar an suíomh seofaoi iarrachtaí úinéir Tigh Mholly billí i nGaeilge a fháil.

I ráiteas a chuir Uisce Éireann ar fáil do Tuairisc.ie maidir leis an scéal, dúradh nach bhféadfaidís aon tagairt a dhéanamh do chás an Mháilligh ach ghabhadar “leithscéal” le daoine nach raibh sásta leis an tseirbhís nó an “easpa” seirbhíse i nGaeilge a bhí á cur ar fáil acu.

Dúirt Ó Máille nach amhlaidh go raibh sé ag diúltú a chuid billí uisce a íoc ach nach n-íocfadh sé aon bhille le hUisce Éireann go dtí go gcuirfí ar fáil i nGaeilge é.

Dúirt Ó Máille nach raibh aon fhadhb aige billí uisce a íoc nuair a bhí cúrsaí soláthair uisce faoi chúram Chomhairle Chontae na Gaillimhe, toisc gur i nGaeilge amháin nó go dátheangach a chuirtí na billí sin chuige.

Chuir Ó Máille a chuid “frustrachais” faoin scéal in iúl i litir a sheol sé chuig an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Dúirt sé sa litir go raibh sé “ar theann a dhíchill” ag iarraidh bille i nGaeilge a fháil ó Uisce Éireann, agus gur scéal é a bhí gan réiteach “le blianta”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inné, dúirt Peadar Ó Maille go raibh sé “thar a bheith sásta” nach mbeadh air an scéal a phlé le hoifigigh Uisce Éireann arís.

Fág freagra ar 'Bille i nGaeilge faighte ó Uisce Éireann ag úinéir teach tábhairne Gaeltachta i ndiaidh seacht mbliana'